Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas Eanáir 2020 > Rás 10k le seoladh

26/02/2020 Rás agus Siúlóid 10k an Iarthuaiscirt 2020 le seoladh

Eoghain McGinley

Eoghain McGinley, buaiteoir 10k an Iarthuaiscirt 2019

 

Beidh Rás Bóthair agus Siúlóid Charthanachta 10k an Iarthuaiscirt 2020 á sheoladh go hoifigiúil oíche Luan, 2ú Márta ag 7 i.n in Óstán an Mount Errigal. Chuaigh an €51,020 a bailíodh anuraidh go mór chun sochair do thrí charthanachtaí, Scoil na n-Aingeal, Leitir Ceanainn, Eitiltí & Seirbhísí Ailse Dhún na nGall agus Craobh Dhún na nGall de Chumann na hÉireann um Spina Bifida agus Hidriceifileas.

 

Reáchtálfar an 24ú Rás Bóthair agus Siúlóid Charthanachta 10k an Iarthuaiscirt ar an domhnach 3ú Bealtaine i Leitir Ceanainn. Bronnadh €17,000 ar thrí charthanachtaí éagsúla ón méid a bailíodh le linn an 23ú rás. Tá os cionn €827,000 bailithe ó thoisigh 10k an Iarthuaiscirt i 1997 agus tá os cionn 30 eagraíocht charthanachta i ndiaidh leas a bhaint as an airgead sin. Táthar ag glacadh le hiontrálacha do rás na Belatiane ar líne ag  northwest10k.com, áit a gheobhaidh reathaithe agus siúlóirí an t-eolas chuí maiidr leis an imeacht.

 

Dúirt Cathaoirleach 10k an Iarthuaiscirt Neil Martin go raibh sé ag dúil le hainmneacha na gcarthanachtaí a bheas ag baint leasa as imeacht na bliana seo a fhógairt ag an seoladh oíche Luan. Thoisigh an obair ullmhúcháin ar ais i mí Dheireadh Fómhair nuair a glaodh ar charthanachtaí ó Dhún na nGall a gcuid suime a léiriú sa rás.

“Chuir muid tús leis an phróiseas go luath agus thoisigh an obair d’ócáid na bliana seo nuair a d’iarr muid ar charthanachtaí an chontae a raibh suim acu ann iarratas a sheoladh isteach. Chuir muid na carthanachtaí sin faoi agallamh agus thug an méid oibre a bhí le déanamh acu le fios dóibh. Tá cuid mhór oibre i gceist. Caithfidh cuid mhór oibrithe deonacha a bheith ag aon ócáid charthanachta chun go n-éireoidh leis” arsa an tUasal Martin.

 

Ghabh sé buíochas leis an chúigear urraitheoirí. Tá DonegalDaily.com, agus Siopa Spóirt Brian McCormick mar lucht tacaíochta acu le blianta beaga anuas. D’éirigh le coiste na bliana seo a chuaigh thart tuilleadh urraitheoirí a aimsiú, Century Cinemas, Óstán an Mount Errigal agus an t-Ionad Fiúntais agus tá siad thar a bheith buíoch dóibh.

 

Thug an tUasal Martin aitheantas don obair a dhéanann na Gardaí faoi stiúir an tSáirsint Eunan Walsh bliain i ndiaidh bliana. Oibríonn sé go dlúth le baill bainistíochta Tráchta agus Slí Neily McDaid agus Brendan McDaid. “Bíonn foireann mhór de dhíth ar an lá agus mar sin, ta cúigear príomh-mhaoir againn agus tá os cionn 60 maoirseoir de dhíth orthu leis an tslí uilig a chlúdach. Tá saineolas na nGardaí riachtanach sa dóigh is go mbeidh an rás 10k ina ócáid shábháilte.

 

Tugann muid aitheantas do phobal Leitir Ceanainn achan bhliain as a dtacaíocht leanúnach, in ainneoin go gcuireann muid isteach orthu le linn an lae agus tá muid iontach buíoch dóibh. Tá ár n-urraitheoirí eile liostaithe ar na cartaí urraíochta agus ba mhaith linn ár mbuíochas a chur iúl dóibh arís. Bíonn obair na gcapall ar siúl ag ár bhfoireann agus tá siad an-tiomanta do 10k an Iarthuaiscirt bliain i ndiaidh bliana” arsa an tUasal Martin.

 

Bailíodh €50,000 anuraidh, sin ardú suntasach ó 2018 ach níor roghnaíodh ach dhá charthanacht. Bronnadh seiceanna de €6,198 ón 22ú rás agus siúlóid 10k an Iarthuaiscirt ar Chúram Cíche an Iarthuaiscirt agus ar Diaibéiteas Éireann. Bailíodh €12,396 ar an iomlán.

    

D’éirigh leis an 21ú 10K an Iarthuaiscirt i 2017 €19,284 a bhailiú do dhá charthanacht. Rinneadh seic de €9,642 an ceann a bhronnadh ar Chlann agus Cairde Shráidbhaile na Mainistreach, Cill Mhic Réanáin agus ar Ionad Éigeandála um Mí-Úsáid Gnéis & Éigniú.

 

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO