Donegal County Council Logo
Baile > Pobal > Ag tacú le pobail > An tAonad um Chuimsiú Sóisialta

An tAonad um Chuimsiú Sóisialta

 

Tá eolas ar an leathanach seo ar:

 

Cad is Cuimsiú Sóisialta ann?

 

Aonad Cuimsiú Sóisialta Chomhairle Contae Dhún na nGall

 

Grúpa na mBeart le haghaidh Cuimsiú Sóisialta (BCS)

 

An Grúpa Idirghníomhaireachta ar Cheisteanna i dtaca leis an Lucht Siúil

 

Comhaontas Aoischairdiúlachta Dhún na nGall

 

Ag Tacú leis an Ilchultúrthacht

 

An tSeachtain um Chuimsiú Sóisialta

 

 

 

 

 

 

 

 

Cad is Cuimsiú Sóisialta ann?

Is téarma é Cuimsiú Sóisialta a thig a úsáid le cur síos ar réimse de ghníomhaíochtaí dearfacha chun rochtaineacht chothrom a bhaint amach ar earraí agus ar sheirbhísí, chun cuidiú le gach duine aonair a bheith páirteach sa phobal agus sa tsochaí, chun ionchur gach duine a spreagadh i dtaca leis an saol sóisialta agus cultúrtha, agus a bheith ar an airdeall faoi, agus dúshlán a thabhairt do gach cineál leithcheala. Trína chinntiú go mbíonn páirt níos mó acu siúd atá imeallaithe, agus ina gcónaí faoi bhochtaineacht, sna cinntí a mbíonn tionchar acu ar a saol féin, ligfidh sé seo dóibh feabhas a chur ar a gcaighdeán maireachtála agus ar a leas iomlán mar dhaoine.

 

Cad é is cúis leis an imeallú sóisialta?

Seo thíos roinnt gnéithe a d'fhéadfadh cur leis an dóchúlacht go mbeadh duine nó grúpa ag fulaingt ón imeallú sóisialta:

 

Dífhostaíocht

Leibhéil ísle oideachais

Inscne

Aois

Gnéasacht

An áit a bhfuil cónaí ort (ie bochtaineacht uirbeach / míbhuntáiste tuaithe)

I do bhall de mhionlach eitneach

Gan dídean

Faoi mhíchumas

Sláinte

Stádas teaghlaigh

 

 

 

 

 

An tAonad um Chuimsiú Sóisialta

 

Tá Aonad Cuimsiú Sóisialta Chomhairle Contae Dhún na nGall ar bun ón bhliain 2007, agus is iad na baill foirne atá bainte leis Charles Sweeney, An Comhordaitheoir Cuimsiú Sóisialta agus Caroline McCleary, Comhordaitheoir Cúnta Cuimsiú Sóisialta. Is é ról an ACS ná feasacht a ardú i dtaca le cuimsiú sóisialta agus bochtaineacht agus an dóigh a n-imríonn siad tionchar ar shaol na ndaoine i nDún na nGall sa dóigh is go gcuirfear ar ár gcumas seirbhísí níos cuimsithí a chur ar fáil. Tá an ról seo á chur i bhfeidhm faoi láthair trí rannpháirtíocht na Comhairle i struchtúir ilghníomhaireachta ar nós an Ghrúpa Feidhmithe um Bhearta Cuimsithe Sóisialta agus an Ghrúpa Idirghníomhaireachta le haghaidh Ceisteanna Lucht Siúil agus trí thograí ar nós Chomhaontas Aoischairdiúlachta Dhún na nGall agus na Seachtaine um Chuimsiú Sóisialta.

 

Comhaontas Aoischairdiúlachta Dhún na nGall

 

Is é atá i gComhaontas Aoischairdiúlachta Dhún na nGall ná togra faoi stiúir Chomhairle Contae Dhún na nGall chun straitéis úr fhorásach a ullmhú le saol gach duine níos sine i nDún na nGall a fheabhsú.

Iarrfar ar dhaoine aonaracha agus ar phobail a bheith páirteach trí ionchur a bheith acu sna pleananna atá á bhforbairt.

Is é is cuspóir leis an togra seo ná 'Contae Aoischairidiúil' a dhéanamh de Dhún na nGall, le gach páirtnéir a comhoibriú lena chéile ar mhaithe le leas agus sláinte daoine níos sine a chur chun cinn agus a chothabháil chomh maith agus is féidir, agus le háit den scoth a dhéanamh den Chontae é féin chun dul in aois ann.

 

Ag Tacú leis an Ilchultúrthacht

Tá Comhairle Contae Dhún na nGall tiomanta chun tacú le tuilleadh ilchultúrthachta a chothú agus a éascú i nDún na nGall.

 

Tá coimitmint na Comhairle leagtha amach i bPlean Éagsúlachta Dhún na nGall 2011 -2013 a cuireadh i dtoll a chéile faoi stiúir Bhord Forbartha Contae Dhún na nGall mar chuid den Phlean Gníomhaíochta SÍOCHÁIN III do Dhún na nGall 2008 - 2010.

 

Scéim chun Eachtraí a Thuairisciú

Tríd an Aonad um Chuimsiú Sóisialta, déanann Comhairle Contae Dhún na nGall Scéim Neamhspleách agus Rúnda a reáchtáil i dtaca le hEachtraí Seicteacha agus Ciníocha a Thuairisciú

 

• Má tharlaíonn an eachtra ciníoch nó seicteach d'aon duine ar d'aithne, nó má tharlaíonn aon leatrom ciníoch/seicteach dóibh, tá sé de cheart agat scéala a chur faoi sin. 

 

• Tá an scéim seo ag feidhmiú ar bhonn idirghníomhaireachta le príomhpháirtithe leasmhara sa chontae. 

 

• Is féidir, le do cheadsa, go ndéanfar an t-eolas seo a chur ar aghaidh chuig An Garda Síochána, agus úsáidfear gach tuairisc chun polasaithe a fhorbairt sa réimse seo san am atá le teacht.