Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas Eanáir 2020 > Turasóireacht ar leac an dorais

14/07/20 Dún na nGall - Féach a bhfuil ar Leac an Dorais agat

Ceist            

 

An dtig leat na trí Phointe Mhórspéise laistigh de Dhún na nGall ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin a ainmniú?

 

Freagra

 

1. Cionn Mhálanna

2. Teach Solais Fhánada

3. Aillte Shliabh Liag

 

Má spreag an cheist seo suim ionat faoi cé chomh heolach agus atá tú faoi Dhún na nGall, tá dea-scéala ar na bacáin!  De réir mar a bhogann an tír go dtí an chéad chéim eile den fhreagairt dhochreidte don phaindéim dhomhanda, iarrann Turasóireacht Dhún na nGall ort féachaint ar a bhfuil le fáil ar leac an dorais agat.   Agus an samhradh faoi lán seoil, ní raibh am níos fearr riamh ná seo chun féachaint ar an chontae agus leas a bhaint as na tairiscintí iontacha atá ar fáil faoi láthair.   Ó na spásanna ollmhóra lasmuigh agus áiseanna áitiúla atá oscailte don phobal arís, go dtí na tairiscintí iontacha atá ar fáil ó chuid mhór óstán agus soláthróirí turasóireachta, b’fhéidir go bhfuil an t-am ann anois an scolaíocht cois tine a thabhairt taobh amuigh faoin spéir nó snas a chur ar d’eolas áitiúil agus ar d’eolas ar an stair áitiúil sa chontae iontach s’againne.

 

Dúirt an Clr Rena Mhic Dhonnchaidh, Cathaoirleach ar Chomhairle Contae Dhún na nGall: “Tá cuid mhór mhór le feiceáil agus le fiosrú gan Dún na nGall a fhágáil - ár gcuid tránna den chéad scoth, cóstaí sceirdiúla, tírdhreacha mórthaibhseacha, suíomhanna agus séadchomharthaí stairiúla, agus oileáin fháiltiúla amach ó chósta, gan trácht ar an bhia iontach agus ar an lóistín iontach atá ar fáil anseo.   I ré seo an tráth na gceist ar Zoom agus na dúshláin ar na meáin shóisialta, b’fhéidir go bhfuil sé in am agat dúshlán a thabhairt duit féin dul ar cuairt chuig cuid de na cinn scríbe den chéad scoth sin atá níos cóngaraí ná mar a shíltear, ach b’fhéidir a bhí róchóngarach le iad a chur san áireamh roimhe seo, nó a fhiafraí díot féin an bhfuil an contae iontach seo thart orainn uilig feicthe agat.”

 

Tá neart pacáistí iontacha á seoladh ag Turasóireacht Dhún na nGall anois ar a suíomh idirlín leis an turasóireacht laistigh den chontae a chur chun cinn dóibh siúd a bhfuil cónaí orthu sa chontae agus ar mian leo níos mó den chontae a fheiceáil agus a bhlaiseadh.  Beidh tairiscintí le rátaí speisialta fá do choinne sna pacáistí seo le haghaidh gníomhaíochtaí, lóistín agus bia.

 

Nuair atá an cinneadh déanta agat dul amach ag taisteal thart, bí cinnte go dtabharfaidh tú leat do cheamara le grianghraif a ghlacadh de na hócáidí beaga draíochtúla a bheas agat.  Tá comórtas grianghrafadóireachta ar siúl ar leathanach Facebook Go Visit Donegal, agus cáileofar na deich n-íomhá is fearr don Bhabhta Mór Ceannais de Ghrianghraf na Bliana 2020 ag Go Visit Donegal.

 

I measc na nduaiseanna beidh Ceamara de dhéanamh Canon agus cúig dhearbhán €100 do gach ceantar bardais i nDún na nGall - Galf & Spa in Óstán an Redcastle Oceanfront, Óstán an Clanree, Óstán Jackson/an Villa Rose, Óstán Harvey’s Point, Óstán an Waterfront - mar sin de, anois an t-am le hathcheangal lenár gcontae féin, bheith cineálta do dhaoine eile, meas a bheith againn ar an scaradh sóisialta, agus na rudaí iontacha atá ar leac an dorais againn a bhlaiseadh agus a shú isteach.  Fá choinne tuilleadh eolais, téigh chuig govisitdonegal.com/donegal-offers

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO