Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas Eanáir 2020 > Scéim úr Dreasachta Rátaí

Scéim úr Dreasachta Rátaí

31/01/2020 Scéim Dreasachta Rátaí Úr

 

Sheol Comhairle Contae Dhún na nGall scéim dreasachta rátaí úr. Is í aidhm na scéime ná bailte tuaithe agus sráidbhailte a athbheochan agus a athnuachan trí líon na ngnólachtaí trádála sna bailte tuaithe agus sráidbhailte a mhéadú agus líon na n-áitreabh folamh ar fud na condae a laghdú.

 

Bunaíodh an scéim chun gnólachtaí úra a spreagadh teacht agus lonnú in áitribh thráchtála sna bailte tuaithe agus sráidbhailte. Tá an scéim dírithe ar fhiontraithe, úinéirí tí, úinéirí talún nó duine ar bith eile ar mian leo gnó a bhunú.

 

Tá deontais ar fáil, ag brath ar choinníollacha éagsúla, do ghnólachtaí úra a lonnaíonn in áitribh thráchtála atá folamh le níos mó ná dhá bhliain. Tá an deontas dírithe le dliteanas na rátaí a chúiteamh do ghnólachtaí úra sna céad trí bliana trádála: le laghdú de 75% i mbliain a haon, 50% i mbliain a dó agus 25% i mbliain a trí. Táthar ag súil go dtiocfaidh feabhas ar chúrsaí tráchtála agus miondíola sna sráidbhailte mar thoradh ar an scéim seo agus go rachaidh sí chun tairbhe do ghnólachtaí atá bunaithe cheana féin trí líon a gcustaiméirí a ardú . Tá an scéim dírithe ar achan chineál gnólachta ar nós siopaí/aonaid mhiondíola, oifigí, naíolanna agus áiseanna cúraim leanaí , clinicí sláinte/leighis agus gnólachtaí a fheidhmíonn i réimse na folláine agus cúraim phearsanta.

 

 

Chuir Cathaoirleach na Comhairle an Clr Nicholas Crossan fáilte roimh na tograí. Spreagadh breise atá iontu a chuirfeas le fás eacnamaíoch na contae. “Tuigeann an Chomhairle go bhfuil dúshláin go leor le sárú ag gnólachtaí i mbailte tuaithe agus sráidbhailte sa chontae. Is í an aidhm atá le Scéim Dreasachta Rátaí ná gnólachtaí agus úinéirí talún a spreagadh le húsaid a bhaint as áitribh fholmha arís trí scéim a dhéanfaidh cúiteamh ar Rataí Tráchtála. Má lonnaíonn gnólachtaí sna háitribh fholmha,  chiallódh sé go mbeadh an scéim ag tacú le hathnuachan na mbailte tuaithe fosta agus chruthódh sé seo sráid-dreacha níos fearr chomh maith le tuilleadh custaiméirí a tharraingt ar na gnólachtaí atá ann cheana féin”, a dúirt an Clr Crossan.

 

 

Chuir Príomhfheidhmeannach na Comhairle, Seamus Neely fáilte roimh an scéim chomh maith. “Tá lúcháir orm go mbeidh an scéim seo mar fhoinse mhaoinithe ag gnólachtaí sa dóigh is go spreagfar iad lena ngnó a bhunú in áitribh atá folamh le níos ná dhá bhliain anuas. Cuireann an Scéim Dreasachta Rátaí go mór le tograí eile a thacaíonn le gnólachtaí agus cúrsaí athbheochana. Tá na tograí seo curtha ar fáil ag an Chomhairle mar chuid dá hobair leanúnach sna ceantracha seo. I measc na dtograí, tá Seirbhísí na n-Oifig Fiontair Áitiúil, Athnuachan Bhailte Tuaithe agus Sráidbhailte, cur chun cinn agus forbairt na turasóireachta agus tograí infreastruchtúir sóisialta.”

 

Tá tuilleadh eolais agus foirmeacha iarratais le fáil anseo nó trí ríomhphost a sheoladh chuig [email protected] nó trí teagmháil dhíreach a dhéanamh leis an Chomhairle ar 074 9153900.

 

Má ta aon chomhairle de dhíth ort i dtaca le gnó a bhunú i nDún na nGall, téigh i dteagmháil leis an Oifig Fiontair Áitiúil ar 074/9160735 nó logáil isteach ar an suíomh www.localenterprise.ie/donegal

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO