Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas Eanáir 2020 > Seal ar Rothar agus Seal Cainte in Inse

22/09/20 – Seal ar Rothar agus Seal Cainte in Inse le linn Sheachtain Náisiúnta na Rothaíochta 2020

 

Jason Black

 

Léim in airde ar do rothar Dé Sathairn 26 Meán Fómhair 2020 agus gabh amach le Trail Gazers na Comhairle Condae agus Jason Black mar chuid de Sheachtain Náisiúnta na Rothaíochta. Is turas gairid spraíúil 8km a bheas ann (le scaradh sóisialta), ar luas deas réidh i Leibhéal na hInse (ag toiseacht ag Carrchlós Mhic Craith ar 12 meánlae).

 

Beidh idir aoibh agus gáire againn i ndiaidh an turais, agus muid ag ithe an lóin phacáilte (a chuirfear ar fáil). Beidh deis againn cluinstin fosta ó Jason faoi na buntáistí iontacha, don cholainn agus don intinn araon, a bhaineann le bheith ag caitheamh ama amuigh faoin spéir i nDún na nGall.

 

Tabharfaidh Jason nod nó dhó faoin dóigh is fearr le toiseacht, faoi bhia agus faoin cholainn a bhreoslú le go mbeidh am níos sultmhaire agat in éineacht le do chlann agus do chairde. Is spórt í an rothaíocht a bhfuil an-ráchairt uirthi ar fud an domhain, agus daoine ag léim in airde ar an dá roth bíodh sin le haghaidh turas sultmhar Dé Domhnaigh, le taisteal chun na hoibre nó le dul ar thuras rothaíochta lán eachtraíochta. Tá rudaí a thig le gach duine againn a fhoghlaim go fóill faoin chaitheamh aimsire seo is ansa linn.

 

 

Bill Vaughan

 

Beidh Bill Vaughan ó Mheabhairshláinte na hÉireann, Cothú na Sláinte, agus John Meehan, Stiúrthóir na hOifige Náisiúnta um Féinbhás a Chosc agus Meabhairshláinte, FFS, inár gcomhluadar agus iad ag míniú cé chomh tábhachtach agus atá an saol faoin don intinn agus don cholainn. Beidh málaí féiríní eolais acu le tabhairt do gach duine. Beidh tú ábalta níos mó a fhoghlaim fosta faoi thogra Trail Gazers na Comhairle Contae i nDún na nGall agus an obair atá ar siúl acu ar an Inse agus an dóigh a dtig leat a bheith páirteach.

 

John Meehan

 

Ag súil le sibh uilig a fheiceáil ag Carrchlós Mhic Craith, Inse ar 12 meán lae. Léim suas ar do rothar agus bí linn Dé Sathairn 26 (in aice leis an chomhartha do Shlí an Atlantaigh Fhiáin) le haghaidh turas gairid rothaíochta agus dreas cainte le lón. Tabhair faoi deara go bhfuil ort do rothar féin agus do chlogad féin a thabhairt leat. Cláraigh anseo (áiteanna teoranta).

 

Tar go hInse agus beidh scéal agat le hinse!

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO