Tá Músaem Contae Dhún na nGall ag athoscailt Dé Céadaoin 26 Lúnasa ar 10am. Tá obair mhór déanta againn leis an mhúsaem a dhéanamh sábháilte agus sultmhar don chuairteoir. Tá muid réidh agus ag fanacht le fáilte isteach a chur romhat arís chun sult a bhaint as an réimse iontach taispeántas atá againn, ina measc an taispeántas ‘Iarnróid Chontae Dhún na nGall’.
Níl aon táille isteach.
Lena chinntiú go mbeidh do chuairt sábháilte, tabhair faoi deara:
Go bhfuil sé riachtanach clúdach aghaidhe a chaitheamh taobh istigh de Mhúsaem Contae Dhún na nGall
Go bhfuil scaradh sóisialta i bhfeidhm agus go gcloífear go docht le gach comhairle de chuid an FSS maidir le díghalrú agus glanadh. Go bhfuil aonaid díghalraithe (le haghaidh glanadh lámh) ar fáil ar fud an Mhúsaem.
Bheimis buíoch díot ach na comharthaí úra sábháilteachta atá ann a leanúint; ba mhaith linn go mbainfeá sult as do chuairt.
Is gá áirithintí a dhéanamh má tá cúigear nó níos mó ag teacht.
Ar an Satharn, ní bheidh ar oscailt ach an taispeántas sa ghailearaí ar an bhunurlár.
Beidh teorainn leis an líon cuairteoirí a thig a bheith istigh sa Mhúsaem - 15 sa ghailearaí ar an bhunurlár agus 15 sa ghailearaí ar an chéad urlár. Má tá an líon is mó daoine istigh cheana féin, is féidir go gcuirfidh muid teorainn ama le do chuairt.
Uaireanta Oscailte
Dé Luain - Dé hAoine: 10:00 - 16:30
Druidte fá choinne lóin 12.30 – 13.00
Dé Sathairn: 13.00 – 16.30 (cead isteach chuig an ghailearaí ar an bhunurlár amháin)
Uaireanta Oscailte:Mótarcháin:
Is ar an Mháirt agus an Déardaoin amháin atá An Oifig Mótarchánach oscailte, ó 9.15am go dtí 12.15pm agus 1.15pm go dtí 3pm. Is féidir mótarcháin a athnuachan ar líne ag www.motortax.ie
Oifig Airgid:
Luan - Déar: 9am - 4.30pm & Aoine: 9am - 4pm
Druidte ag am lóin - 12.30 go 1pm
Leabharlanna Dhún na nGall
www.donegallibrary.ie
Donegal Libraries