Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas Eanáir 2020 > Stoirm Chiara - Airdeall

08/02/20 Stoirm Chiara – Gá le bheith ar an Airdeall

Tá Met Éireann arís i ndiaidh cur le leibhéal an rabhaidh don ghaoth mar chuid den rabhadh aimsire a rinneadh roimhe seo do Chontae Dhún na nGall, ó stádas buí go stádas flannbhuí don tréimhse ama 05:00  go dtí 12:00  Dé Domhnaigh, 9 Feabhra 2020. Níl aon athrú eile ar an chuid eile den rabhadh a eisíodh don Aoine 7ú, An Satharn 8ú agus an Domhnach 9ú Feabhra, seachas an t-athrú don ghaoth ó 12:00  go dtí 16:00  Dé Sathairn, 8 Feabhra agus ó 05:00  go dtí 12:00  Dé Domhnaigh, 9 Feabhra.

 

Tá Foireann Measúnaithe Drochaimsire Chomhairle Contae Dhún na nGall ag bualadh le chéile mar fhreagairt ar Stoirm Chiara agus tá siad ag leanúint orthu ag breathnú go géar ar choinníollacha go háitiúil de réir mar atá an stoirm ag gabháil.

 

Tá muid ag iarraidh ar an phobal a bheith ar a n-airdeall i dtaca le crainn agus smionagar ag titim. D’fhéadfadh an fhearthainn throm a bheith iomarcach do na draenacha agus na lintéir agus dá bharr sin d’fhéadfadh uisce a bheith ar dhromchlaí, agus iarrtar ar úinéirí agus shealbhóirí talún a gcuid draenacha agus lintéar a sheiceáil fá choinne bacanna a d’fhéadfadh a bheith ann. 

 

Táthar ag tuar go mbeidh rabhartaí farraige ann ar an chósta thiar suas go dtí 1.0m agus tá taoidí arda tuartha fosta ón Satharn go dtí An Chéadaoin. Táthar ag iarraidh ar an phobal a bheith airdeallach ar feadh an chósta. Tá Garda Cósta na hÉireann ag moladh don phobal ar an chósta ‘Fanacht siar, fanacht ard agus fanacht tirim’.

 

Tá an Chomhairle ag iarraidh ar úinéirí agus ar shealbhóirí i gceantracha a bhíonn i mbaol tuilte a bheith airdeallach.

 

Táthar ag iarraidh ar thiománaithe bheith níos cúramaí agus iad ag tiomáint le linn aimsir stoirmiúil agus a bheith an-chúramach faoi rothaithe agus choisithe agus a bheith airdeallach faoin bhaol atá ann go mbeidh crainn agus smionagar ag titim.

 

Tá baol ann fosta go mbeidh bristeacha cumhachta ann agus tá muid ag iarraidh ar an phobal a bheith ullamh agus seiceáil isteach ar sheandaoine nó bhaill leochaileacha teaghlaigh agus ar chomharsana lena chinntiú go bhfuil siad sábháilte agus te.

 

Leanfaidh Foireann Measúnaithe Drochaimsire Chomhairle Contae Dhún na nGall orthu ag breathnú ar an scéal agus tá gach seirbhís de chuid na Comhairle réidh agus ar fáil chun gníomhú, mar is gnáth.

 

Is féidir dul i dteagmháil leis an Chomhairle le linn gnáthuaireanta oibre ar  074 91 53900 agus i gcás éigeandála lasmuigh d’uaireanta oibre is féidir teagmháil a dhéanamh le Seirbhís Bóithre na Comhairle ar 074 91 72288.  Fá choinne éigeandálaí ina bhfuil gá leis an tSeirbhís Dóiteáin, cuir scairt ar  999 nó 112.

 

Thig leat coinneáil suas chun dáta faoi choinníollacha trí shíniú suas le haghaidh fógraí faisnéise ar do ghuthán trí chlárú ar www.mapalerter.com/donegal nó trí Chomhairle Contae Dhún na nGall a leanúint ar Facebook nó ar Twitter @DonegalCouncil.

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO