Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > Gnó > Ag tacú le gnó agus geilleagar > Suíomhanna Forbartha agus Ionad Fiontraíochta

Suíomhanna Forbartha agus Ionad Fiontraíochta

 

SUÍOMHANNA FORBARTHA

 

TAILTE DE CHUID NA COMHAIRLE

 

Tá roinnt ceapach thalún á mbainistiú ag Comhairle Contae Dhún na nGall ar fud an chontae, ceapacha a d'fhéadfadh a bheith úsáideach d'fhiontraithe agus do ghnólachtaí atá ann cheana féin agus ar mhaith leo gnó a thosú nó a mhéadú.  Tá na ceapacha talún suite i mbailte / sráidbhailte éagsúla ar fud an chontae.

 

  1. Cill Tuaigh, Leitir Ceanainn – 10.66 acra - féach léarscáil leis seo Leitir Ceanainn
  2. Gleann Caoin, Baile na nGallóglach – 4.2 acra - féach léarscáil leis seo Baile na nGallóglach
  3. An Charraig Bhuí, Béal Átha Seanaidh – 5.86 acra  féach léarscáil leis seo - Béál Átha Seanaidh
  4. Baile an Teampaill, Bóthar Moss, Carn Domhnach – 8.7 acra  - féach léarscáil leis seo  Carn Domhnach
  5. An Lorgain Bhuí, Baile Dhún na nGall – 2.04 acra - féach léarscáil leis seo  Baile Dhún na nGall
  6. Talamh Uí Bhrógáin, Srath an Urláir – 17.13 acra - féach léarscáil leis seo Srath an Urláir
  7. Cnoc na Beairice, Carn Domhnach – 16 acra (féach léarscáil leis seo)  Cnoc na Beairice
  8. Lios Feannáin, Bun Cranncha -  3.188 acra (féach léarscáil leis seo)  Bun Cranncha

 

 

AONAID TIONSCLAÍOCHTA AG PORT NA SONN, BÉAL ÁTHA SEANAIDH

 

 

Seoladh an tSealúchais:          Port na Sonn, Béal Átha Seanaidh, Co. Dhún na nGall

Is foirgneamh aon-urláir, réise shingil, fráma ursanach cruach é seo atá tuairim is 55.05m ar fad x 16.65m ar leithead.  Tá trí aonad, ar chomh-mhéid lena chéile, san fhoirgneamh, agus tá oscailt sa bhalla idir an chéad dá aonad.  Tá achar 870 méadar cearnach (9,500 troigh chearnach) laistigh den fhoirgneamh. Tá neart spás páirceála ar an suíomh agus tá sé á chosaint ag sconsa slándála de líontán sreinge.  Tá doirteal cistine agus leithreas / seomra cótaí ag na haonaid, agus is féidir iad a úsáid mar thrí aonad scartha, más gá.   Féach an léarscáil suímh leis seo.  Aonaid Tionsclaíochta Bhéal Átha Seanaidh

 

TAILTE AG COIMÍN LEIFIR

 

Tá úinéireacht ag Comhairle Contae Dhún na nGall ar 30.85 acra i Leifear, atá ag críochantacht le bóthar an N14 i Leifear amach ar Bhóthar Leitir Ceanainn. Tá cuid de na tailte curtha ar leataobh fá choinne forbairtí tithíochta sa Phlean Forbartha Contae faoi láthair. D'fhéadfaí go gcuirfí forbairtí tráchtála agus fiontraíochta san áireamh don chuid eile den suíomh seo.  Féach léarscáil suímh leis seo - Leifear

 

Fá choinne tuilleadh eolais, nó le fiosrúchán ginearálta a dhéanamh, déan teagmháil le hÉamonn Boyle, Innealtóir Feidhmiúcháin ar 074 91 53900 nó [email protected].

 

SRÁIDBHAILE CEARDAÍOCHTA, BAILE DHÚN NA NGALL

 

Tá an Sráidbhaile Ceardaíochta lonnaithe ar Bhóthar Bhéal Átha Seanaidh, An Lorgain Bhuí, Baile Dhún na nGall, agus tógadh é thart fá 30 bliain ó shin.   Fuair Comhairle Contae Dhún na nGall an foirgneamh seo in 2010 mar chuid de thogra idir ÚFT Éireann agus an Chomhairle.

 

Tá ocht n-aonad istigh i bhfoirgneamh an tSráidbhaile Cheardaíochta (aonad seirbhíse san áireamh) ina bhfuil roinnt gnólachtaí a bhaineann le healaíona agus ceardaíochtaí éagsúla, i.e., dealbhóir, seodra, stúideónna potaireachta, fíodóireacht, Ealaíontóir agus caifé.   Tá na haonaid leagtha amach mar bhraisle sa Chlós, le clabhstraí oscailte ag soláthar rochtain foscaithe chuig na haonaid aonair amach ó spás lárnach an Chlóis.

 

Ghlac Comhairle Contae Dhún na nGall orthu féin roinnt oibreacha athchóirithe a dhéanamh in 2013, mar shampla, an díon aispeiste a bhí ann a bhaint ar shiúl agus a dhiúscairt, díon úr de phainéil mhiotail inslithe a thógáil, agus na córais leictreachais agus aláraim a uasghrádú.   Druideadh an sráidbhaile ar feadh tréimhse ar mhaithe leis na hoibreacha a chur i gcrích, le lántacaíocht ó gach gnólacht a bhí ann. Rinneadh an Sráidbhaile Ceardaíochta a athsheoladh ar an 9 Bealtaine, 2013.

 

Teagmhálaí:        An tUas. Éamon Boyle, Innealtóir Feidhmiúcháin.

Uimh. Ghutháin. 074 9153900  Rphost: [email protected]

 

 Féach Bileog Eolais an tSráidbhaile Cheardaíochta‌ nó an suíomh idirlín ar leith ag http://www.donegalcraftvillage.com/