Tá foláireamh báistí stádas buí eisithe ag Met Éireann do chontae Dhún na nGall ón 04.00 Dé Céadaoin 19ú Feabhra go dtí’n 04.00 Déardaoin 20ú Feabhra.
Tá baol tuilte ann mar go bhfuil dromchlaí faoi uisce i láthair na huaire agus tá leibhéil na habhann ardaithe mar gheall ar an bháisteach a thit le tamall.
Iarrtar ar úinéirí tí agus áititheoirí a bheith airdeallach agus cinntiú nach bhfuil silteáin nó draenacha blocáilte.
Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an Chomhairle le linn gnáthuaireanta oibre ar 074 91 53900 agus taobh amuigh de ghnáthuaireanta oibre nó i gcás éigeandála, is féidir teagmháil a dhéanamh le Seirbhís Bóithre na Comhairle ar 074 91 72288.
I gcás éigeandála agus briogáid dóiteáin de dhíth, cuir scairt ar 999 nó 112.