Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas Eanáir 2020 > Téarnamh Pobail Bheaga Tuaithe agus Trail Gazers

30/04/2020 Dul chun cinn déanta ar an ‘phleanáil maidir le téarnamh pobail bheaga tuaithe’ trí thogra úr Trail Gazers na hEorpa

Bhí cruinniú idirlín ar na mallaibh idir comhpháirtithe ar fud Limistéar an Atlantaigh chun leanúint orthu ag pleanáil agus ag dul chun cinn ar Thogra úr Trail Gazers i Limistéar an Atlantaigh, a bhfuil Comhairle Contae Dhún na nGall i gceannas air mar chomhpháirtí.  

 

Bunaíodh an tionscadal seo chun borradh a chur faoi phobail tuaithe trí bhonneagar straitéiseach siúil agus fóillíochta, i gceantracha ina bhfuil oidhreacht shaibhir nádúrtha, thógtha agus chultúrtha, a nascadh leis na bailte agus sráidbhailte thart orthu.   Trí bheith ag obair le príomhpháirtithe leasmhara sa ghnó, sa turasóireacht agus sa phobal, tá sé de chuspóir ag an tionscadal ábhar margaíochta oiriúnaithe a fhorbairt agus margaí úra nideoige a shroichint; tionscnaimh shaincheaptha Gnó go Custaiméir  a phíolótú, bunaithe ar léargais a fhoghlaimítear ó chuairteoirí ar na conairí agus ar ghrinneas gnó iontaofa; pleananna faoi cheannas an phobail a chothú chun todhchaí inbhuanaithe a chinntiú go fadtéarmach do gach suíomh conaire agus don cheantar máguaird.    Is é mórchuspóir an tionscadail seo ná feabhas a chur ar chuairteanna chuig conairí siúil agus fóillíochta sa réigiún agus dreasachtaí a chur ar fáil do na cuairteoirí seo chun tuilleadh eolais a chur ar a bhfuil ar fáil sna bailte agus sráidbhailte sa cheantar máguaird agus sult a bhaint astu.  

 

Is dóigh go mbeidh tionchar ag COVID-19 ar an bheocht atá i pobail bheaga tuaithe; agus mar sin de, tá sé an-tábhachtach, in aon phleanáil i dtaca le téarnamh pobail tuaithe mar seo ar fud Limistéar an Atlantaigh, an leas is mó agus is féidir a bhaint as infheistíochtaí straitéiseacha i mbonneagar turasóireachta, siúlóidí agus fóillíochta.

 

Tá an tionscadal seo ag foghlaim ó shaineolaithe san earnáil a bhfuil na blianta de thaithí acu ag obair ar fhorbairt conairí agus a bhfuil eolas acu ar cad é a n-éiríonn leis, agus cad é nach n-éiríonn leis, agus muid ag dul sa tóir ar thurasóirí siúil agus timpeallachta agus a chinntiú gur féidir le pobail tuaithe agus bonneagar tuaithe fás ar dhóigh inbhuanaithe chun glacadh leis an mhéadú ar an líon cuairteanna, gan dochar a dhéanamh do na hacmhainní nádúrtha a bhfuil tóir ag na cuairteoirí orthu.   Tá réimse leathan conairí roghnaithe ag na comhpháirtithe seo chun na dea-chleachtais is fearr a thástáil i dtaca le braiteoirí agus áiritheoirí a chur isteach, líon na gcuairteoirí a ghabháil agus a thuar ar mhaithe le cothabháil agus seirbhísiú na gconairí don todhchai; suirbhéanna a dhéanamh ar úsáideoirí na gconairí chun gnéithe a aithint a chuirfeadh feabhas ar a gcuairt; ag obair le gnólachtaí áitiúla chun tionscnaimh Gnó go Custaiméir a fhorbairt leis an bhuntáiste ó chuairteoirí a fheabhsú; íomhánna digiteacha a ghabháil chun gach suíomh úr a thaispeáint do lucht féachana úr; pleananna conairí pobail a fhorbairt atá dírithe ar eispéiris ar leith etc.   

 

Is iad na hocht gconaire atá roghnaithe leis an tionscadal seo a thástail ná 'Chemin De Mémoires', sa Bhriotáin, An Fhrainc; ‘Via Verde del Plazola' in Navarra, An Spáinn; 'La Caldera de Taburiente’ i  Las Palma sna hOileáin Chanáracha; na 'Seven Hanging Valleys' san Algarve, An Phortaingéil; 'Sacred Mountain' in Viana do Castelo, Tuaisceart na Portaingéile; an ‘Taff Trail’ in Oirthear na Breataine Bige agus na Valleys;  ‘Lúb Chnoc na Ria / Chill Easpaig Bhróin’ i Sligeach agus ‘Leibhéil na hInse’ i nDún na nGall. Lena chois sin, tá Ollscoil Caledonian Ghlaschú agus Ollscoil Uladh ag tabhairt treoir thábhachtach maidir le teicneolaíocht nuálach agus modhanna chun sonraí a ghabháil le haghaidh gach suíomh.

 

Tá ionchur an phobail ríthábhachtach don tionscadal seo agus chuige sin ba mhaith leis an chomhpháirtíocht a chinntiú go bhfuil ionadaíocht ag na príomh-earnálacha sa phobal tuaithe ar na ‘Grúpaí Comhairleoireachta Tionscadail’ in achan cheann de na réigiúin.   Beidh na grúpaí seo i mbun ‘fís chomhroinnte’ a fhorbairt agus a threorú do gach suíomh conaire, atá bunaithe ar fhianaise agus ar ghabháil sonraí tríd an tionscadal, agus cuirfidh siad réimse tionscadail phobaltacaithe ar fáil, iad réidh chun sluasaide, trí phleananna praiticiúla conairí a chinnteoidh inbhuanaitheacht i gceantracha tuaithe sa todhchaí.     Beidh Suíomh Gréasáin úr na Trail Gazers ar fáil i mí na Bealtaine agus ar a dtig le haon saoránach ar suim leo an t-ábhar seo bheith páirteach i bpobal idirlín atá tiomanta do shiúlóidí agus do chonairí i Limistéar an Atlantaigh.

 

Oibreoidh an chomhpháirtíocht go crua sna seachtainí amach romhainn lena chinntiú go bhfuil gach socrú riachtanach i bhfeidhm le gur féidir leanúint leis an obair thábhachtach seo nuair a mhaolófar na srianta.

 

Is togra é Trail Gazers a fhaigheann comh-mhaoiniú ó Chlár Limistéar an Atlantaigh de chuid Interreg trí Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa.

 

Tá tuilleadh eolais faoi Trail Gazers ar fáil ar an leabhrán seo.

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO