Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas Eanáir 2020 > Seachtain na hEolaíochta

03/11/20 - Seirbhís Leabharlainne Dhún na nGall chun clár iontach d’imeachtaí ar líne a chur ar fáil do pháistí i rith Seachtaine na hEolaíochta

 

Cuirfidh Seirbhís Leabharlainne Dhún na nGall clár iontach d’imeachtaí ar líne ar fáil do leanaí i rith Seachtaine na hEolaíochta.  Beidh an fhéile ar siúl ón 8 - 15 Samhain in ionaid éagsúla ar fud na hÉireann, agus is í téama na bliana seo ná ‘Ár dTodhchaí a Roghnú’ agus díríonn sí ar “cad é mar is féidir leis an eolaíocht ár saol a fheabhsú sa todhchaí agus san am i láthair.  Déanfar scrúdú ar an dóigh gur féidir leis an eolaíocht tacú linn roghanna  a dhéanamh a rachaidh i bhfeidhm ar an chomhshaol, ar ár sláinte agus ar chaighdeán ár mbeatha ”. Agus an téama san áireamh, tá clár cuimsithe curtha le chéile ag an tseirbhís leabharlainne atá fóirsteanach do pháistí bunscoile agus tá teacht acu ar fad ar an chlár sin.

 

Tá Seachtain na hEolaíochta mar chuid lárnach d’obair ‘Fondúireacht Eolaíochta Éireann’ agus is é sprioc na seachtaine seo ná ceiliúradh a dhéanamh ar shaol tarraingteach na heolaíochta.

 

Is í an aidhm ná páistí scoile a spreagadh chun tabhairt faoin eolaíocht ar bhealach spraíúil agus idirghníomhach agus feasacht agus tuiscint ar thábhacht agus ábharthacht STEM (eolaíocht, teicneolaíocht, innealtóireacht agus matamaitic) a chur chun cinn sa saol laethúil.

 

I mbliana, níos mó ná riamh, tuigeann páistí cé comh tábhachtach ‘is atá eolaíocht dá saol, agus le linn ár bhféile Eolaíochta ar feadh na seachtaine uile-fhíorúil, is féidir leo foghlaim faoi na haireagáin is déanaí, léargas a aimsiú in áiteanna aisteacha agus an méid a fhoghlaimíonn siad a chur i ngníomh éifeachtach agus sin ar fad a dhéanamh ó chompord a mbailte agus a seomraí ranga féin!

 

 

Tá an Dr Norah Patten, innealtóir aerloingseoireachta Éireannach agus abhcóide STEM, a bhuaigh duaiseanna ó Bhéal an Átha, mar chuid d’fhéile na bliana seo.   

 

Ar an Aoine, 13 Samhain ag 12 meánlae, beidh Norah ag léamh óna leabhar ‘Shooting for the Stars’, agus léireoidh sí go leor fíricí spraíúla faoin spás agus na céimeanna suntasacha a chaithfear a ghlacadh le bheith i do spásaire.

 

Freagróidh Norah do cheisteanna faoin spás fosta agus labhróidh sí faoi chuid den oiliúint a rinne sí chun an spás a bhaint amach, mar shampla, tástáil a dhéanamh ar chulaith spáis agus eitiltí micreagrafaíochta. Gheobhaidh buaiteoirí Chomórtas Lego na bliana seo cóip dá leabhar.

 

Ar an Déardaoin, 12 Samhain ag 10 am, pléifidh an Tiarna, an tOllamh agus pearsantacht teilifíse Robert Winston an leabhar is déanaí dá chuid “Inventors: Incredible Stories of the World’s Most Ingenious Invention” a bhreathnaíonn ar éachtaí thar na bearta de níos mó ná 50 aireagóir.  Tá na scéalta chomh neamhghnách agus atá siad uathúil. I measc na n-aireagán ceannródaíoch seo, tá na fionnachtana is luaithe ar fhorbairtí an lae inniu san eolaíocht, bia, iompar, teicneolaíocht, bréagáin agus go leor eile.

 

 

Is maith is eol dúinn ar fad fan chomhairle sláinte poiblí atá i bhfeidhm i láthair na huaire agus mar gheall ar sin, gheobhaidh bunscoileanna i nDún na nGall cóip leictreonach den bhróisiúr, agus is féidir le páistí agus teaghlaigh a bheith ar an eolas faoi na himeachtaí atá ar siúl mar chuid d’imeachtaí Seachtain na hEolaíochta i nDún na nGall trí sheiceáil ar ár suíomh gréasáin, agus trí ár gcuntais Facebook agus Twitter a leanúint. Cóip de Chlár na Seachtaine Eolaíochta anseo.

 

 

Tá súil againn go mbeidh Seachtain Eolaíochta 2020 ina crann taca iontach cruthaitheach agus samhlaíoch ar an fhoghlaim!

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO