Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas Eanáir 2020 > Póstaeir Toghcháin

Póstaeir Toghcháin agus Sábháilteacht Bóthair

Tá Meitheal Sábháilteachta Bóthair Dhún na nGall ag impí ar iarrthóirí san Olltoghcán a bheith cúramach nach gcuireann a gcuid póstaer toghchánaíochta isteach ar shábháilteacht bóthair.

 

Tá nós ag iarrthóirí toghcháin a gcuid póstaer a chur in áiteanna ar nós timpealláin, comharthaí teorainn luais, comharthaí reachtúla bóthair, treochomharthaí, comharthaí oibreacha bóthair, comharthaí STOP nó GÉILL SLÍ agus in áiteanna tábhachtacha eile.

 

Tá na comharthaí seo, atá curtha in airde ag leithéidí an TII, An tÚdarás Áitiúil, Na Gardaí, conraitheoirí nó oibrithe bóthair, tá siad ann ar mhaithe le sábháilteacht lucht tiomána agus úsáideoirí eile bóthair. Mar sin de, tá sé tábhachtach nac h ndéantar aon rud chun na comharthaí seo a chlúdach nó chun aird úsáideoirí bóthair a chur ar strae ón teachtaireacht atá orthu.

 

 

Deir Brian Ó Domhnaill, an tOifigeach Sábháilteachta Bóthair, go dtig leis seo fadhbanna a chruthú do thiománaithe. “Tuigimid go gcaithfidh iarrthóirí a gcuid póstaer a chur in áiteanna a síleann siad a mbeidh aird orthu, ach nuair a chuirtear iad in áiteanna áirithe is féidir leis sin fadhbanna a chruthú do thiománaithe agus to shiúlóirí, amhail iad a bhlocáil ó radharc, iad a bheith sa bhealach, nó iad a bheith ag cur isteach ar aird daoine, agus d’fhéadfadh timpiste tarlú dá bharr sin.

 

Ar mhaithe le sábháilteacht bóthair, tá muid ag impí ar iarrthóirí a bheith airdeallach faoi cén áit a gcuireann siad a gcuid póstaer agus iad a cheangal mar is ceart. Beidh slua mór oibrithe deonacha ag déanamh na hoibre seo, agus caithfidh siad a chuimhneamh go bhfuil baol breise i gceist le bheith ag obair ar thaobh an bhealaigh mhóir. Le dul i ngleic leis seo, ba chóir duit páirceáil in áit shábháilte nach bhfuil tú ag cur isteach ar aon úsáideoir eile bóthair, agus éadaí feiceálacha a chaitheamh. Ba chóir póstaeir a cheangal i gceart fosta mar go mbíonn impleachtaí sábháilteachta ann do shiúlóirí, do rothaithe agus do thiománaithe le linn stoirmeacha má scarann siad ón áit a bhfuil siad ceangailte. Tá muid ag impí ar gach iarrthóir fosta na póstaeir a bhaint anuas chomh luath agus is féidir i ndiaidh an toghcháin”.

 

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO