13/01/2020 (15.10 i.n) Stoirm Bhreandáin – Is gá a bheith ar an airdeall go fóill
Tá monatóireacht ghéar á déanamh go fóill ag Foireann Mheastóireachta na Drochaimsire, Comhairle Contae Dhún na nGall i gcomhar leis na gníomhaíochtaí náisiúnta, an Stiúrthóireacht Náisiúnta um Bainistíocht Dóiteáin agus Éigeandála, Met Éireann agus an OOP ar éifeacht Stoirm Bhreandáin agus í ag dul trasna na tíre inniu.
Tá rabhadh gaoithe stádas oráiste i bhfeidhm do chontae Dhún na nGall go dtí’n 9.00 i.n. anocht ar a luaithe. D’fhéadfadh sé go mbeadh tuilte i gceantracha cósta mar gheall ar ghálaí láidre gaoithe a bheith ag séideadh ón fharraige, ardtaoide rabharta agus borradh stoirme.
Deir Met Éireann go mbeidh gálaí gaoithe ag séideadh aneas agus go bhfuil an baol ann go ndéanfar damáiste. Socróidh cúrsaí san iarnóin ach beidh ceathanna troma fearthainne agus clocha sneachta ann agus tá baol toirní ann go fóill.
Ardóidh luas na gaoithe arís tráthnóna afách agus tá séideáin arda gaoithe geallta do chontaetha Mhaigh Eo agus Dún na nGall.
Ní aon tuairisc faighte againn maidir le tuilte ar chósta Dhún na nGall. Is cosúil go n-ardóidh an borradh stoirme arís san iarnóin agus go leanfaidh sé ar aghaidh go dtí maidin Dé Céadaoine. Tá seans ann go mbeidh gníomhaíocht na toinne thar a bheith láidir. Meastar go mbeidh lán mara ann ag timpeall 8.00 tráthnóna. Moltar do dhaoine fanacht ar shiúl ón chósta ag an am seo.
Leagadh roinnt crainn ar fud an chontae ach tá Meithleacha Oibre Sheirbhís Bhóithre na Comhairle ag dul i ngleic leis na heachtraí seo de réir mar a tharlaíonn siad. Tá an seans ann go mbeidh bóithre blocáilte ar feadh tamaill agus na crainn seo á nglanadh. Tá Droichead Anraí Bléine a cheanglaíonn Carraig Airt le Fánaid dúnta d’fheithiclí taobh-arda.
Iarrtar ar an phobal cloí leis na moltaí sábháilteachta seo a leanas: