Ba mhaith le Comhairle Contae Dhún na nGall a chur in iúl don phobal gur tuairiscíodh líon an-ard doirte ola, as an ghnáth ar fad, ó umair ola tí le roinnt seachtainí anuas, rud a chuireann isteach ar fhoirgnimh, ar thalamh agus ar chúrsaí uisce, agus bíonn gá le hoibríochtaí glantacháin atá costasach agus fadálach. De bharr ola a bheith níos saoire faoi láthair, is léir go bhfuiltear ag líonadh roinnt umar suas go dtí leibhéil atá déanamh dochar struchtúrtha nó ag scoilteadh na n-umar, agus tá fianaise ó bhéal go bhfuil daoine ag ceannach umair bhreise dara láimhe a d’fheadfadh a bheith lochtach. Ba mhaith leis an Chomhairle a mholadh d’úinéirí tí an bhail atá ar a gcuid umar a sheiceáil sula líonfaidh siad é agus ansin é a sheiceáil arís láithreach bonn, agus go ceann tamaill ina dhiaidh sin, go háirithe ag áit ar bith a bhfuil píopaí ceangailte le chéile, rud a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le sceitheadh.
Nuair a sceitear ola ar an dóigh seo:
Aon duine a tchíonn doirteadh ola ba chóir dóibh dul i dteagmháil leis an Chomhairle Contae tríd an Lár-Ionad Custaiméara ar 074-9153900 nó trí ríomhphost [email protected] fá choinne comhairle agus eolais.