Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > Gnó > An Earnáil Turasóireachta a fhorbairt > Turasóireacht Mara

Uiscí Mhálanna

 

Ba chéim mhór chun tosaigh é i bhforbairt agus i gcur i bhfeidhm an Togra Seol Siar, arna mhaoiniú ag INTERREG an AE, nuair a bunaíodh Uiscí Mhálanna mar bhranda dírithe ar thomhaltóirí i samhradh na bliana 2010.  Cumhdaíonn Uiscí Mhálanna na huiscí comhroinnte mara sin in Iarthuaisceart na hÉireann, ar a n-áirítear Dún na nGall agus Sligeach, contaetha mara Thuaisceart Éireann agus Iarthar na hAlban. Tá deiseanna iontacha sa réigiún le haghaidh na seoltóireachta, surfála, tumadóireachta, cadhcála chomh maith le gníomhaíochtaí eile uisce-bhunaithe. Féach www.malinwaters.com fá choinne tuilleadh eolais.

 

 

Is iad mórchuspóirí an togra Seol Siar ná:

 

  • Straitéis chomhtháite forbraíochta mara a sholáthar don Iarthuairsceart, a nascann Dún na nGall le réigiúin mara Thuaisceart Éireann agus réigiúin mara ar chósta thiar na hAlban.
  • Nuálaíocht a sholáthar i dtaca le táirgí úra agus seirbhísí úra a fhorbairt i réimse na turasóireachta mara.
  • Le heolas agus dea-chleachtais a roinnt idir pháirtnéirí.
  • Le forbairt inbhuanaithe, fostaíocht agus athbheochan pobal mara a chur chun cinn.
  • Lena chinntiú go bhfuil na dea-chleachtais timpeallachta agus na tionchair a d'fhéadfadh an t-athrú aeráide domhanda a dhéanamh, go bhfuil sin curtha san áireamh in aon fhorbairt úr.
  • Leis an eiceathurasóireacht a spreagadh.