Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas Eanáir 2020 > Seirbhís Glaoigh agus Bailigh ó na Leabharlanna

30-09-20 - Seirbhís Glaoigh agus Bailigh i bhfeidhm ag Leabharlanna Dhún na nGall

Tá Contae Dhún na nGall i ndiaidh bogadh go dtí Leibhéal 3 den chreatchóras i bPlean Teacht Aniar agus Téarnamh an Rialtais.   Níl na leabharlanna ar oscailt do bhaill den phobal. Mar sin féin, thig le baill leabharlainne a gcuid leabhar agus DVDanna a fháil tríd an tseirbhís úr Glaoigh agus Bailigh atá ag Leabharlanna Dhún na nGall.

 

Is é atá in ‘Glaoigh agus Bailigh’ ná dóigh ag baill chun leabhair a ordú agus ansin iad a bhailiú ón leabharlann áitiúil nuair a bhíonn siad ar fáil.

 

Is féidir leo fosta iarratais a dhéanamh ar an ghnáthdhóigh - tríd an chatalóg ar líne, trí rphost nó ar an ghuthán. Nuair a thiocfaidh an rud atá á lorg, rachaidh an tseirbhís leabharlainne i dteagmháil leis an bhall chun socruithe a dhéanamh lena bhailiú le linn gnáthuaireanta oscailte na leabharlainne.

 

Is é a dúirt Eibhlín Brugha, Leabharlannaí an Chontae “Tá Dún na nGall bogtha go dtí leibhéal a trí agus ciallaíonn sin gur gá dúinn uilig comhoibriú lena chéile leis na seirbhísí a sholáthar ar dhóigh atá sábháilte. Tríd an chóras Glaoigh agus Bailigh thig lenár gcuid ball leanstan ortha ag baint sult as leabhair, rud a chuirfidh go mór le folláine le linn an ama seo lán de neamhchinnteacht”.

 

Mhol Eibhlín Brugha do bhaill fosta gan dearmad a dhéanamh ar na seirbhísí leabharlainne eile atá ar fáil saor in aisce do bhaill na leabharlainne, amhail: ríomhleabhair, cúrsaí foghlamtha ar líne, ríomh-irisí, foghlaim teangacha, nuachtain agus bunachair shonraí le haghaidh tagairtí.   

 

Beidh an tseirbhís Glaoigh agus Bailigh ar fáil sna leabharlanna seo a leanas le linn gnáthuaireanta oscailte na leabharlainne; An Lárleabharlann i Leitir Ceanainn, Leabharlann Phobail Bhun Cranncha, Leabharlann Phobail Bhun Dobhráin, Leabharlann Phobail an Dá Bhaile agus Leabharlann Phobail Ghaoth Dobhair.

 

Seiceáil na huaireanta oscailte le haghaidh na seirbhíse Glaoigh agus Bailigh do do leabharlann áitiúil anseo. 

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO