Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas Eanáir 2020 > Seirbhís úr ePháirceála

22/06/20 Seirbhís úr ePháirceála seolta ag Comhairle Contae Dhún na nGall

e Parking

Sa ghrianghraf ag an seoladh don tSeirbhís úr ePháirceála tá an Clr. Rena Donaghy, Cathaoirleach ar Chomhairle Contae Dhún na nGall, John McLaughlin, Stiúrthóir na Seirbhíse Bóithre, Comhairle Contae Dhún na nGall, Sean Flanagan, Leona Curran, Rannóg Páirceála Chomhairle Contae Dhún na nGall, agus Danny Dougherty, Maor Tráchta.

 

Tá Comhairle Contae Dhún na nGall i ndiaidh a Seirbhís úr ePháirceála a sheoladh inniu.  Tríd an tseirbhís seo, beidh daoine in ann íoc as a gcuid táillí páirceála gan airgead tirim a úsáid, trí aip ar ghuthán cliste agus ar shuíomh idirlín.  Beidh sé i bhfeidhm in achan cheann de na cúig bhaile mhóra i nDún na nGall ina bhfuil córas Íoc agus Taispeáin ann faoi láthair - Bealach Féich, Bun Cranncha, Bun Dobhráin, Baile Dhún na nGall agus Leitir Ceanainn.  Is féidir é a úsáid ar aon cheann de na sráideanna agus carrchlóis ina bhfuil córas Íoc agus Taispeáin i bhfeidhm faoi láthair.

 

Agus í ag cur fáilte roimh an tionscnamh, dúirt Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall, an Clr. Rena Donaghey, go mbeadh an córas úr an-áisiúil do lucht siopadóireachta agus do chuairteoirí.  ‘Ní bheidh ort bheith buartha faoi gan an briseadh ceart a bheith agat le páirceáil - níl le déanamh agat ach Aip ePháirceála Dhún na nGall a íoslódáil, an zón a roghnú, an méid ama ar mhaith leat íoc as, agus an íocaíocht a dhéanamh ó do chreidmheas réamhcheannaithe.  Ní bheidh ort rith ar ais chuig an ineall páirceála agus ticéad úr a chur suas sula rachaidh an seancheann in éag, thig leat síneadh ama páirceála a fháil ó do ghuthán gach pilleadh chuig do charr sa dóigh is go dtig leat do chruinniú nó do chupán caife a chríochnú ar do sháimhín só”.

 

Dúirt John McLaughlin, Stiúrthóir Seirbhísí Bóithre agus Iompair: “Tá lúcháir ar Chomhairle Contae Dhún na nGall a bheith in ann an tseirbhís úr bhreise seo a chur ar fáil.  Tá muid i gcónaí ag feabhsú ár gcuid seirbhísí trí sheirbhísí atá éifeachtúil, difriúil agus custaiméir-bhunaithe a sholáthar trí theicneolaíochtaí úra a úsáid; agus ní haon eisceacht é cúrsaí páirceála.  Gach duine ar mian leo teacht ar cuairt agus gnoithe a dhéanamh sna bailte móra sa chontae, beidh siad in ann íoc as a gcuid táillí páirceála ar dhóigh eile níos áisiúla tríd an tseirbhís seo.”

 

Tá an tseirbhís úr seo á cur ar fail i gcomhar leis an mhodh reatha atá ann chun íoc ag an mhéadar.

 

Tá an Aip úr ar fáil le híoslódáil saor in aisce trí APPLE STORE agus GOOGLE PLAY.

 

Tuilleadh sonraí ar fáil anseo.

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO