Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas Eanáir 2020 > Scéim Tuilte Leifear Comhairliúchán

17/02/20 Comhairliúchán Poiblí ar siúl maidir le Scéim Chosanta i gcás Tuilte do Leifear

Lifford FRS

 

Beidh seisiún Comhairliúcháin Phoiblí maidir le Scéim Cosanta i gcás Tuilte do Leifear ar siúl ar 27ú Feabhra ón 4.00 i.n – 8.00 i.n i Seanteach na Cúirte, Leifear.

 

Is í sprioc an togra ná Scéim Chosanta i gcás Tuilte a fhorbairt, sceim atá inmharthanna go heacnamaíoch, íogair ó thaobh na timpeallachta de agus gur féidir leis an phobal glacadh leis.

 

Is í aidhm an Lá Comhairliúcháin Phoiblí ná foireann an togra a chur in aithne, an próiseas a dhéanann forbairt ar an scéim a chur i láthair agus aon eolas áitiúil a mbeadh tábhacht leis nó a chuirfeadh le haidhm an togra  a chruinniú ó pháirtithe leasmhara nó ón phobal.

 

Deis a bheas ann do pháirtithe leasmhara agus baill den phobal a gcuid tuairimí a roinnt agus foghlaim faoin dóigh a ndéantar dul chun cinn ar leagan amach na scéime.   

 

Beidh an dara Lá Comhairliúcháin Phoiblí ar siúl le páirtithe leasmhara agus an pobal a chur ar an eolas faoin dóigh ar baineadh úsáid as a dtuairimí agus a n-aighneachtaí le linn próiseas forbartha na scéime.

 

Cead isteach agus fáilte roimh an phobal uilig.

 

An t-eolas is deireanaí maidir leis an togra ar fáil ag: www.liffordfrs.ie

 

Leabhrán Comharliúcháin Phoiblí maidir le Scéim Chosanta i gcás Tuilte Leifear

 

Nuachtlitir Scéim Chosanta i gcás Tuilte Leifear, Feabhra 2020

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO