Le hiarratas ar Fhaomhadh Deontais a dhéanamh, ní mór Dearbhú Incháilitheachta faoin scéim a bheith faighte agat agus is gá nach mbeadh na hoibreacha tosaithe agat.
Sula dtosaíonn tú, iarrtar ort a chinntiú go bhfuil ar fáil agat:
Agus go bhfuil an méid seo a leanas réidh le huaslódáil agat (i bhformáid PDF):
Ón innealtóir s’agat:
a) An Plean Oibreacha Deisiúcháin don áit chónaithe bhainteach
b) Plean Cigireachta
c) Ráiteas miondealaithe (meastachán) faoi choinne seirbhísí gairmiúla i dtaca le maoirseacht, formhaoirsiú, sláinte agus sábháilteacht agus deimhniúchán na n-oibreacha.
d) Dearbhú Chéim 2 an Innealtóra
agus
Ón chonraitheoir s’agat:
e) Clár Oibreacha ina mionsonraítear fad agus seicheamh beartaithe na n-oibreacha a bhfuil cur síos orthu sa phlean oibreacha deisiúcháin
f) Ráiteas miondealaithe (meastachán) ina sonrófar an costas a bheas le cur i gcrích, maoirseacht agus deimhniú na n-oibreacha
g) Dearbhú Chéim 2 an Chonraitheora
Má tá an méid thuas uilig réidh agat, tig leat logáil isteach agus leanúint le hiarratas a dhéanamh ar Fhaomhadh an Deontais.
I ndiaidh duit d’iarratas a chur isteach, déanfaidh an Chomhairle é a sheiceáil agus a mheasúnú roimh dóibh cinneadh a dhéanamh. Má fhaomhtar é, déanfaidh an Chomhairle Dearbhú Fhaomhadh an Deontais a eisiúint duit agus cuirfidh in iúl duit méid an deontais a bhfuil tú ina theideal.
Tig leat tús a chur leis an iarratas agus eolas a chur leis, á shábháil de réir mar a théann tú tríd. Bíonn aon doiciméid a iarrtar ort de dhíth leis an iarratas a mheasúnú. Ní chaithfidh tú iad uilig a sholáthar san aon am amháin ach is féidir iad a chur le d’iarratas de réir mar a fhaigheann tú iad ón innealtóir nó ón chonraitheoir. Iarr orthu iad a chur ar fáil duit go leictreonach, i bhformáid PDF. Tig leat logáil amach agus ansin logáil isteach arís le hiad a uaslódáil. Ní thig leat an t-iarratas a chur isteach lena mheasúnú go dtí go mbeidh na sonraí uilig comhlánaithe agat agus na doiciméid uilig uaslódáilte agat.
<< siar / ar aghaidh >>