Nuair a mheastar oibreacha deisiúcháin a bheith riachtanach, d’fhéadfadh sé go gceadódh an t-údarás áitiúil deontas de suas le 90% den chostas faofa nó den chostas iarbhír, pé acu is ísle, faoi réir teorainneacha uasta.
Braitheann an costas uasta faofa ar an rogha deisiúcháin, mar a moladh sa tuairisc innealtóra s’agat, mar atá leagtha amach sa tábla thíos:
Rogha Deisiúcháin |
Cur Síos ar Oibreacha Deisiúcháin |
Uaschostas Faofa is mó (1) |
Deontas is mó is féidir a íoc (1) (2) |
Rogha 1 |
An áit chónaithe ar fad a leagan go leibhéal na bunsraithe agus í a atógáil. |
€275,000 |
€247,500 |
Rogha 2 |
Ballaí seachtracha a leagan agus a atógáil (duillí seachtracha agus duillí inmheánacha) anuas go bunsraith ar bhonn céimnithe agus iad a athrindreáil. |
€220,000 |
€198,000 |
Rogha 3 |
Ballaí seachtracha a leagan agus a atógáil (duillí seachtracha agus duillí inmheánacha) anuas go barr an bhonnra ar bhonn céimnithe agus iad a athrindreáil. |
€210,000 |
€189,500 |
Rogha 4 |
Ballaí seachtracha a leagan agus a atógáil (duillí seachtracha amháin) anuas go barr an bhonnra ar bhonn céimnithe agus iad a athrindreáil. |
€75,000 |
€67,500 |
Rogha 5 |
Duille seachtrach a leagan agus a atógáil ar bhallaí damáistithe amháin agus iad a athrindreáil. |
€55,000 |
€49,500 |
NÓTA: (1) Lena n-áirítear CBL (2) chan le bheith níos airde ná 90% den uaschosta faofa is mó, nó 90% den fhíorchostas ar na hoibreacha incháilithe, cibé acu is lú. |
|
1. An dtig liom uaschostas na rogha deisiúcháin a úsáid mar threoirlíne i dtaca leis na hoibreacha a phraghsáil leis an innealtóir agus/nó an conraitheoir s’agam?
Ní thig, nó in go leor cásanna, is ísle méid an deontais a cheadaítear ná an uasteorainn, ag brath ar mhéid na háite cónaithe agus an sórt oibreacha atá de dhíth. Trí mheastacháin a lorg, cuideoidh sé leat an luach is fearr is féidir ar airgead a fháil faoi choinne na n-oibreacha atá le déanamh.
2. Cad é mar a bheidh a fhios agam cé na hoibreacha deisiúcháin atá de dhíth agus cén costas a bheas leo?
Tá an t-innealtóir ann le cuidiú leat. Déanfaidh seisean/sise Plean Oibreacha Deisiúcháin a ullmhú. Léireoidh an plean seo na mionsonraí i dtaca leis an obair atá de dhíth. Úsáid é le meastacháin a fháil ó chonraitheoirí agus le barúil a thabhairt duit de na costais a bheas i gceist.
3. Cad é a tharlaíonn má cheadaítear méid deontais domh agus go rachaidh costais na hoibre in airde le linn na n-oibreacha?
Iarrtar ort a chinntiú go gclúdaíonn d’iarratas ar Fhaomhadh Deontais an obair ar fad atá de dhíth faoi choinne na rogha deisiúcháin atá molta don áit chónaithe s’agat. Nuair a thugtar an Faomhadh Deontais duit, cuirfear in iúl sa litir s’agat méid an chostais atá faofa. Is suim chríochnúil é an méid seo agus ní dhéanfar é a mhéadú. Is tú féin a bheas freagrach as aon chostais bhreise.
<< siar / ar aghaidh >>