Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > Seirbhísí > Bóithre > Comharthaíocht Neamhúdaraithe ar Bhóithre Poiblí

Comharthaíocht Neamhúdaraithe ar Bhóithre Poiblí

De réir Acht na mBóithre 1993 agus an Achta Pleanála agus Forbartha 2000, caithfear cead na Comhairle Contae a fháil i bhfoirm ceadúnais nó  cead pleanála sula gcuirtear aon chomharthaí fógraíochta in airde ar na bóithre poiblí.

 

Tá comharthaí fógraíochta neamhúdaraithe in áiteanna éagsúla ar fud an chontae go háirithe ar na bóithre isteach chuig bailte agus sráidbhailte gránna agus go minic cothaíonn siad deacrachtaí d’úsáideoirí bóithre.

 

Seo a leanas samplaí de chomharthaí mídhleathacha - comharthaí beaga fógraíochta atá ceangailte nó in airde le tairní ar chomharthaí nó cuaillí atá ann cheana féin; comharthaí B&B, fógraí dhá chlár, cláir fhógraí móra, fógraí móra suite ar leantóirí nó ar veaineanna, chomh maith le feithiclí atá á bhfógairt le díol ar bhóithre poiblí.

 

Is é ár bpolasaí iarracht a dhéanamh na bóthar poiblí a choinneáil glan ó chomharthaí fógraíochta neamhúdaraithe de réir Alt 71 d’Acht na mBóithre 1993. Le haghaidh tuilleadh eolais léigh Polasaí Chomhairle Contae Dhún na nGall maidir le Comharthaí Fógraíochta Neamhúdaraithe ar Bhóithre Poiblí.

 

Ag baint anuas Comharthaíocht Neamhúdaraithe

 

Déanfaidh an Chomhairle socrú chun comharthaí neamhúdaraithe a bhaint agus a stóráil ar feadh tréimhse míosa tar éis an dáta a cuireadh an t-úinéir ar an eolas nó sé seachtaine ón am a baineadh é, cibé acu is faide.

 

Tabharfaidh an Chomhairle fógra don úinéir (i gcás go bhfuil ainm agus seoladh an úinéara inaitheanta go measartha furasta) go bhfuil an comhartha bainte anuas agus curtha in áit storála.  Tabharfaidh an fógra seo le fios cá bhfuil an comhartha agus gur choir é a thógáil laistigh de mhí ó dháta an fhógra nó go bhfaighfear réidh leis.

 

Beidh an Chomhairle ag iarraidh ar an duine a thagann chun an comhartha a thabhair leis, dheimhniú a thabhairt i bhfoirm scríbhinn gurb é úinéir an chomhartha é, sin nó a dheimhniú go bhfuil sé ann ar údarás an úinéara.  Caithfidh a té a thagann chun an comhartha a thabhairt leis na cost aistí a bhain leis an chomhartha a bhaint anuas agus a stóráil a íoc sula scaoilfear saor é o sheilbh na Comhairle.  Le haghaidh tuilleadh eolais ar thaillí,  léigh an sceideal ar Thaillí agus Comharthaí Neamhúdaraithe a bhaint anuas agus a stóráil.

 

Gheobhaidh an Chomhairle réidh leis na comharthaí neamhéilithe  i ndiaidh an tréimhse ama a cuireadh in iúl dul in éag.

 

Díolúintí maidir le fógraí

Tá comharthaí sealadacha d’imeachtaí áitiúla neamhthráchtála ceadaithe faoi réir srianta áirithe agus ar an choinníoll nach mbíonn tionchar acu ar shábháilteacht ar bhóithre.

 

Is féidir a mhacasamhail d’imeachtaí tráchtála áitiúla a cheadú freisin faoi réir srianta ar mhéid, uainiú, suíomh, srl.

 

Tá sonraí iomlána na ndíolúintí le haghaidh fógraí leagtha amach i gCuid 2 de Sceideal 2 de na Rialacháin Pleanála agus Forbartha.