Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas Eanáir 2020 > Leabharlanna ag Athoscailt

29/06/20 Leabharlanna ag athoscailt ar bhonn céimnithe le haghaidh Seirbhís Amharc agus Iasacht

Tá lúcháir ar Sheirbhís Leabharlainne Chomhairle Chontae Dhún na nGall a fhógairt go mbeidh ár gcuid leabharlann ag athoscailt ar bhonn céimnithe mar chuid de Phlean Oibre an Rialtais leis an tsochaí agus cúrsaí gnó a athoscailt.  Tá leabharlanna i Leitir Ceanainn, Srath an Urláir, Bun Cranncha, Bun Dobhráin agus Gaoth Dobhair i ndiaidh a gcuid doirse a oscailt chun ligint do bhaill den leabharlann rudaí a fhágáil ar ais agus rudaí breise a fháil ar iasacht.  Sna seachtainí amach romhainn, tabharfar isteach na seirbhísí eile amhail an t-idirlíon, fótachóipeáil, WIFI, áiseanna staidéir agus taighde.

 

Ba chóir do chustaiméirí a thuigbheáil go mbeidh an chuairt ar an leabharlann rud beag difriúil ón am roimh covid.  Le gach duine a choinneáil slán, beidh smacht agus bainistiú á dhéanamh ar dhaoine ag teacht isteach sna foirgnimh. Beidh córas bainistiú scuaine i bhfeidhm, ina gcaithfidh cuairteoirí cloí leis na rialacha reatha maidir le scaradh sóisialta.  Iarrfar ar bhaill gan a bheith ar cuairt sa leabharlann níos mó ná 15 bhomaite ar a mhéad.  Is gá go mbíonn duine fásta in éineacht le páistí faoi 12 d’aois.  Beidh na leabharlanna ag cur uaireanta ar leith ar fáil do bhaill leochaileacha den phobal ó 2.00pm go dtí 4.00pm agus iarrann muid ar bhaill den phobal nach bhfuil leochaileach teacht chugainn taobh amuigh de na huaireanta seo.   Beidh stáisiúin dhíghalraithe ar fáil ar fud na leabharlann agus iarrfar ar bhaill den phobal cloí le gach prótacal sábháilteachta.  Tá sé tábhachtach a bhéimniú anseo go mbeidh ar bhaill leabharlainne a gcárta leabharlainne a thabhairt leo chun rudaí a fháil ar iasacht tríd an chóras féinfhreastail.  

 

 

Agus í ag caint fá dtaobh den athoscailt, dúirt Eibhlín Brugha, Bainisteoir Rannáin: “Tá lúcháir orainn fáilte a chur roimh an phobal ar ais sna leabharlanna, cé go mbeidh cur chuige an-difriúil i bhfeidhm. Tá na leabharlanna ag croílár na bpobal sna bailte ar a bhfreastalaíonn siad, agus tá a fhios ag baill foirne leabharlainne gur chronaigh a gcuid ball iad le roinnt míonna anuas.   Tá sláinte agus sábháilteacht ár gcuid oibrithe agus ár gcuid custaiméirí an-tábhachtach ar fad dúinn, agus bhí orainn a chinntiú go raibh prótacail shásúla sábháilteachta i bhfeidhm sula bhféadfaimis na doirse sin a oscailt.  Mar chuid den phróiseas chun ár gcuid leabharlann a oscailt ar bhonn céimnithe, tá baill foirne leabharlainne ag obair ar sheirbhísí a sholáthar sna háiteanna eile, agus nuair a bheas na prótacail sábháilteachta i bhfeidhm agus nuair a cheadóidh acmhainní é, osclóidh muid na doirse sna leabharlanna sin chomh maith.”

 

 

Cuirtear i gcuimhne do bhaill leabharlainne go bhfuil ár gcuid seirbhísí ar líne, áit a dtig leat ríomhleabhair agus ríomhirisí a fháil ar iasacht, ar fáil go fóill agwww.donegallibrary.ie.  Tá uaireanta oscailte na leabharlann ar fáil ar an suíomh idirlín fosta.

 

Críochnaíonn Bn. Uas. Brugha agus í ag rá: ‘Bhí an leabharlann riamh anall ina háit iontaofa, í fite fuaite leis an phobal áitiúil agus ar fáil do gach duine. Tá muid i ndiaidh muid féin a chur in oiriúint don saol úr seo agus tá cuid mhór tograí suimiúla againn do na míonna amach romhainn, agus muid ag obair le seirbhísí leabharlainne a mhéadú an oiread agus is féidir.’

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO