Donegal County Council Logo
Baile > Deontais maidir le Bloic Lochtacha > Céim 3 – Íocaíocht an Deontais > Céim 3 – Cad é mar a dhéanaimse iarratas?

Má tá tú ag cur isteach ar an dara híocaíocht nó ar íocaíocht eile (seachas an íocaíocht deiridh), iarrtar ort an méid seo a leanas a bheith in aice láimhe agat:

  • an méid airgid, i dtaca le costais innealtóra, a tabhaíodh le linn na céime seo de na hoibreacha
  • an méid airgid, i dtaca le costais conraitheora, a tabhaíodh le linn na céime seo de na hoibreacha

agus

iarrtar ort a chinntiú go bhfuil na nithe a leanas réidh le huaslódáil agat:

Ón innealtóir s’agat:

a)    Cóip den Phlean Cigireachta (mar a cuireadh i bhfeidhm é)

b)    Bunchóip d’aon sonra(i)sc m(h)iondealaithe faoi choinne táillí gairmiúla 

c)    Dearbhú an innealtóra lena n-áirítear deimhniúchán na n-oibreacha ag an chéim seo

agus

Ón chonraitheoir s’agat:

d)    Bunchóip d’aon sonra(i)sc m(h)iondealaitheina mbeidh mionsonraí ar na hoibreacha incháilithe agus na costais a bhaineann leo

e)    Dearbhú an chonraitheora lena n-áirítear deimhniúchán na n-oibreacha ag an chéim seo

I gcás íocaíocht deiridh, is ionann an méid a iarrtar agus ar a laghad 25% den chostas fhaofa fhoriomlán agus ní mór Teastas Deisiúcháin a bheith ag teacht leis seo.

 

<< SIA>

AR AGHAIDH >>

Ceisteanna Coitianta – Céim 3 – Cad é mar a dhéanaimse iarratas?

 

Tá mé i ndiaidh logáil isteach ach ní fheicimse aon éileamh íocaíochta a dtig liom cur isteach air. Cá huair a bheas mé in ann mo chéad iarratas eile ar íocaíocht a dhéanamh?

Cuirfidh an Chomhairle in iúl duit nuair a bheas tú in ann iarratas a dhéanamh ar do chéad íocaíocht eile agus tchífidh tú é liostaithe ar an chóras ar líne.

<< siar  /  ar aghaidh >>

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna