
Tá Coiste Gaeilge Chomhairle Chontae Dhún na nGall, i gcomhar leis na Coláistí Gaeilge, ag tairiscint scoláireachtaí Gaeltachta le freastal ar Choláistí Gaeilge Samhraidh i 2017. Tá na scoláireachtaí ar fáil do dhaltaí scoile idir deich mbliana agus ocht mbliana déag d’aois, atá ina gcónaí i gContae Dhún na nGall.
Déanfar na hiarratasóirí a roghnú i gCrannchur Oscailte ag tús mhí Aibreáin. Cuirfear iad siúd a bhfuil scoláireacht faighte acu roimhe seo ar Liosta Tánaisteach. Bronnfar suas le 34 scoláireacht, agus íocfar a gcuid táillí ar fad faoin Scéim.
Ba chóir dóibh siúd a bhfuil spéis acu sa scéim seo an fhoirm iarratais, atá istigh leis seo, a líonadh isteach agus a chur ar ais chuig an seoladh ar an fhoirm roimh an CHÉADAOIN 15Ú FEABHRA, 2017
Is féidir foirmeacha a fhágáil in aon cheann dár nIonaid Seirbhísí Pobail ach iad a bheith in am agus an seoladh thíos scríofa go soiléir orthu.
"Seán Ó Daimhín, Oifigeach Forbartha Gaeilge, Áras an Chontae, Comhairle Chontae Dhún na nGall, Leifear, Contae Dhún na nGall".
Le tuilleadh eolais a fháil déan teagmháil le:
Seán Ó Daimhín @074 9172496/087 9670985
Rphost: sdaimhin@ccdhunnangall.ie
Foirm Iarratais fá choinne Scéim Scoláireachta Gaeltachta 2017
Eolas faoin Scéim agus Eolas ar Choláistí Gaeltachta i nDún na nGall
Leagan PDF de na comhaid thuas - PDF version of above files má bhíonn deacracht na leaganacha Word a oscailt nó a léamh.