Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas Eanáir 2020 > Pic Ella Sábháilteacht Bóithre

17/02/20 Cuireann pictiúr Ella i gcuimhne do dhaoine bheith feiceálach agus slán ar na bóithre.

 Finn Harps poster winner comp

Príomhbhuaiteoir an chomórtais Ealaíne maidir le Sábháilteacht Bóthair Ella Willshire SN An Teaghlaigh Naofa Béal Átha Seanaidh le Kyle Willshire, Brian O’Donnell Oifigeach Sábháilteachta Bóthair, John Campbell Clár Scoile Chláirsigh na Finne, James Rodgers, Oifigeach Forbartha Óige Chláirsigh na Finne, Dessie Mc Glinchey, Clár Scoile Chláirsigh na Finne.

 

D’fhógair Meitheal Sábháilteacha Bóthair Dhún na nGall agus Cumann Peile Chláirsigh na Finne buaiteoirí a gcomórtas Ealaíne maidir le Sábháilteacht Bóthair oíche Aoine i bPáirc na Finne. 

 

Ba í Ella Willshire SN An Teaghlaigh Naofa Béal Átha Seanaidh a thug léi an príomhdhuais.

 

Le sábháilteacht bóthair a chur chun tosaigh, taispeánfar pictiúr an bhuaiteora ar chlár fógraíochta i bPáirc na Finne sa tséasúr atá amach romhainn. Bronnadh duaiseanna an chomórtais le linn cluiche a d’imir Cláirsigh na Finne i gcoinne Chumann Peile Ruagairí Shligigh i mBealach Féich oíche Aoine an 14ú Feabhra. Bhí an bua ag Cláirsigh na Finne 1-0, tús maith leis an tséasúr úr agus bhain na buaiteoirí a bhí i láthair sult as an tráthnóna a chaith siad i bPáirc na Finne agus iad mar aíonna speisialta.

 

Comórtas a bhí oscailte do bhunscoileanna na contae a bhí ann agus fuarthas líon mór iontrálacha arís i mbliana.

 

 

Ghabh Brian O’ Donnell Oifigeach Sábháilteachta Bóthair le Comhairle Contae Dhún na nGall buíochas leis na scoileanna uilig a ghlac páirt sa chomórtas. Is togra thar a bheith tábhachtach é seo. “Ba mhaith liom tréaslú leis na scoileanna as tacaíocht a thabhairt don togra tábhachtach seo a bhaineann le Sábháilteacht Bóthair. Bhí caighdeán an-ard sna pictiúrí ach sheas ceann Ella amach. Tá na mionsonraí sa phictiúr dochreidte agus tarraingíonn siad aird ar ábhar a bhaineann lenár mbóithre agus atá ag déanamh imní do chuid mhór daoine. Tá an teachtaireacht sa phictiúr soiléir agus ábhartha. Caithfidh muid uilig éadach sofheicthe a chaitheamh agus muid ag rith, ag siúl nó ag rothaíocht ar na bóithre. Tréaslaím leis na buaiteoirí ó na rannóga éagsúla. Impím ar thuismitheoirí agus caomhnóirí cur leis an dea-obair atá ar bun ag na scoileanna, sé sin an dóigh le bheith slán agus freagrach ar na bóihtre a léiriú do pháistí. Tógann sé mo chroí go raibh idir mhúinteoirí agus daltaí páirteach sa togra agus tá súil agam go bhfuil achan dalta a ghlac páirt sa chomórtas níos eolaí ar shábháilteacht bóthair anois”.

 

 

Seo a leanas na buaiteoirí sna rannóga éagsúla-

 

 

Caitlin McLaughlin, Scoil Treasa Naofa, Baile Mhálanna.

Ciara Larkin, SN An Teaghlaigh Naofa, Béal Átha Seanaidh.

Vanessa Cuffe, SN Naomh Mura, Tooban, Bun na hAbhann.

Tatum Ptasinsk, SN Naomh Iósaef, Ráth Maoláin. 

Emma Nic Suibhne, Scoil Naomh Dúigh, Anagaire.

Anika Benny, Scoil Mhuire gan Smál, Leitir Ceanainn

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO