Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > Cultúr > Cartlann > Oideachas

Oideachas

 

Tá clár imeachtaí ar bun ag an tSeirbhís Cartlainne atá dírithe ar scoláirí agus ar lucht soláthair oideachais i gContae Dhún na nGall.

Is é is cuspóir leis an chlár seo ná feasacht a spreagadh i dtaca leis an tábhacht atá le hábhar áitiúil cartlainne agus an úsáid is féidir le scoláirí agus le múinteoirí a bhaint as an bhailiúchán chuimsitheach doiciméad atá á gcoinneáil ag Cartlann an Chontae i Leifear.

 


Pacáiste Bunscoile Mar chuid den chlár imeachtaí in 2006 sheol an tSeirbhís a Pacáiste Facsamhla Scoile, togra nuálach staire fá choinne bunscoileanna a fuair tacaíocht ón Chomhairle Oidhreachta agus ó Ionad Oideachais Dhún na nGall.

Is é is cuspóir leis an togra seo feasacht a spreagadh i dtaca le cartlanna áitiúla agus stair áitiúil trí ábhar cartlainne a chur i láthair páistí óga ar dhóigh nach bagairt é do chaomhnú na ndoiciméad.

Is áis teagaisc iontach ilúsáide na pacáistí seo, agus is féidir iad a úsáid i dteagasc na staire, an tíreolais, agus na saoránaíochta nó i ranganna staidéar sóisialta agus is furasta iad a láimhseáil sa seomra ranga.

Léirítear nádúr na fianaise san ábhar cartlainne, faightear buntuiscint ar fhoinsí príomha agus ar fhoinsí tánaisteacha, agus is féidir leis an ábhar cuidiú chun réimse leathan scileanna imscrúdaithe agus léirmhínitheacha a fhorbairt sna scoláirí.

Tá doiciméid sa phacáiste socraithe de réir topaicí atá le fáil ar an churaclam bunscoile, agus ina measc tá: Tithe agus Mo Cheantar Dúchais, Scoileanna agus an Saol sa Naoú hAois Déag.

Tá pacáistí ann le haghaidh ceithre réigiún éagsúla sa chontae, chomh maith le facsamhlacha gaolmhara de dhoiciméid ón Chartlann a bhaineann leis na réigiúin. I measc na ndoiciméad tá seanghrianghraif agus grianghraif chomhaimseartha de bhailte, fógraí iarnróid agus grianghraif de thraenacha agus de chineálacha eile iompair, pleananna do theachíní lucht oibre, taifid scoile, sleachta as cláracha thithe na mbocht, agus póstaeir de chuid na n-iascach.

 

Is féidir an Pacáiste Bunscoile, nó sleachta as an phacáiste, a íoslódáil anseo i bhformáid Adobe Acrobat.

 

PACAISTE BUNSCOILE 

 

Primary Schools pack as Gaeilge, introduction

An Teach agus an ceantar s'agamsa

Primary Schools pack as Gaeilge, Scoileanna

An Saol sa 19u Cead

Iascaireacht agus Feirmeoireacht

Iompar

Primary Schools pack Glossary

 

 Contae Dhun na nGall in 1916: On Imeall

Pacaiste Staire aguus Oideachas

 

1916 Education Study Pack - 1 Gaeilge

1916 Education Study Pack - 2 Gaeilge

1916 Education Study Pack - 3 Gaeilge

 

Facsimiles Gaeilge - 1

Facsimiles Gaeilge - 2

Facsimiles Gaeilge - 1

 Facsimiles Gaeilge - 3

 

 

Imeacht na nIarlaí
Le ceiliúradh a dhéanamh ar 400 bliain ó Imeacht na nIarlaí, agus le tacaíocht airgid ón Chiste Idirnáisiúnta d'Éirinn, d'fhoilsigh an tSeirbhís Cartlainne Pacáiste Staidéir ar Dhoiciméid do mheánscoileanna sna contaetha Dún na nGall, Tír Eoghain agus Doire. Tá rogha facsamhlacha de dhoiciméid ón 16ú agus ón 17ú haois déag sa phacáiste, atá bainteach leis an tréimhse suas go dtí Imeacht na nIarlaí, idir Iarla Thír Eoghain agus Iarla Thír Chonaill, agus Plandáil Uladh ina dhiaidh. Tá buneolas ann chomh maith faoi stair an Imeachta, chomh maith le bileoga oibre. Tá cóipeanna den phacáiste ar fáil ar iarratas ó scoileanna ar fud na tíre.

 

Treoir do Mhúinteoirí agus do Scoláirí i dtaca leis an Chartlann
Tá Treoir do mhúinteoirí agus do scoláirí foilsithe ag an tSeirbhís Cartlainne chomh maith, i dtaca leis na bailiúcháin chartlainne. Tá mionsonraí sa Treoir chomh maith faoi na mórbhailiúcháin atá á gcoinneáil ag an tSeirbhís Cartlainne, mar aon le nótaí do mhúinteoirí ar an dóigh a d'fhéadfaí iad a úsáid chun stair áitiúil a theagasc. Tá an Treoir ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla.

Treorai do Mhuinteoiri

 

 

Oiliúint Inseirbhíse
Tháinig múinteoirí bunscoile chuig Cartlann an Chontae le hamharc ar dhoiciméid agus ar ghrianghraif agus tugadh eolas dóibh faoi stair na mbailiúchán mar chuid de chúrsaí oiliúna do mhúinteoirí i rith an tsamhraidh sna blianta 2005, 2006 agus 2007.