Donegal County Council Logo
Baile > Deontais maidir le Bloic Lochtacha > Eolas Eile > Ceisteanna Coitianta

Ceisteanna Coitianta Chéim 1 – Dearbhú Incháilitheachta

 

     1.  An mbaineann an Scéim leis an Phríomhtheach Cónaithe Phríobháideach amháin atá ag Iarratasóirí?

         Baineann. Le go mbeidh tú incháilithe, ní mór gur tusa úinéir cláraithe na háite cónaithe agus ní mór fosta gurb í do phríomháit chónaithe phríobháideach í. Níl áiteanna cónaithe ar cíos ná tithe saoire incháilithe faoin scéim.

 

     2.  An ceadmhach domh iarratas a dhéanamh más tionónta  de chuid na Comhairle mé?

         Ní ceadmhach nó ní tú úinéir an tí. Más tionónta de chuid na Comhairle thú, thig leat teagmháil a dhéanamh leis an rannóg Tithíochta san oifig Comhairle is cóngaraí duit trí scairt a chur ar 074-9153900 nó trí rphost a chur               chuig [email protected] (déan cinnte go dtugann tú do sheoladh baile).

 

     3.  An dtig liom na costais a bhaineann le hoibreacha deisiúcháin atá íoctha agam cheana sular faomhadh mé faoin scéim deontais a fháil ar ais?

          Ní thig. Ní féidir íocaíocht deontais a fháil d’aon obair atá déanta agat cheana.

 

     4.  I ndiaidh domh an Dearbhú Incháilitheachta a fháil i scríbhinn, cad é a tharlaíonn ansin?

          Iarrfaidh muid do chuid sonraí bainc ort le go dtig linn socruithe a dhéanamh le díol as an tuairisc innealtóra a bhfuil cuntas uirthi i do litir, ar an choinníoll gur uaslódáil tú an/na sonra(i)sc. Thig leat, fosta, tosú ar d’iarratas ar            Fhaomhadh Deontais (Céim 2).

Ceisteanna Coitianta – Céim 1 – Cad é mar a bhíonn a fhios agam go bhfuil damáiste déanta do m’áit chónaithe?

  1. Cé a dhéanann an t-imscrúdú, an tástáil agus an tsampláil?

          Déanfaidh an t-innealtóir s’agat é seo a eagrú duit.

 

     2.  An mbeidh orm díol as na seirbhísí innealtóireachta (lena n-áirítear sampláil agus tástáil)? An mbeidh cúnamh deontais ar fáil faoina choinne seo?

  • Beidh ort díol as na seirbhísí innealtóireachta, lena n-áirítear aon chostais samplála agus tástála.
  • Más amhlaidh, áfach, go dtéann d’iarratas níos faide ná Céim 1 agus go bhfaigheann tú Dearbhú Incháilitheachta i scríbhinn ón Chomhairle, tig leat cur isteach ar chúnamh deontais. Is ionann an deontas le haghaidh chostais na seirbhísí a bhaineann leis an Tuairisc Deiridh IS465 a ullmhú agus 90% den chostas faofa nó den chostas iarbhír, pé acu is ísle agus faoi réir uasmhéid de €6,300.
  • Má dhiúltaítear do d’iarratas ag Céim 1, níl tú i dteideal aon chúnaimh deontais.
  • Bheadh sé le do leas féin roinnt meastachán costais a fháil ó innealtóirí cláraithe lena chinntiú go bhfaigheann tú luach ar airgead agus praghas a chomhaontú le pé acu a roghnaíonn tú roimh duit é nó í a cheapadh. Is as do leithdháileachán deontais foriomlán a thiocfaidh aon íocaíocht a gheobhaidh tú i dtaca leis na costais seo.

 

      3.  Cad é a tharlaíonn má deir an t-innealtóir s’agam nach mbaineann an damáiste ar m’áit chónaithe le Míoca? An mbeidh mé in ann na buntáillí gairmiúla agus na costais imscrúdaithe agus measúnaithe a             éileamh ar ais?

           Ní bheidh. Murar dhamáistigh míoca na bloic choincréite san áit chónaithe, ní bheidh tú i dteideal aon chúnaimh deontais.

1.  Cén áit a dtig liom cruthúnas úinéireachta a fháil?

Is féidir gníomhas teidil a fháil ó Údarás Clárúcháin Maoine na hÉireann (https://www.prai.ie)

 

2.  Tá an áit chónaithe s’agam cláraithe faoi chomh-ainmneacha.  An ceadmhach dúinn comh-iarratas a dhéanamh?

Déantar an t-iarratas faoi ainm úinéir amháin ach beidh tú in ann sonraí a sholáthar i dtaca le duine ar bith eile a bhfuil úinéireacht aige nó aici ar an teach mar aon le cruthúnas go dtoilíonn sé nó sí an t-iarratas a dhéanamh.

 

3.  Is teach leathscoite í an áit chónaithe s’agam agus tá an teach eile thíos leis an damáiste fosta. An dtig linn comhiarratas a dhéanamh?

Ní thig. Ní mór iarratas a dhéanamh i dtaobh gach áit chónaithe ar leithligh agus í na critéir faoin scéim a chomhlíonadh.

 

4.  Cad é mar a chruthaímse go bhfuil an Cháin Mhaoine Áitiúil (CMA) íoctha agam?

Tig logáil isteach go díreach ar https://lpt.revenue.ie/lpt-web/ má tá d’Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí, d’Uimhir Aitheantais Maoine Uathúil agus d’UAP/PIN slán agat. Cliceáil ar Bhreathnaigh ar Stair Íocaíochtaí agus, ag bun an scáileáin, beidh tú in ann Priontáil – roghnaigh rud éigin amhail ‘Print to Microsoft PDF’ le pdf a chruthú a dtig leat é a uaslódáil mar chuid den iarratas. Tig leat teacht ar do chuid taifead CMA fosta trí moChúrsaí má tá tú cláraithe le www.revenue.ie

 

5.  Cad é a tharlaíonn mura bhfuil an Cháin Mhaoine Áitiúil íoctha agam?

Ní mór an Cháin Mhaoine Áitiúil a bheith íoctha go dáta agat. Déan teagmháil le Cáin agus Custaim nó gabh chuig https://lpt.revenue.ie/lpt-web  

 

6.  Cad é mar a thig liom a chruthú go bhfuil mé cáin-chomhlíontach?

Tig teagmháil a dhéanamh le Cáin agus Custaim (www.revenue.ie )  le cuidiú a fháil le cúrsaí cánach. Má tá tú cláraithe le Cáin agus Custaim na hÉireann, gabh chuig moChúrsaí agus Bainistigh Mo Thaifead.  Lean na treoracha le haghaidh Imréiteach Cánach agus déan nóta den uimhir (Uimhir Rochtana Imréitigh Cánach). Seo an uimhir a chaithfidh tú a sholáthar, mar aon leis an uimhir  PSP, nuair a dhéanann tú iarratas.

Ceisteanna Coitianta – Céim 1 – Cad é mar a dhéanaim iarratas ar Dhearbhú Incháilitheachta?

 

1.  Níl na doiciméid uilig atá de dhíth agam, an dtig liom iarratas a dhéanamh go fóill féin?

Tig leat tús a chur leis an iarratas agus eolas a chur leis, á shábháil de réir mar a théann tú tríd. Bíonn aon doiciméid a iarrtar ort de dhíth leis an iarratas a mheasúnú. Ní chaithfidh tú iad uilig a sholáthar san aon am amháin. Tig leat logáil amach agus ansin logáil isteach arís le hiad a uaslódáil.  Ní thig leat an t-iarratas a chur isteach lena mheasúnú go dtí go mbeidh na sonraí uilig comhlánaithe agat agus na doiciméid uilig uaslódáilte agat.

 

2.  Níl a fhios agam Éirchód na háite cónaithe s’agam

Tig leat an tÉirchód a chuardach agus a sheiceáil ar www.eircode.ie

 

3.  Seans gur chuir mé rud isteach contráilte – an dtig liom é a cheartú?

Tig leat logáil isteach agus amach as an iarratas le hathruithe a dhéanamh agus le doiciméid a chur leis nó a bhaint de go dtí go socróidh tú ar cuir isteach a chliceáil le d’iarratas a chur isteach. Tosóidh an comhairle ansin ar a mheasúnú agus déanfar teagmháil leat má bhíonn fadhb ann nó má bhíonn níos mó eolais de dhíth. Is fearr achan rud a bheith i gceart agat roimh duit an t-iarratas a chur isteach le moill a sheachaint.

Ceisteanna Coitianta – Céim 2 – Faomhadh Deontais

 

1.  Má thugann an Chomhairle Dearbhú Fhaomhadh an Deontais domh, cad é an chéad rud eile a bheas orm a dhéanamh?

  • Beidh ort Innealtóir ón chlár I.S. 465 a fhostú (https://www.engineersireland.ie/Registers-and-Panels/10). Is féidir gurb é seo an t-innealtóir céanna a rinne an measúnú tosaigh, ach ní gá gurb é.
  • Is é an chéad rud a dhéanfaidh an tInnealtóir s’agat ná Plean Oibreacha Deisiúcháin a fhorbairt, ina mbeidh sonraí ar na hoibreacha atá de dhíth faoi choinne na háite cónaithe s’agat.
  • Déanfaidh sé/sí, chomh maith leis sin, comhairle ghairmiúil a sholáthar, sláinte agus sábháilteacht a chinntiú, na hoibreacha deisiúcháin a mhaoirsiú le linn tógála agus deimhniúchán a chur ar fáil ar chur i gcrích na n-oibreacha.
  • Arís eile, ba cheart duit roinnt meastachán costais a fháil lena chinntiú go bhfaigheann tú luach ar airgead agus praghas a chomhaontú le pé Innealtóir a roghnaíonn tú roimh duit é nó í a cheapadh.

 

2.  Nuair a fhaighimse an Plean Oibreacha Deisiúcháin, cad é an chéad rud eile atá le déanamh agam?

  • Meastacháin costais a lorg ó chonraitheoirí bunaithe ar an Phlean Oibreacha Deisiúcháin
  • An conraitheoir is fearr leat a roghnú
  • Cur isteach ar Fhaomhadh Deontais
  • I ndiaidh duit Dearbhú Fhaomhadh an Deontais a fháil (i scríbhinn), tig leat an conraitheoir s’agat a cheapadh.

Ceisteanna Coitianta – Céim 2 – Cad iad na costais a chlúdaíonn an scéim seo?

 

1.    An dtig liom íocaíocht a fháil as obair atá déanta agam cheana?

Ní thig, ní féidir aon obair atá déanta agat cheana nó ar cuireadh tús léi sula bhfuair tú faomhadh deontais a chur san áireamh san iarratas.

 

2.    An féidir an garáiste s’agam agus/nó aon chróite nó tithe lasmuigh a chuimsiú sna hoibreacha deisiúcháin?

Ní chuimsítear ach amháin cróite nó foirgnimh atá ceangailte den teach cónaithe féin, mar shampla, chuimseofaí garáiste atá ceangailte den teach ach ní chuimseofaí garáiste scoite.

 

3.    An ceadmhach domh fuinneoga, doirse agus/nó aonaid chistine úra a chur isteach?

Moltar do dhaoine ábhair a athúsáid, a athshlánú agus a athchúrsáil agus, dá réir, ba cheart gach ábhar tógála is féidir a athshlánú agus a athúsáid, a úsáid. Faoi théarmaí na scéime seo, ní áireofar fuinneoga/doirse nua ar na costais fhaofa. Glactar leis i gcás gach rogha deisiúcháin, go mbainfear amach na doirse agus na fuinneoga seachtracha atá ann cheana agus go gcuirfear isteach arís iad. Níl na costais a bhaineann le fuinneoga, doirse agus aonaid chistine úra a chur isteach nuair nach bhfuil gá leis incháilithe le haghaidh cúnamh deontais faoin scéim seo.

 

4.    An ceadmhach domh insliú cuasbhalla nua a chur isteach nuair atá na hoibreacha deisiúcháin á ndéanamh?

Cuimseofar insliú cuasbhalla nua a chur isteach ina chostas ceadaithe. Ar mhaithe le soiléireacht, is ceadmhach insliú nua a chur isteach ach ar bhonn insliú nua ‘macasamhail le macasamhail’ amháin. Ní mheasfar aon fheabhsúchán ar an insliú atá ann faoi láthair (ar an choinníoll go gcomhlíontar íosriachtanais na rialachán tógála) a bheith inghlactha mar chostas faofa. Sa chás ina mbítear ag meabhrú ar insliú cuasbhalla líonadh iomlán a úsáid, ní mór don Innealtóir measúnú riosca a dhéanamh ar oiriúnacht a úsáide, i gcomhthéacs na rogha deisiúcháin atá molta.

 

5.    An mbeidh mise freagrach, mar iarratasóir, as an innealtóir, an conraitheoir agus táillí eile a íoc roimh ré nó an íocfaidh an t-údarás áitiúil iad go díreach?

Tá sé de fhreagracht ortsa íoc as na hoibreacha agus na táillí. Íocfaidh an Chomhairle an deontas go díreach leatsa, tríd an chuntas bainc ainmnithe s’agat. Sa litir lena nDearbhófar Faomhadh an Deontais a gheobhaidh tú, cuirfidh muid in iúl duit an méid de dheontas a bheidh ar fáil duit agus an méid íocaíochtaí a bheas ann.

Ceisteanna Coitianta – Céim 2- Cá mhéad de dheontas atá ar fáil?

Ceisteanna Coitianta – Céim 2- Cá mhéad de dheontas atá ar fáil?

 

1.   An dtig liom uaschostas na rogha deisiúcháin a úsáid mar threoirlíne i dtaca leis na hoibreacha a phraghsáil leis an innealtóir agus/nó an conraitheoir s’agam?

Ní thig, nó in go leor cásanna, is ísle méid an deontais a cheadaítear ná an uasteorainn, ag brath ar mhéid na háite cónaithe agus an sórt oibreacha atá de dhíth. Trí mheastacháin a lorg, cuideoidh sé leat an luach is fearr is féidir ar airgead a fháil faoi choinne na n-oibreacha atá le déanamh.

 

2.   Cad é mar a bheidh a fhios agam cé na hoibreacha deisiúcháin atá de dhíth agus cén costas a bheas leo?

Tá an t-innealtóir ann le cuidiú leat. Déanfaidh seisean/sise Plean Oibreacha Deisiúcháin a ullmhú. Léireoidh an plean seo na mionsonraí i dtaca leis an obair atá de dhíth. Úsáid é le meastacháin a fháil ó chonraitheoirí agus le barúil a thabhairt duit de na costais a bheas i gceist.

 

3.   Cad é a tharlaíonn má cheadaítear méid deontais domh agus go rachaidh costais na hoibre in airde le linn na n-oibreacha?

Iarrtar ort a chinntiú go gclúdaíonn d’iarratas ar Fhaomhadh Deontais an obair ar fad atá de dhíth faoi choinne na rogha deisiúcháin atá molta don áit chónaithe s’agat. Nuair a thugtar an Faomhadh Deontais duit, cuirfear in iúl sa litir s’agat méid an chostais atá faofa. Is suim chríochnúil é an méid seo agus ní dhéanfar é a mhéadú. Is tú féin a bheas freagrach as aon chostais bhreise. 

Ceisteanna coitianta – Céim 2 – Cad é atá de dhíth orm roimh domh iarratas a dhéanamh?

 

1.   An gcaithfidh mé an t-innealtóir céanna a úsáid is a bhí agam faoi choinne Chéim 1 – Dearbhú Incháilitheachta, leis an Phlean Oibreacha Deisiúcháin a ullmhú?

Is féidir sin a dhéanamh ach ní gá an t-innealtóir céanna a úsáid. Caithfidh tú, áfach, ceann a úsáid ón chlár IS465. Faigh meastacháin agus comhaontaigh praghas leis nó léi le go bhfaighidh tú luach ar airgead. Fiafraigh de d’innealtóir an dtig leis nó léi a dhearbhú duit go bhfuil árachas slánaíochta gairmiúla iomchuí aige nó aici

 

2.   An dtig liom mo chonraitheoir féin a roghnú? Cad é mar ba cheart domh an conraitheoir a cheapadh?

Tig, roghnaíonn tú do chonraitheoir féin. Tig le d’innealtóir cuidiú leat. Faigh meastacháin agus comhaontaigh praghas le go bhfaighidh tú luach ar airgead. Ná ceap conraitheoir go dtí go bhfaighidh tú Dearbhú Fhaomhadh an Deontais i scríbhinn ón Chomhairle. 

 

3.   Cad é faoi árachas? An ndéanfaidh an tInnealtóir agus/nó an Conraitheoir an t-árachas iomchuí uilig do na hoibreacha a sholáthar, le mé féin, mar iarratasóir, a chlúdach?

Ní mór don chonraitheoir agus don innealtóir s’agat árachas a bheith acu roimh dóibh tabhairt faoi sheirbhísí ar bith agus ní mór don innealtóir árachas slánaíochta gairmiúla leorga a bheith aige nó aici. Déan cinnte de go bpléann tú é seo leis an innealtóir s’agat. Ba cheart duit fosta a chur in iúl do do sholáthróir árachais tí (más iomchuí) go bhfuil sé de rún agat tabhairt faoi oibreacha tógála ar an áit chónaithe.

 

4.   Cé atá freagrach as Sláinte agus Sábháilteacht?

Tá sé de fhreagracht ortsa faoin reachtaíocht (e.g. Rialacháin um Shábháilteacht, Sláinte agus Leas ag an Obair (Tógáil) 2013) oibreacha tógála a bheith curtha i gcrích go sábháilte agat. Déan é seo a phlé leis an innealtóir s’agat, lena n-áirítear Maoirseoir Tionscadail le haghaidh Phróiseas an Deartha agus Maoirseoir Tionscadail le haghaidh Chéim na Foirgníochta a cheapadh.

 

5.   Tig leis an chonraitheoir s’agam tosú ar an obair láithreach. An dtig liom a rá leis nó léi tosú?

Ní thig, ná ceap conraitheoir go dtí go bhfaighidh tú Dearbhú Fhaomhadh an Deontais i scríbhinn ón Chomhairle.

Ceisteanna Coitianta – Céim 2 – Cad é mar a dhéanaimse iarratas?

  1. Níl na doiciméid uilig réidh agam go fóill, an dtig liom iarratas a dhéanamh go fóill féin?

Tig leat tús a chur leis an iarratas agus eolas a chur leis, á shábháil de réir mar a théann tú tríd. Bíonn aon doiciméid a iarrtar ort de dhíth leis an iarratas a mheasúnú. Ní chaithfidh tú iad uilig a sholáthar san aon am amháin ach is féidir iad a chur le d’iarratas de réir mar a fhaigheann tú iad ón innealtóir nó ón chonraitheoir. Iarr orthu iad a chur ar fáil duit go leictreonach, i bhformáid PDF. Tig leat logáil amach agus ansin logáil isteach arís le hiad a uaslódáil.  Ní thig leat an t-iarratas a chur isteach lena mheasúnú go dtí go mbeidh na sonraí uilig comhlánaithe agat agus na doiciméid uilig uaslódáilte agat.

Ceisteanna Coitianta – Céim 3 – Íocaíocht an Deontais

 

1.       An dtig liom airgead a éileamh i gcéimeanna seachas mé fanacht go gcuirfear na hoibreacha i gcrích?

Sa litir a gheobhaidh tú lena nDearbhófar Faomhadh an Deontais, déarfaidh muid leat méid an deontais atá faofa duit agus an líon íocaíochtaí deontais a cheadófar, déanfar é seo a roinnt thar thréimhse agus cuirfear in iúl duit cá huair agus cén dóigh a dtig iad a éileamh.

 

2.       Cad é mar a éilímse an t-airgead deontais? An ndéanfar na híocaíochtaí deontais roimh ré nó an mbeidh orm íoc ar dtús agus na híocaíochtaí a éileamh ar ais ina dhiaidh sin?

Sa litir a gheobhaidh tú lena nDearbhófar Faomhadh an Deontais, déarfaidh muid leat méid an deontais atá faofa duit agus an líon íocaíochtaí deontais a cheadófar, déanfar é seo a roinnt thar thréimhse agus cuirfear in iúl duit cá huair agus cén dóigh a dtig iad a éileamh. Iarr ar d’innealtóir agus do chonraitheoir cóipeanna leictreonacha de shonraisc mhiondealaithe agus de dhoiciméid eile a sholáthar duit roimh duit iarratas a dhéanamh ar íocaíocht.

 

3.       Tá Dearbhú Fhaomhadh an Deontais faighte agam ón Chomhairle. An bhfuil amscála ann ar gá na hoibreacha deisiúcháin a bheith curtha i gcrích agus an deontas a éileamh lena linn?

Tá. Ní mór duit íocaíocht an deontais a éileamh tráth nach moille ná 12 mhí i ndiaidh shíniú an Teastais Deisiúcháin (i.e. i ndiaidh chur i gcrích sásúil na n-oibreacha ar fad)

Ceisteanna Coitianta – Céim 3 – Oibreacha Deisiúcháin

 

1.       Tá Dearbhú Fhaomhadh an Deontais faighte agam i scríbhinn. Cá huair a thig liom tús na n-oibreacha a shocrú?

Anois, agus Dearbhú Fhaomhadh an Deontais agat, thig leat an conraitheoir s’agat a cheapadh agus dáta tosaithe a chomhaontú. Iarrtar ort logáil isteach sa chóras ar líne arís lena chur in iúl don Chomhairle cá huair a bheas na hoibreacha ag tosú le go dtig an sceideal íocaíochtaí s’agat a ghníomhachtú.  

 

2.       An gcaithfidh mé a chur in iúl don Chomhairle cá huair a bheas na hoibreacha deisiúcháin le tosú? 

Caithfidh. Ní thig leat aon airgead deontais a éileamh mura gcuireann tú dáta tosaithe na n-oibreacha deisiúcháin in iúl don Chomhairle. Tig é seo a dhéanamh ar líne.

 

3.       An gcaithfidh mé bheith cáin-chomhlíontach le híocaíochtaí a fháil?

Caithfidh, is coinníoll de chuid na scéime é go mbíonn tú cáin-chomhlíontach i rith an ama. Is féidir dul i gcomhairle le www.revenue.ie in am ar bith leis seo a sheiceáil duit féin agus lena shocrú go dtabharfar do chuid gnóthaí cánacha chun rialtachta, más gá, d’fhonn moilleanna ó thaobh scaoileadh íocaíochtaí de a sheachaint.

 

4.       An gcaithfidh an t-innealtóir agus/nó an conraitheoir s’agam bheith cáin-chomhlíontach le go bhfaighidh mise íocaíocht?

Caithfidh, ní mór gach duine a fhostaíonn tú a bheith cáin-chomhlíontach. Beidh ort fiosruithe a dhéanamh le d’innealtóir agus le do chonraitheoir faoina stádas imréitigh cánach.

Ceisteanna Coitianta – Céim 3 – Cad é mar a gheobhaidh mé íocaíochtaí?

 

1. Cá huair a gheobhaidh mé an chéad íocaíocht s’agam agus cad é a chlúdóidh sé?

Má tá an Dearbhú Incháilitheachta faighte agat ag Céim 1, beidh tú in ann logáil isteach sa chóras agus sonraí an chuntais bainc a sholáthar ar mhaith leat muid an chéad íocaíocht éilimh a dhíol isteach ann. Is ionann an íocaíocht seo agus 90% den mhéid a ceadaíodh duit i dtaca le táillí thuairisc an innealtóra ag Céim 1.

 

2. Cá huair a thig liom íocaíochtaí céimnithe a fháil?

Sa litir a gheobhaidh tú lena nDearbhófar Faomhadh an Deontais, déarfaidh muid leat méid an deontais atá faofa duit agus an líon íocaíochtaí deontais a cheadófar, déanfar é seo a roinnt thar thréimhse agus cuirfear in iúl duit cá huair agus cén dóigh a dtig iad a éileamh. Iarrtar ort logáil isteach arís lena chur in iúl dúinn cá huair a bheas na hoibreacha ag tosú le nach mbeidh aon mhoilleanna ann leis an sceideal íocaíochtaí s’agat.

Cuirfidh muid in iúl duit cá huair a bheas tú ábalta iarratas a dhéanamh ar an chéad íocaíocht eile. Iarrtar ort an t-eolas agus na doiciméid a bheith réidh agat lena n-uaslódáil ar líne. Iarr ar d’innealtóir agus ar do chonraitheoir iad a chur ar fáil go leictreonach duit.  Chomh luath is a bheas d’iarratas ar Íocaíocht Deontais curtha isteach agat, déanfar é a mheasúnú. Má cheadaítear é, socróidh an Chomhairle go n-íocfar go díreach isteach i do chuntas bainc ainmnithe é chomh luath agus is féidir, faoi réir an t-airgead a bheith ar fáil.

 

3. An dtig liom cur isteach ar níos mó ná íocaíocht amháin ag an aon am amháin?

Ní thig, sa litir Dearbhaithe Fhaomhadh an Deontais s’agat, déarfaidh muid leat an méid íocaíochtaí atá ceadaithe agus cá huair agus cén dóigh a dtig iad a éileamh. Cuirfidh muid in iúl duit cá huair a bheas tú ábalta iarratas a dhéanamh ar an chéad íocaíocht eile.

 

4. Cad é a chiallaíonn sé gurb ionann an íocaíocht deiridh agus ar a laghad 25%?

Ciallaíonn sé seo nach dtig leis an Chomhairle níos mó ná 75% den chostas faofa a íoc roimh an éileamh deiridh íocaíochta. Ní thig an t-éileamh deiridh íocaíochta a dhéanamh ach amháin nuair atá na hoibreacha ar fad curtha i gcrích agus Teastas Deisiúcháin faighte agatsa ón Innealtóir agus ón Chonraitheoir s’agat.

 

5. An gá na hoibreacha a bheith deimhnithe sula dtig liom íocaíocht a fháil?

Is gá. Ní mór go mbeadh san áireamh in achan iarratas ar íocaíocht ráiteas gur cuireadh na hoibreacha i gcrích go sásúil agus, i gcás íocaíocht deiridh, is gá Teastas Deisiúcháin a bheith agat.

 

6. An gcaithfidh mé méid an deontais a bheith éilithe agam faoi am ar leith?

Caithfidh. Ní mór duit íocaíocht an deontais a éileamh tráth nach moille ná 12 mhí i ndiaidh shíniú an Teastais Deisiúcháin (i.e. i ndiaidh chur i gcrích sásúil na n-oibreacha ar fad)

Ceisteanna coitianta – Céim 3 – Cad é atá de dhíth orm roimh domh iarratas a dhéanamh?

 

1. Cá háit a dtig liom na doiciméid a fháil a bheas de dhíth orm le hiarratas a dhéanamh ar íocaíocht?

Ba cheart don innealtóir s’agat cóipeanna den phlean cigireachta (mar a cuireadh i bhfeidhm é) a sholáthar duit, mar aon le sonraisc mhiondealaithe agus Dearbhú Chéim 3 an Innealtóra lena n-áireofar ráiteas uaidh nó uaithi go bhfuil na hoibreacha curtha i gcrích go sásúil ag an phointe seo.  Caithfidh an conraitheoir s’agat cóipeanna dá gcuid sonrasc miondealaithe mar aon le Dearbhú Chéim 3 an Chonraitheora a sholáthar duit. Iarr ar d’innealtóir agus ar do chonraitheoir iad seo a chur ar fáil go leictreonach duit, i bhformáid PDF.

 

2. Tá Dearbhuithe Chéim 3 curtha ar fáil agam ón Innealtóir agus ón Chonraitheoir faoi choinne iarratas ar íocaíocht a rinne mé roimhe seo. An gcaithfidh mé iad a chur ar fáil arís?

Ní mór Dearbhú Chéim 3 nua ón Innealtóir agus Dearbhú Chéim 3 nua ón Chonraitheoir a bheith ag gabháil le gach iarratas ar íocaíocht. Cuimsíonn na doiciméid seo ráitis faoi na hoibreacha atá curtha i gcrích.

Ceisteanna Coitianta – Céim 3 – Cad é mar a dhéanaimse iarratas?

 

Tá mé i ndiaidh logáil isteach ach ní fheicimse aon éileamh íocaíochta a dtig liom cur isteach air. Cá huair a bheas mé in ann mo chéad iarratas eile ar íocaíocht a dhéanamh?

Cuirfidh an Chomhairle in iúl duit nuair a bheas tú in ann iarratas a dhéanamh ar do chéad íocaíocht eile agus tchífidh tú é liostaithe ar an chóras ar líne.

 << SIA>

AR AGHAIDH >>

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna