Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas Eanáir 2020 > Spraoi Teaghlaigh ó i bhFad le linn Wainfest

02-10-20 – Spraoi Teaghlaigh ó i bhFad le linn Wainfest i mbliana

Tá Wainfest, féile bhliantúil ealaíne agus leabhar do pháistí i nDún na nGall, ag ullmhú le haghaidh seachtain ghoitheach amach romhainn, ach ar dhóigh iomlán difriúil i mbliana! Is é An Spraoi ó i bhFad téama oiriúnach na bliana seo agus srianta Leibhéal 3 i bhfeidhm ar fud Dhún na nGall. Tá roinnt imeachtaí duine le duine curtha ar ceal ach tá bród orainne i Rannán Cultúir Chomhairle Contae Dhún na nGall réimse imeachtaí spraíúla siamsúla, scartha go sóisialta, a reáchtáil idir 3-11 Deireadh Fómhair.

 

Agus í ag caint faoin chlár imeachtaí, dúirt Sinéad McLaughlin, comhordaitheoir na féile: “cé go bhfuil díomá orainn gur tháinig srianta Leibhéal 3 i bhfeidhm le linn na féile, tuigimid gur ar mhaithe le leas an phobail atá sé, agus tá cuid mhór imeachtaí sultmhara ar siúl don teaghlach go fóill, rud a chinnteoidh go mbeidh Spraoi ó i bhFad againn agus muid ag cloí leis an chomhairle shláinte phoiblí. Tá muid i ndiaidh imeachtaí breise a chur ar an chlár in áit cuid de na himeachtaí beo a cuireadh ar ceal de bharr na srianta.”

 

Rachaidh an fhéile ar aghaidh le roinnt imeachtaí fisiciúla … agus tosóidh sé Dé Sathairn 3 Deireadh Fómhair le Tóraíocht Oidhreachta ó do Ghuthán Póca i gcomhar le Músaem Contae Dhún na nGall, agus i bPáirc Náisiúnta Ghleann Bheatha mar a bhfuil Seachtain san Fhiantás eagraithe acu do theaghlaigh. D’aon duine atá ag iarraidh fanacht sa bhaile, caith súil ar an seó eolaíochta ar líne atá á sholáthar ag Spraoi agus Spórt, agus taispeántas cócaireachta ar líne le Comhpháirtíocht Forbartha Inis Eoghain.

 

 

Cuid bheag de na himeachtaí a bheas ar siúl le linn Wainfest idir 3-11 Deireadh Fómhair

 

Dé Domhnaigh 4 Deireadh Fómhair tchífear an dream an-ábalta go deo Cahoots NI ag clárú teaghlaigh lena seó Wainfest University of Wonder and Imagination. Bí ag dréim le draíocht agus cuid mhór spraoi. I rith na seachtaine, beidh an fhéile ag reáchtáil imeachtaí ar líne do pháistí leis an fhile Paul Cookson, an t-údar Rashmi Sirdesphande, an siamsóir agus scéalaí Mr Hullabaloo. Agus do na tachráin beidh Bedtime Music and Movement le Coochie Coo agus Parent and Toddler Music Fun le Spraoi agus Spórt.

 

Don chéad úr ar an chlár tá dhá sheó ar líne ó Cahoots NI. Beidh léirithe drámaíochta de Penguins ar fáil Dé Sathairn 3 agus Dé hAoine 9, agus beidh Under the Hawthorn Tree ar siúl Dé Domhnaigh 4 ar a ceathair a chlog.

 

 

Is gá clárú don chuid is mó de na himeachtaí agus is féidir sin a dhéanamh ach ríomphost a chur chuig [email protected]. Fá choinne tuilleadh eolais faoin fhéile, chomh maith le heolas cláraithe agus clár ama do na himeachtaí, gabh chuig suíomh na féile ar anseo nó lean @DonegalCountyLibrary ar Facebook agus @DonegalLibrary ar Twitter.

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO