Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas Eanáir 2020 > Tréimhse Drochaimsire

21/02/20 Comhairle Contae Dhún na nGall ag ullmhú do thréimhse na drochaimsire.

Tá rabhadh gaoithe agus báistí stádas buí eisithe do Chontae Dhún na nGall ón 3.00 r.n. Dé hAoine 21ú Feabhra go 3.00 r.n. Dé Sathairn 22ú Feabhra. Tá Foireann Measúnachta Drochaimsire na Comhairle Contae ar an airdeall, ullmhaithe agus ag déanamh monatóireacht ghéar ar staid na haimsire le linn an tréimhse drochaimsire seo.  

 

Dar le tuar na haimsire, leanfaidh an bháisteach ar aghaidh ar feadh an deireadh seachtaine agus tús na seachtaine seo chugainn. Tá baol tuilte ar fud an chontae ó seo go ceann cúpla lá mar gheall go bhfuil dromchlaí faoi uisce i láthair na huaire agus tá leibhéil na habhann ardaithe mar gheall ar an bháisteach a thit le tamall. 

 

 

Thug Seirbhís Feasachta Tuilte na hEorpa le fios go bhfuil seans maith ann go dtarlóidh tuilte timpeall ar dhobharcheantar an Fheabhail, rud a chiallaíonn gurb iad Béalach Féich, Srath an Urláir, Leifear, Caisleán na Finne agus Baile Suingean na ceantracha is mó atá i mbaol, tráthnóna Dé Sathairn agus luath maidin Dé Domhnaigh ach go háirithe. 

 

Ar eagla go dtarlódh tuilte i gcuid mhór áiteanna ar fud an chontae agus nach mbeidh go leor acmhainní ag an Chomhairle chun freastal orthu uilig, iarrtar ar úinéirí tí agus áititheoirí a bhfuil cónaí orthu i gceantracha a bhfuil baol tuilte ann, a bheith ar a n-aire i rith an ama agus aghaidh a thabhairt ar na tuilte sula dtarlaíonn siad trí bacainn tuile/málaí gainimh a leagan síos lena réadmhaoin a chosaint.

 

 

Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an Chomhairle le linn gnáthuaireanta oibre ar 074 91 53900  agus taobh amuigh de ghnáthuaireanta oibre nó i gcás éigeandála, is féidir teagmháil a dhéanamh le Seirbhís Bóithre na Comhairle ar 074 91 72288

I gcás éigeandála agus briogáid dóiteáin de dhíth, cuir scairt ar 999 nó 112.

 

 Is féidir an t-eolas is deireanaí maidir le staid na haimsire a fháil trí chlárú ar líne ag www.mapalerter.com/donegal nó Comhairle Contae Dhún na nGall a leanúint ar Facebook @Donegalcoco nó ar Twitter @DonegalCouncil.

 

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO