Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > Gnó > An Earnáil Turasóireachta a fhorbairt > Tránna Brait Ghoirm

Tránna Brait Ghoirm

Tá níos mó tránna Brait Ghoirm i gContae Dhún na nGall ná mar atá in aon chontae eile in Éirinn. Tá 13 Thrá Bhrait Ghoirm san iomlán á mbainistiú ag Comhairle Contae Dhún na nGall. Is é atá i gceist leis seo ná caighdeán an uisce, na n-áiseanna agus na dtránna a chothabháil in achan cheann de na 13 áit. Le linn an tsamhraidh, fostaíonn Comhairle Contae Dhún na nGall gardaí tarrthála trá ar achan cheann dá dtránna Brait Ghoirm. Bronnadh an Brat Gorm ar na tránna seo a leanas in 2013: Bun Dobhráin, An Charraig Fhinn, Cúil Dabhcha, Murbhach, Lios Feannáin, Na Dúnaibh, Fionntrá, Cnoc an Mharmair, An Fhearthainn, Port an tSalainn, Ros Neamhlach agus An tSrúibh.

 

Fá choinne tuilleadh eolais ar na tránna Brait Ghoirm tabhairt cuairt ar- http://www.govisitdonegal.com/do/blueflag-beaches