Donegal County Council Logo
Baile > Deontais maidir le Bloic Lochtacha > Céim 3 – Íocaíocht an Deontais > Céim 3 - Oibreacha Deisiúcháin

Céim 3 - Oibreacha Deisiúcháin

Chomh luath is a bheas Dearbhú Fhaomhadh an Deontais faighte agat, tig leat do chonraitheoir a cheapadh agus socruithe a dhéanamh leis na hoibreacha a dhéanamh (de réir Chlár na nOibreacha).

 

Leanfaidh an t-innealtóir s’agat de bheith ag tabhairt cuidiú agus comhairle duit agus déanfaidh na hoibreacha a mhaoirsiú duit.  Déanfaidh seisean/sise cigireachtaí fosta ag eochairchéimeanna (mar atá leagtha amach sa Phlean Cigireachta).

 

Beidh ar an innealtóir agus ar an chonraitheoir beirt aon oibreacha a chuirtear i gcrích a dheimhniú ag pointí éagsúla le go mbeidh tusa in ann iarratas a dhéanamh ar íocaíocht agus beidh Teastas Deisiúcháin de dhíth nuair a bheas na hoibreacha curtha i gcrích ina n-iomláine.

 

Tig leat logáil isteach agus a chur in iúl don Chomhairle cá huair a bheas na hoibreacha ag tosú ach tabhair do d’aire gur ceart nach dtosódh aon obair sula bhfaigheann tú Faomhadh Deontais (Céim 2)

 

<< SIA>

AR AGHAIDH >>

Ceisteanna Coitianta – Céim 3 – Oibreacha Deisiúcháin

 

1.       Tá Dearbhú Fhaomhadh an Deontais faighte agam i scríbhinn. Cá huair a thig liom tús na n-oibreacha a shocrú?

Anois, agus Dearbhú Fhaomhadh an Deontais agat, thig leat an conraitheoir s’agat a cheapadh agus dáta tosaithe a chomhaontú. Iarrtar ort logáil isteach sa chóras ar líne arís lena chur in iúl don Chomhairle cá huair a bheas na hoibreacha ag tosú le go dtig an sceideal íocaíochtaí s’agat a ghníomhachtú.  

 

2.       An gcaithfidh mé a chur in iúl don Chomhairle cá huair a bheas na hoibreacha deisiúcháin le tosú? 

Caithfidh. Ní thig leat aon airgead deontais a éileamh mura gcuireann tú dáta tosaithe na n-oibreacha deisiúcháin in iúl don Chomhairle. Tig é seo a dhéanamh ar líne.

 

3.       An gcaithfidh mé bheith cáin-chomhlíontach le híocaíochtaí a fháil?

Caithfidh, is coinníoll de chuid na scéime é go mbíonn tú cáin-chomhlíontach i rith an ama. Is féidir dul i gcomhairle le www.revenue.ie in am ar bith leis seo a sheiceáil duit féin agus lena shocrú go dtabharfar do chuid gnóthaí cánacha chun rialtachta, más gá, d’fhonn moilleanna ó thaobh scaoileadh íocaíochtaí de a sheachaint.

 

4.       An gcaithfidh an t-innealtóir agus/nó an conraitheoir s’agam bheith cáin-chomhlíontach le go bhfaighidh mise íocaíocht?

Caithfidh, ní mór gach duine a fhostaíonn tú a bheith cáin-chomhlíontach. Beidh ort fiosruithe a dhéanamh le d’innealtóir agus le do chonraitheoir faoina stádas imréitigh cánach.

<< siar  /  ar aghaidh >>

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna