Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas Eanáir 2020 > Tuairimí á lorg maidir le Cáin Mhaoine Áitiúil

13/07/2020 Bíodh do ghuth agat maidir le hathrú ar an ráta don Cháin Mhaoine Áitiúil i nDún na nGall

Bíodh do ghuth agat maidir le hathrú ar an ráta don Cháin Mhaoine Áitiúil i nDún na nGall

 

Tá Comhairle Contae Dhún na nGall ag iarraidh ar an phobal a dtuairimí a thabhairt i dtaca le moltaí leis an bhunráta Cáin Mhaoine Áitiúil a athrú i nDún na nGall in 2021.

 

Ba mhaith go mór leis an Chomhairle tuairimí a fháil maidir le haon mholadh a bheadh ann chun athrú a dhéanamh ar an ráta Cáin Mhaoine Áitiúil agus go háirithe ar aon tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag an athrú seo ar theaghlaigh, ar dhaoine aonair, ar ghnólachtaí agus ar sheirbhísí na Comhairle.

 

Is é atá sa Cháin Mhaoine Áitiúil, a tháinig i bhfeidhm in 2013, cáin bhliantúil a ghearrtar ar áiteanna cónaithe in Éirinn.  De réir an Achta Airgeadais (Cáin Mhaoine Áitiúil) 2012, arna leasú, thig le húdarás áitiúil bunráta na Cánach Maoine Áitiúla a athrú laistigh dá gceantar féin faoi uasmhéid de +/- 15%. 

 

Cuireadh méadú 15% ar an ráta Cánach Maoine Áitiúla i nDún na nGall don bhliain 2020.  Don bhliain 2021, d’fhéadfadh Comhairle Contae Dhún na nGall cinneadh a dhéanamh an ráta Cánach Maoine Áitiúla a choinneáil ag an leibhéal céanna leis an ráta a bhí i bhfeidhm in 2020.   D’fhéadfadh an Chomhairle an ráta a laghdú 15%, ar a mhéad, ón bhunráta.

 

Ní féidir an ráta Cánach Maoine Áitiúil a mhéadú níos mó ná mar atá i bhfeidhm faoi láthair don bhliain 2020.  Mar sin féin, i ndiaidh réimse saincheisteanna a chur san áireamh, d’fhéadfadh an Chomhairle an ráta a fhágáil mar an gcéanna leis an bhliain 2020.

 

Cuidíonn an t-airgead a bhailítear faoin Cháin Mhaoine Áitiúil le costais a bhaineann le réimse seirbhísí tábhachtacha de chuid na Comhairle a sholáthar, mar shampla leabharlanna, soilsiú poiblí, cothabháil bhóithre, seirbhísí tithíochta, seirbhísí dóiteáin, ag plé leis an dumpáil mhídhleathach agus ceisteanna bruscair, tograí pobail, bainistiú trá agus tograí forbartha turasóireachta.

 

Má dhéantar aon athrú ar an Cháin Mhaoine Áitiúil, bheadh impleachtaí aige sin do chumas na Comhairle na seirbhísí seo a chur ar fáil. Mar shampla, má laghdaítear an CMÁ, beidh laghdú ar an ioncam atá ar fáil don Chomhairle.  Dá bharr sin, beidh teorainn leis an líon agus réimse seirbhísí agus tacaíochtaí is féidir a sholáthar sa bhliain 2021.

 

Agus arís, ba mhaith go mór le Comhairle Contae Dhún na nGall do thuairimí a chluinstin i dtaca le haon mholadh a bheas ann leis an ráta Cáin Mhaoine Áitiúil a mhéadú nó a laghdú i nDún na nGall in 2021. Go háirithe, tá an Chomhairle ar lorg tuairimí maidir leis na tionchair a d’fhéadfadh a bheith ag aon athrú ar an bhunráta Cánach Maoine Áitiúla ar theaghlaigh, ar dhaoine aonair, ar ghnólachtaí agus ar sheirbhísí na Comhairle.

 

Tá tuilleadh eolais, chomh maith le liosta ceisteanna coitianta ar fáil anseo

 

Is é an dáta druidte le haighneachtaí a fháil ná an  21 Lúnasa 2020. Ba chóir tuairimí a dhéanamh i scríbhinn, trí ríomhphost chuig [email protected], nó sa phost chuid ‘Comhairle Contae Dhún na nGall, Aighneachtaí LPT, Teach an Chontae, Leifear, Co. Dhún na nGall’.

 

Pléifidh na Comhairleoirí Contae tuairimí an phobail, mar chuid den phróiseas le cinneadh a dhéanamh, ag cruinniú go mall i mí Mheán Fómhair 2020 nuair a dhéanfar cinneadh deireanach maidir le haon socrú i dtaca leis an ráta Cáin Mhaoine Áitiúil i nDún na nGall don bhliain 2021.

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO