Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas Eanáir 2020 > Oíche Chultúir 18 Meán Fómhair 2020

16 Meán Fómhair 2020 - Oíche Chultúir 2020

Le Chéile trí Chultúr

 

Oíche Chultúir 2020: Dé hAoine 18 Meán Fómhair 6-10pm

 

Oíche Chultúir pillte arís!

 

Tá lúcháir orainne i Rannán Cultúir Chomhairle Contae Dhún na nGall, an dara ceann déag de chláracha imeachtaí le haghaidh Oíche Chultúir a chur i láthair. Is ócáid phoiblí uile-oileánda í seo a dhéanann ceiliúradh ar chultúr, ar chruthaitheacht agus ar ealaíona.  

 

Tá fáilte roimh achan duine d’achan aois am a ghlacadh saor agus sult a bhaint as saibhreas an chultúir agus na hoidhreachta atá againn in Éirinn.  Mar fhreagairt ar shrianta atá i bhfeidhm de bharr phaindéim leanúnach Covid-19, beidh meascán d’imeachtaí beo agus d’imeachtaí ar líne ar siúl i mbliana sa dóigh is go mbeidh deis ag daoine sa bhaile agus thar lear ceangal isteach le cúltúr Dhún na nGall.

 

Tá lúcháir orainn go bhfuil Little John Nee, an drámadóir, taibheoir agus ceoltóir gan sárú as Dún na nGall, mar Ambasadóir Contae againn don bhliain 2020.  Seo an méid a dúirt sé faoina ról.

 

“Tá lúcháir orm an deis seo a bheith agam tabhairt faoi na rudaí is breá liom a dhéanamh; ag ceiliúradh ealaíontóirí as Dún na nGall, agus an dóigh ghleoite ar leith a dtugann muid faoi rudaí san áit ghleoite ar leith seo”.

 

I measc buaicphointí an chláir imeachtaí i nDún na nGall tá:

Cé go raibh orainn an fhéile a athshamhlú i mbliana de bharr Covid 19, bhí muid in ann obair i gcomhpháirt le cuid mhór ealaíontóirí, ionad agus eagraithe chun clár a chur le chéile a chuireann meascán d’imeachtaí beo agus ar líne ar fáil Dé hAoine 18 Meán Fómhair!

 

Seo blaiseadh beag de chuid de na himeachtaí ar líne

 

An Bhithéagsúlacht i do Ghairdín Cúil

Le haghaidh Oíche Chultúir, tá sraith físeán coimisiúnaithe ag Rannán Cultúir Chomhairle Contae Dhún na nGall ar dhóigheann a dtig leat cúram a thabhairt don dúlra ar do thairseach féin nó tríd an bhithéagsúlacht i do ghairdín cúil.   I measc na ngairdíní áitiúla agus saineolaithe áitiúla atá againn tá Lis agus Ralph Sheppard ar a bhfeirm ag Teach Charn Eoghain, Ráth Bhoth; Elizabeth Temple ag Gairdíní Salthill, Tamhnach an tSalainn; Goerge McDermot, Garraíodóir as Baile Bhun Cranncha; Joanne Butler ag OURganic, Gort a’ Choirce agus Angus Kennedy ó Dhúlra an Iarthuaiscirt, Ráth Mealtain.

 

Amharclann an Mockingbird

Cuireann Anne Gallagher agus Ronan Carr, trí Amharclann an Mockingbird, scannán (gearr agus taobhach) - The Final Cut - in bhur láthair, scannán faoi bheirt bhearbóirí a thagann le chéile le haghaidh gearradh gruaige amháin eile le linn na Dianghlasála, ag cruthú nach mbímid choíche rófhada ar shiúl ón duine a bhfuil ár gcroí iontu.  Scríofa agus stiúrha ag Rónan Carr

 

An áit arb as mé

Píosa gairid ag cur síos ar an cheardlann trasatlantach seo do scríbhneoirí óga, á éascú ag Seirbhísí Cultúrtha Chomhairle Contae Dhún na nGall a d’oibrigh le Young Chicago Authors (YCA) as Chicago agus le daoine óga as Seirbhís Óige Dhún na nGall, an grúpa scríbhneoirí óga na KidsOwn agus le daoine óga ó chlár samhraidh ealaíne an YCA.   

 

I measc na n-imeachtaí beo in 2020 tá:

 

Cuirfidh Músaem Contae Dhún na nGall an taispeántas ‘Iarnróid Chontae Dhún na nGall’ i láthair, áit ar féidir leis an phobal tuilleadh a fháil amach faoi Iarnróid Chontae Dhún na nGall (CDR) agus  an ‘Great Northern Railway’ (GNR). 

Sa taispeántas tá A. M. Davies, a thaistil ar na línte timpeall Chontae Dhún na nGall le linn na gCaogaidí agus na Seascaidí.               

 

San Ionad Cultúrtha Réigiúnach, beidh saothar ealaíne nua-chruthaithe le Ed Devane, chomh maith le taispeántas de shaothar nua leis an phéintéir Liz Doyle, i dtaispeántas reatha an Ionaid Chultúir Réigiúnaigh ar phlaistigh – ‘Can’t Live With It, Can’t Live Without It’. ‘Forgotten Places’ Taispeántas ar líne Craolfaidh siad fosta Seisiúin an RCC, craolachán go mall san oíche nuair a chuireann Paul McDevitt agus Jimmy Stafford rogha de cheol beo ó roinnt ceoltóirí a bhfuil an-ráchairt orthu, agus a thaifeadfar go speisialta.  Ina measc Maria McCormack, Jonathan Smeaton, Sheerbuzz, Mark Black and Without Willow.

 

Tá áthas ar Amharclann an Ghrianáin na chéad léirithe de dhráma grinn nua le ‘Louise Conaghan - The Morrigan’ - a óstáil, agus cuireann an Lár-Leabharlann, Leitir Ceanainn Seó Draíochta Teaghlaigh Jessica Harkin i láthair, chomh maith le sraith de thurais treoraithe speisialta ar chnuasach uathúil Staidéir Dhún na nGall de chuid na Leabharlainne.    

 

Agus níl ansin ach blaiseadh beag dá mbeidh ar siúl.

 

Clár iomlan agus Eolas

 

Fá choinne tuilleadh eolais féach anseo nó lógáil isteach chuig www.culturenight.ie agus roghnaigh an clár do Dhún na nGall.

 

Is féidir an clár iomlán do Oíche Chultúir 2020 a íoslódáil anseo - Clár Imeachtaí Oíche Chultúir 2020. Is féidir airithintí a dhéanamh anseo. 

 

Tuilleadh eolais ó Sally Murphy, Murphy Communications ar 0871476339.

Ná déan dearmad muid a leanúint ar Facebook @CulturenightDonegal

 

Tá Oíche Chultúir á reáchtáil duit ag an Chomhairle Ealaíon i gcomhpháirt le Comhairle Contae Dhún na nGall

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO