Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas Eanáir 2020 > Rabhadh Oráiste Gaoithe

30/10/20 - Rabhadh gaoithe do Dhún na nGall bogtha suas go Leibhéal Oráiste

 

Tá Met Éireann i ndiaidh an rabhadh gaoithe a bhí i bhfeidhm do Chontae Dhún na nGall a bhogadh ó stádas buí go dtí stádas oráiste.  Is é Stoirm Aiden atá mar ainm ar an stoirm anois, agus tabharfaidh sé isteach gaoth aniar aneas go gaoth aniar, agus meánluas idir 65 agus 80km san uair, chomh maith le séideáin láidre dochracha idir 100 agus 130km san uair.   Beidh sé i bhfeidhm ó 8.00am go dtí 4.00pm tráthnóna amárach, Dé Sathairn 31 Deireadh Fómhair.

 

Ós rud é go bhfuil an rabhadh seo bogtha suas go dtí stádas oráiste, d’fhéadfadh sé dochar mór a dhéanamh.  Tá muid ag iarraidh ar úinéirí nó sealbhóirí i mbun tithe, gnólachtaí nó gabháltas, iad féin a ullmhú fá choinne na drochaimsire, eg. déan cinnte go bhfuil troscán gairdín agus trealamh súgartha ar nós cuaillí báire, trampailíní etc curtha ar leataobh go sábháilte le nach mbeidh siad ag séideadh ar shiúl agus ag cruthú contúirtí do dhaoine ar na bóithre agus do bhaill den phobal.

 

Tá muid ag iarraidh ar thiománaithe a bheith an-chúramach agus iad ag tiomáint, go háirithe má tá taobhanna arda ar a gcuid feithiclí, rud atá contúirteach nuair a bhíonn gaoth mhór ann.

 

Ba chóir do dhaoine ar an trá agus siúlóirí cois cósta a thuigbheáil go mbeidh tonnta an-ard ann le linn na tréimhse seo agus iarrtar oraibh a bheith an-airdeallach ar fad agus éisteacht le comhairle ón Gharda Cósta chun ‘coinneáil siar, coinneáil ard agus coinneáil tirim’.

 

Tá Foireann Drochaimsire Chomhairle Contae Dhún na nGall ag leanúint orthu ag faire ar an scéal agus beidh tuilleadh fógraí má éiríonn rudaí níos measa.

 

Is féidir teagmháil a dhéanamh le Comhairle Contae Dhún na nGall le linn gnáthuaireanta oibre ar (074) 91 53900 nó má tharlaíonn eachtra éigeandála lasmuigh d'uaireanta oifige is féidir dul i dteagmháil le Seirbhís Bóithre na Comhairle ar (074) 91 72288.  I gcás éigeandála ina bhfuil gá leis an tSeirbhís Dóiteáin, ba chóir scairt a chur ar 999 nó ar 112.

 

Is féidir leat coinneáil suas chun dáta le cúrsaí aimsire trí chlárú le haghaidh rabhaidh saor in aisce chuig do ghuthán ar www.mapalerter.com/donegal nó trí Comhairle Contae Dhún na nGall a leanúint ar Facebook nó Twitter.

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO