Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > Seirbhísí > Bóithre > Gearradh Fálta

Gearradh fálta

 Fógra d’úinéirí talun agus d’áitritheoirí

 

Mar atá leagtha síos in Acht na mBóithre 1993, cuirtear i gcuimhne d’uinéirí talún agus d’áitritheoirí  gur chóir dóibh gach iarracht réasúnach a dhéanamh chun a chinntiú nach bhfuil crainn, fálta nó fásra eile ar a dtailte contúirteach nó ina mbaol chontúirt do dhaoine a úsáideann bóthar poiblí agus nach gcuireann an fásra sin aon bhac nó chosc ar úsáid shábháilte bóthair phoiblí ná ar chothabháil bóthar poiblí. 

 

Tabhair faoi deara, le do thoil, de réir fhorálacha Alt 46 den Acht um Fhiadhúlra (Leasú) 2000 agus mar ómós do thábhacht gnáthóige ar nós na bhfálta sceach d’éanacha atá ag neadú, níl cead crainn agus fálta sceach a ghearradh ón 1 Márta go dtí 30 Lúnasa, ach amháin ar chúiseanna a bhaineann  le sláinte agus sábháilteachta poiblí.

 

 

Ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil leo siúd ar fad sa phobal a bhfuil an obair seo déanta acu cheana féin.