Cuireann an Scéim Athnuachana Baile agus Sráidbhaile maoiniú ar fáil do thograí a thacaíonn lenár mbailte agus sráidbhailte tuaithe. Is eilimint amháin é an scéim seo de phacáiste €30 milliún de thacaíochtaí comhtháite atá mar chuid den Chlár Infheistíochta um Fhorbairt Tuaithe, a fhaigheann maoiniú faoi Thionscadal Éireann 2040 agus tríd an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail. Is iad na heilimintí eile den phacáiste ná CLÁR agus An Scéim le haghaidh Bonneagar Aeraíochta Lasmuigh.
Is í An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail a mhaoiníonn an Scéim Athnuachana Baile agus Sráidbhaile, agus is iad na húdaráis áitiúla a dhéanann í a reáchtáil.
Tá an Scéim Athnuachana Baile agus Sráidbhaile 2020 curtha in oiriúint go sonrach chun dul i ngleic leis na dúshláin atá ag teacht chun cinn de bharr COVID-19, dírithe ar bhailte tuaithe agus ar shráidbhailte tuaithe ina bhfuil daonra níos lú ná 10,000, agus dá bharr sin tá Beart úr tugtha isteach mar fhreagairt ar Covid-19, beart ar a dtugtar an Beart Brostaithe mar fhreagairt ar COVID-19.
Tá Comhairle Contae Dhún na nGall ar lorg Léirithe Spéise anois ó Bhailte agus ó Shráidbhailte a bhféadfadh togra cuí a bheith acu lena mheas.
Tá muid ag iarraidh ar gach coiste baile/sráidbhaile Léiriú Spéise mar atá iniata a dhéanamh agus é a sheoladh chuig an Rannóg Forbartha Pobail, Comhairle Contae Dhún na nGall ar [email protected] nó ag an nasc thíos. Scríobh Léiriú Spéise Babhta 1 nó Babhta 2 air, de réir mar is cuí.
Tá critéir shainmhínithe agus spriocdhátaí ar leith, chun iarratas a dhéanamh, ag baint leis An Bheart Brostaithe mar fhreagairt COVID-19, mar seo a leanas:
- Ansin, tá ar Chomhairle Contae Dhún na nGall na hiarratais a chur chuig an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail roimh an 3 Iúil 2020.
- Ansin, tá ar Chomhairle Contae Dhún na nGall na hiarratais a chur chuig an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail roimh an 14 Lúnasa 2020.
Déan cinnte na Critéir i dtaca leis an Bheart Brostaithe a léamh le haghaidh tuilleadh eolais.
Achoimre ar an Scéim Athnuachana Baile agus Sráidbhaile 2020 - Achoimre ar an Bheart Brostaithe
Babhta 1 den Bheart Brostaithe sa Scéim Athnuachana Baile agus Sráidbhaile 2020 - Léiriú Spéise
Babhta 2 den Bheart Brostaithe sa Scéim Athnuachana Baile agus Sráidbhaile 2020 - Léiriú Spéise
Beidh an Scéim Athnuachana Baile agus Sráidbhaile ag feidhmiú ar an bhonn chéanna agus a reáchtáladh í le roinnt blianta anuas, cé go mbeidh béim ar leith ar thograí a mbeidh toradh dearfach eacnamaíochta orthu agus a chuideoidh le bailte agus sráidbhailte teacht fríd na dúshláin a bhaineann le COVID-19. Leanfaidh an scéim de bheith ag tacú le gníomhaíochtaí sa réimse poiblí agus le háiseanna lár baile a fheabhsú, go háirithe nuair a chuireann sé seo le téarnamh geilleagrach agus/nó téarnamh sóisialta i mbaile nó i sráidbhaile.
Is é an deontas is lú atá ar fáil ná €20,000, agus is iondúil gurb é €100,000 an deontas is mó. Faoin scéim, breathnófar ar dheontas de €200,000 i líon beag cásanna nuair is féidir a thaispeáint go láidir go mbeidh buntáiste eisceachtúil ann don bhaile atá i gceist.
Tá Comhairle Contae Dhún na nGall ar lorg Léirithe Spéise anois ó Bhailte agus ó Shráidbhailte a bhfuil togra cuí acu lena mheas. Tá muid ar lorg Léirithe Spéise anois maidir le Bailte agus Sráidbhailte nach bhfuair aon mhaoiniú san am atá thart nó iad siúd a bhfuil tograí curtha i gcrích acu cheana féin faoi scéimeanna roimhe seo.
Déanfar gach Léiriú Spéise a mheas ar bhonn na dtosaíochtaí atá leagtha amach in Achoimre na Scéime, agus is gá iad a nascadh leis na gníomhaíochtaí atá leagtha amach i bPlean Forbartha Chontae Dhún na nGall nuair is cuí sin.
Tá muid ag iarraidh ar gach coiste baile/sráidbhaile an Léiriú Spéise mar atá iniata a dhéanamh agus é a sheoladh chuig an Rannóg Forbartha Pobail, Comhairle Contae Dhún na nGall ar [email protected].
Tá tuilleadh eolais ar fáil trí chliceáil ar na naisc thíos:
Athnuachan Bailte agus Sráidbhaile 2020 - Achoimre ar an Phríomh-Scéim
Scéim Athnuachana Baile agus Sráidbhaile 2020 - Léiriú Spéise
Ba chóir Léirithe Spéise a bheith faighte againn, agus chan níos moille ná - 12 Meánlae Dé hAoine 10 Iúil 2020
Ina dhiaidh sin, measúnófar na léirithe spéise bunaithe ar an chreat scórála mar atá leagtha síos in Achoimre na Scéime, agus is féidir suas le 12 thogra a roghnú lena gcuid mionsonraithe a fhorbairt níos mó i gcomhpháirt le pobail áitiúla, agus le iad a chur isteach chuig an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail le measúnú breise a dhéanamh orthu.