Faoi Alt 75 den Acht Bóithre 1993, d'fhéadfadh údarás bóithre, le hordú, bóthar poiblí a dhruidim do thrácht ar feadh tréimhse shonraithe agus ar choinníollacha ar leith, le haghaidh rás bóthair, le hoibreacha a éascú nó le haghaidh cúis ar bith eile. Leagann Alt 12 de na Rialacháin Bóithre 1994 síos riachtanais i dtaca le tréimhsí chun fógra a thabhairt, agus agóidí a dhéanamh agus a mheas.
Ag lorg druidim sealadach bóthair
Caithfear iarratas ar dhruidim sealadach bóthair a chur isteach, i scríbhinn, chuig Comhairle Contae Dhún na nGall, An Rannóg Bóithre agus Iompair, Teach an Chontae, Leifear, ar a laghad sé seachtaine roimh an dáta a bhfuil sé beartaithe an bóthar a dhruidim, le go mbeadh go leor ama ag an Chomhairle a cuid dualgas reachtúil a chomhlíonadh. Ar an iarratas caithfear an fáth atá leis an druidim a lua, chomh maith le fad ama, áit agus slí mhalartach agus léarscáil agus fianaise go bhfuil go leor cumhdach árachas dliteanais phoiblí ann.
Sula ndruidfear an bóthar, caithfidh an Chomhairle, ar a laghad, dhá sheachtain d'fhógra a thabhairt go bhfuil sé i gceist acu sin a dhéanamh, i nuachtán amháin, nó níos mó nuachtán, atá á scaipeadh sa cheantar, agus don Gharda Síochána. Caithfear trí lá, ar a laghad, a thabhairt chun agóidí a fháil i dtaca leis an druidim bóthair atá beartaithe.
Caithfear fógra breise deiridh, ar a mbeidh sonraí faoin druidim bóthair agus slite malartacha, caithfear sin a chur isteach i nuachtáin áitiúla ar a laghad seacht lá sula ndruidfear an bóthar.
Caithfidh an t-iarratasóir na costais fógraíochta i dtaca leis an druidim bóthair a íoc leis an Chomhairle.
Thíos faoi seo tá liosta de na Bóithre atá Druidte go Sealadach i nDún na nGall faoi láthair.