Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > Seirbhísí > Airgeadas > Cáin Mhaoine Áitiúil a Shocrú

Fachtóir Coigeartaithe na Cánach Maoine Áitiúil a Shocrú

Is é atá sa Cháin Mhaoine Áitiúil, a tháinig i bhfeidhm in 2013, cáin bhliantúil ar ghearrtar ar áiteanna cónaithe in Éirinn. De réir An Achta Airgeadais (Cáin Mhaoine Áitiúil) 2012 (arna leasú), Thig le húdarás áitiúil bunráta na Cánach Maoine Áitiúla a athrú, laistigh dá limistéar féin, faoi uasmhéid de +/- 15%. Tháinig Rialacháin úra i bhfeidhm in 2022 a thugann cead cinneadh maidir leis hathrú áitiúil a chur i bhfeidhm go ceann tréimhse níos faide ná aon bhliain amháin.

 

Ní féidir an ráta Cánach Maoine Áitiúil don bhliain 2023 a mhéadú níos mó ná mar atá i bhfeidhm faoi láthair don bhliain 2022. Mar sin féin, i ndiaidh réimse saincheisteanna a chur san áireamh, d’fhéadfadh an Chomhairle an ráta a fhágáil mar an gcéanna leis an bhliain 2022.

 

Cuireadh méadú 15% ar an ráta Cánach Maoine Áitiúla i nDún na nGall don bhliain 2020, agus coinníodh ag an ráta céanna sin é don bhliain 2021 agus don bhliain 2022. Bhí na táillí céanna i bhfeidhm in 2022 agus a bhí i bhfeidhm in 2021 (cé gur astruchtúraíodh na Bandaí Luachála do 2022 agus go bhfuil siad anois bunaithe ar luachálacha maoine mar a bhí siad ar an 1 Samhain 2021). I nDún na nGall, bhí táille €103.05 ar 78% de na maoine, agus táille €258.75 ar 13% eile. Bhí táillí sa dá bhanda luachála is ísle ar 91% de mhaoine i nDún na nGall (Banda 1 = €1 to €200,000; Banda 2 = €200,001 to €262,500).

 

Is ionann ioncam Cáin Mhaoine Chomhairle Contae Dhún na nGall don bhliain 2022 agus €26.8m (thart fá 17% dá hioncam iomlán). Cuidíonn an t-airgead a bhailítear tríd an Cháin Mhaoine Áitiúla le costais a bhaineann le réimse seirbhísí tábhachachtacha áitiúla de chuid na Comhairle a sholáthar, a bhfuil ina measc linnte snámha, leabharlanna, amharclanna, soilsiú poiblí, cothabháil bhóithre, seirbhísí tithíochta, seirbhísí dóiteáin, ag plé leis an dumpáil mhídhleathach agus ceisteanna bruscair, tograí pobail, deontais do ghrúpaí pobail/deonacha, bainistiú tránna, leithris phoiblí, tograí forbartha turasóireachta, tionscnaimh forbartha eacnamaíochta, agus eile.

 

Dá ndéanfaí aon athrú ar ráta na Cánach Maoine Áitiúla, bheadh tionchar aige sin ar chumas na Comhairle na seirbhísí seo a sholáthar. Mar shampla, má laghdaítear an ráta, beidh laghdú ar an ioncam atá ar fáil don Chomhairle. Dá bharr sin, beidh teorainn leis an líon agus réimse seirbhísí agus tacaíochtaí is féidir a sholáthar sa bhliain 2023.

 

Thíos faoi seo gheobhaidh tú An Fógra Reachtúil maidir le Fachtóir Coigeartaithe Áitiúil a Shocrú  don bhliain 2023 chomh maith le liosta de Cheisteanna Coitianta chun tuilleadh eolais a sholáthar duit maidir leis an Fhachtóir Coigeartaithe Áitiúil a shocrú.

 


Ceisteanna Coitianta i dtaca le Cáin Mhaoine Áitiúil

Ceisteanna Coitianta

 

Cad é an rud é Cáin Mhaoine Áitiúil (CMÁ)?

 

Is é atá sa Cháin Mhaoine Áitiúil (CMÁ) cáin bhliantúil ar ghearrtar ar gach maoin chónaithe sa Stát agus a tháinig i bhfeidhm in 2013. Is iad na Coimisinéirí Ioncaim a bhailíonn an CMÁ.

 

Cad é an rud é an Fachtóir Coigeartaithe Áitiúil?

 

Thig le húdarás áitiúil bunráta na Cánach Maoine Áitiúla a athrú laistigh dá cheantar féin faoi uasmhéid de 15%.  Ciallaíonn sé seo go dtig le Comhairle Contae Dhún na nGall an ráta Cáin Mhaoine Áitiúil i gContae Dhún na nGall a mhéadú nó a laghdú in 2021 faoi uasmhéid de 15% ar an bhunráta.

 

Maidir leis an bhliain 2020, ghlac an Chomhairle, ag cruinniú dá gcuid ar an 30 Meán Fómhair 2019, an ráta a mhéadú 15% ón bhunráta. Coinníodh ag an ráta céanna sin é don bhliain 2021 agus don bhliain 2022. Bhí na táillí céanna i bhfeidhm in 2022 agus a bhí i bhfeidhm in 2021 agus in 2020.  

 

An dtig le húdaráis áitiúla cinneadh maidir le socrú áitiúil a dhéanamh fá choinne tréimhse níos faide ná bliain amháin?

 

Thig, tugann Na Rialacháin um Cháin Mhaoine (Fachtóir Coigeartaithe Áitiúil) 2022 cead cinneadh maidir leis socrú áitiúil a chur i bhfeidhm go ceann tréimhse níos faide ná aon bhliain amháin.

 

Tá ar an Chomhairle cloí leis na próisis mar atá siad leagtha amach sna Rialacháin agus sa Treoir i.e. comhairliúchán iomlán leis an phobal, tuairisc ullmhaithe do na comhaltaí tofa, rún glactha, agus fógra tugtha do na páirtithe cuí. Mar sin féin, mar shampla, d’fhéadfadh an Chomhairle cinneadh a dhéanamh ansin méadú de 10% a chur i bhfeidhm go ceann tréimhse trí bliana, gan aon dualgas orthu an cheist a phlé arís go dtí go mbeidh an tréimhse trí bliana istigh.

 

An gá don Chomhairle ráta na Cánach Maoine Áitiúil a athrú don bhliain 2023?

 

Ní gá. D'fhéadfadh an Chomhairle, i ndiaidh réimse ceisteanna a thabhairt san áireamh, cinneadh a dhéanamh an Cháin Mhaoine Áitiúil a fhágáil ag an bhunráta. 

 

 

Cad é a chiallaíonn sé seo don ghnáth-theaghlach?

 

I nDún na nGall, bhí táille €103.05 ar thart fá 78% de na maoine, agus táille €258.75 ar 13% eile. Bhí táillí sa dá bhanda luachála is ísle ar 91% de mhaoine i nDún na nGall (Banda 1 = €1 to €200,000; Banda 2 = €200,001 to €262,500 - bunaithe ar luachálacha maoine in 2021).

 

 

Cén úsáid a bhaineann an Chomhairle as an airgead a bhailítear faoin Cháin Mhaoine Áitiúil?

 

Cuidíonn an t-airgead a bhailítear tríd an Cháin Mhaoine Áitiúla le costais a bhaineann le réimse seirbhísí tábhachachtacha áitiúla de chuid na Comhairle a sholáthar, a bhfuil ina measc linnte snámha, leabharlanna, amharclanna, soilsiú poiblí, cothabháil bhóithre, seirbhísí tithíochta, seirbhísí dóiteáin, ag plé leis an dumpáil mhídhleathach agus ceisteanna bruscair, tograí pobail, deontais do ghrúpaí pobail/deonacha, bainistiú tránna, leithris phoiblí, tograí forbartha turasóireachta, tionscnaimh forbartha eacnamaíochta, agus eile. 

 

Cén tionchar a bheas ag aon athrú sa Cháin Mhaoine Áitiúil ar sheirbhísí de chuid na Comhairle?

 

Dá ndéanfaí aon athrú ar ráta na Cánach Maoine Áitiúla, bheadh tionchar aige sin ar chumas na Comhairle na seirbhísí seo a sholáthar. Mar shampla, má laghdaítear an ráta, beidh laghdú ar an ioncam atá ar fáil don Chomhairle. Dá bharr sin, beidh teorainn leis an líon agus réimse seirbhísí agus tacaíochtaí is féidir a sholáthar sa bhliain 2023.

 

 

Cén uair a dhéanfaidh an Chomhairle cinneadh i dtaca leis an ráta Cáin Mhaoine Áitiúil i nDún na nGall?

 

Déanfar an cinneadh seo ag cruinniú de chuid na Comhairle i mí Mheán Fómhair 2022.

 

 

An féidir liom mo thuairimí a thabhairt i dtaca le haon mholadh a bheas ann an ráta Cáin Mhaoine Áitiúil a mhéadú nó a laghdú?

 

 

Is féidir, ba mhaith le Comhairle Contae Dhún na nGall do thuairimí a chluinstin i dtaca le haon mholadh a bheas agat leis an ráta Cáin Mhaoine Áitiúil a athrú i nDún na nGall. Ba mhaith linn go thuairimí a fháil ar na héifeachtaí a d'fhéadfadh a bheith ag aon athrú ar an bhunráta Cáin Mhaoine Áitiúil ar theaghlaigh, ar dhaoine aonair, ar ghnólachtaí agus ar sheirbhísí de chuid na Comhairle.

 

 

Le d'aighneacht a dhéanamh is féidir leat scríobh chuig:

 

Comhairle Contae Dhún na nGall,

Aighneachtaí i dtaca le Cáin Mhaoine Áitiúil (LPT),

Teach an Chontae,

Leifear,

Co. Dhún na nGall

 

nó rphost: [email protected]

 

Caithfear gach aighneacht a bheith istigh roimh an 22 Lúnasa 2022.   Níl aon leagan amach áirithe i gceist le haighneachtaí.

 

Beidh gach tuairim a sheolfar chuig an Chomhairle i dtaca leis an phróiseas comhairliúcháin seo, chomh maith le hainmneacha agus seoltaí na ndaoine a thugann na tuairimí sin, beidh siad seo mar chuid de thuairisc riachtanach reachtúil a chuirfear faoi bhráid Chomhairle Contae Dhún na nGall.  Dá réir sin, is féidir go mbeidh siad curtha i miontuairiscí an chruinnithe sin, agus dá bharr sin is féidir go mbeidh siad le feiceáil ar shuíomh idirlín na Comhairle.

 

 

 Cad é a dhéanfaidh an Chomhairle leis na haighneachtaí a gheofar?

 

Déanfaidh na Comhairleoirí Contae ar Chomhairle Contae Dhún na nGall an t-aiseolas a gheofar ón chomhairliuchán poiblí seo a phlé agus a mheas mar chuid den phróiseas cinnteoireachta.  Cuirfidh an Príomh-Fheidhmeannach achoimre ar na haighneachtaí scríofa ar fáil i bhfoirm tuairisce do na baill tofa. 

 

Agus iad ag déanamh cinneadh ar cé acu ba chóir an ráta a athrú, nó nár chóir, cuirfidh na baill tofa an méid seo a leanas san áireamh:

 

  • Ioncam agus Caiteachas measta don Chomhairle in 2023
  • Staid Airgeadais Chomhairle Contae Dhún na nGall san am i láthair
  • Tionchar measta Airgeadais a bheas ag an ráta athraithe in 2023
  • Aiseolas ón Chomhairliúchán Poiblí

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • NRDO European Project Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO