Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > Seirbhísí > An Liosta Vótála > Foirmeacha Clárúcháin > Clárú ar Liosta na Vótóirí

Chun clárú ar Liosta na Vótóirí do Dháil Éireann

 

Dátaí druidte do Liosta na Vótóirí

 

Chun iarratas a dhéanamh le bheith curtha ar Liosta na Vótóirí i dtoghchán na Dála ar an 8 Feabhra 2020 caithfear Foirm RFA2 (féach nasc thíos) a líonadh isteach, a shíniú agus a sheoladh ar ais chuig Oifigí Chomhairle Contae Dhún na nGall roimh na spriocdhátaí seo a leanas: 

 

Dáta druidte don fhorlíonadh le Liosta na Vótóirí

Dé Céadaoin 22 Eanáir 2020

Dáta druidte do na forlíonta do vótóirí poist/speisialta

Déardaoin 16 Eanáir 2020 


Ba chóir Foirm RFA2 a líonadh isteach agus a shíniú agus a bheith stampáilte ag an Stáisiún Gardaí áitiúil d’iarratasóirí úra.

 

Mura bhfuil sé seo indéanta, is féidir Foirm RFA2 a shíniú agus a fháil stampáilte in Oifig de chuid Chomhairle Contae Dhún nGall mar gurb í Comhairle Contae Dhún na nGall an tÚdarás Cláraithe.  Tabhair faoi deara go gcaithfidh gach iarratasóir Aitheantas a sholáthar i bhfoirm grianghraif.

 

 

Athrú ar Sheoladh Baile

Ba chóir Foirm RFA3 (féach nasc thíos) a líonadh má tá athrú ar do sheoladh baile agus í a chur ar ais chuig Comhairle Contae Dhún na nGall faoin Chéadaoin 22 Eanáir 2020.

 

Uaireanta Oscailte na Comhairle

Luan go Déardaoin 9am go dtí 5pm agus Dé hAoine 9am go dtí 4.30pm.

Druidte le haghaidh lóin gach lá idir 12.30pm agus 1pm.

Druidte ar laetha saoire baince

 

 

Vótaí Poist

Aon duine atá ag cur isteach ar vótaí poist, caithfidh Dochtúir/Fostaí/Coláiste na foirmeacha a shíniú, de réir mar is cuí. Duine ar bith ag dul ar laethanta saoire nó chuig aon ócáid shóisialta, níl siad i dteideal vóta poist.  Caithfear Iarratais ar vótaí poist a bheith faighte ag Comhairle Contae Dhún na nGall faoin Déardaoin 16 Eanáir 2020. 

 

 

Is féidir foirmeacha comhlánaithe a scanadh agus a sheoladh trí ríomhphost chuig [email protected].  Déan cinnte le do thoil go bhfuil gach foirm sínithe agus stampáilte mar is cuí de réir mar atá leagtha amach thuas.

 

Fá choinne tuilleadh eolais déan teagmháil leis an Oifig Vótaíochta i gComhairle Contae Dhún na nGall nó cuir scairt ar an Chomhairle ar 074 91 53900

 

 

Foirmeacha Éagsúla

 

RFA2 Iarratas chun clárú ar Liosta na Vótóiri 2018/2019

 

RFA2 Application for inclusion in Register of Electors English Version

 

RFA3 Iarratas chun athrú seoladh baile a dhéanamh ar an fhorlíonadh

 

RFA3 Application for change of address for Supplement English Version

 

Foirmeacha eile