Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas Eanáir 2020 > Riverine - Blasimeacht

11/02/20 Blasimeacht Togra Timpeallachta Cois Abhann

Riverine Environmental Project

 

Beidh blasimeacht ar siúl ag Togra Timpeallachta Cois Abhann agus tá cuireadh ag pobal Leifear agus an tSratha Báin páirt a ghlacadh sna tograí éagsúla timpeallachta atá ar fáil. Is togra é seo atá ar bun ag Comhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin i gcomhar le Comhairle Contae Dhún na nGall. Tá siad ag díriú ar cheangail trasteorann agus trasphobail i gceantar an tSratha Báin, Leifear agus ceantair eile atá timpeall orthu.

 

Tá fáilte roimh achan duine bualadh isteach chuig Amharclann an Alley, An Srath Bán ar an 26ú Feabhra  2020 ón 7.00 i.n – 9.00 i.n.

 

Déanfar topicí ar nós an dóigh leis an tírdhreach a léamh, an tábhacht atá le hainmneacha réimsí, fiadhúlra abhann, caomhnú féileacáin agus éiceolaíocht ardtailte a phlé le linn na bliana. Is féidir cáilíocht LANTRA a bhaint amach trí pháirt a ghlacadh sna seisiúin oidhreachta seo.

 

Chomh maith leis sin, tá go leor deiseanna ann le tú féin a choinneáil aclaí trí chlárú le grúpa gníomhaíochta praiticiúil a bheas i mbun tograí caomhnaithe sna haibhneacha agus áiteanna eile amuigh faoin tuath. Le cois sin, beidh deiseanna siúlóireachta ann do dhaoine thar 40 bliain d’aois, rothaíocht sléibhe do dhéagóirí agus clubanna do pháistí níos óige, a bheas ag eagrú go leor imeachtaí taobh amuigh dóibh. Is féidir le teaghlaigh clárú do na himeachtaí iontacha ar nós dúshláin chadhcála teaghlaigh atá ar fáil dóibh.

 

Is cinnte go bhfuil rud inteacht ann d’achan duine!

 

Tabharfaidh an imeacht seo deis duit bualadh leis na páirtithe seachadta uilig, eolas agus blaiseadh a fháil de na cláracha éagsúla agus clárú donn cheann is fearr a oireann duit. Níl táille ar bith ann agus tá fáilte roimh achan aois ghrúpa.

 

Tuilleadh eolais ar fáil ó Annie Mullan, Feirm Butterlope: Ríomhphost:[email protected]  Guthán: 07840194792

 

Tá Togra Timpeallachta Cois Abhann á mhaoiniú ag Clár Shíocháin IV an Aontais Eorpaigh, clár atá á bhainistiú ag Foras Chláir Speisialta an AE (FCSAE).

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO