Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas Eanáir 2020 > Íoc agus Taispeáin

08/06/20 Síneadh ama go dtí 22 Meitheamh leis an Chealú ar Íoc agus Taispeáin

Síneadh ama go dtí 22 Meitheamh leis an Chealú ar Íoc agus Taispeáin

 

Phill Maoir Thráchta Chomhairle Comhairle Contae Dhún na nGall i mbun a gcuid oibre, ar an 18 Bealtaine mar chuid de Chéim 1 den mhaolú ar na srianta Covid-19.  

 

Le linn idirthréimhse ón 18 Bealtaine go dtí an deireadh seachtaine seo bhí cealú go fóill ar chásanna a ghlacadh i dtaca le cionta Íoc agus Taispeáin agus dhírigh na Maoir Thráchta ar an dlí a chur i bhfeidhm i dtaca le Cionta Tráchta Bóthair i.e. Páirceáil mhídhleathach i spásanna do dhaoine faoi mhíchumas, ar línte buí dúbailte, ar spásanna lódála agus ar chosáin.  

 

Tá Comhairle Contae Dhún na nGall ag cur dlaoi mhullaigh ar sheirbhís úr leictreonach faoi láthair le haghaidh íocaíochtaí páirceála trí aip ar ghuthán cliste nó ar an suíomh idirlín, gan aon ghá le hairgead tirim.   Beidh an tSeirbhís Leictreonach Páirceála i bhfeidhm in achan cheann de na cúig bhaile mhór i nDún na nGall ina bhfuil córas Íoc agus Taispeáin ann faoi láthair - Bealach Féich, Bun Cranncha, Bun Dobhráin, Baile Dhún na nGall agus Leitir Ceanainn.    Nuair a sheolfar é ar an 22 Meitheamh, is féidir é a úsáid ar aon cheann de na sráideanna agus carrchlóis ina bhfuil córas Íoc agus Taispeáin i bhfeidhm.  

 

Tá síneadh ama á chur leis an idirthréimhse seo go dtí Dé Luain 22 Meitheamh lena chinntiú go mbeidh an tSeirbhís Leictreonach Páirceála seo ar fáil nuair a thosófar ar tháillí páirceála a chur i bhfeidhm arís.

 

Thug John McLaughlin, Stiúrthóir Seirbhíse Bóithre agus Iompair, chun suntais gur modh breise níos áisiúla chun íoc as páirceáil í an tseirbhís úr.  Má tá cuairteoirí agus lucht siopadóireachta níos compordaí leis na hinnill Íoc agus Taispeáin atá ann faoi láthair, is féidir leo iad a úsáid go fóill dár ndóigh.  “Ba mhaith linn triail a bhaint as an tSeirbhís úr Leitreonach Páirceála.  Sílimid go bhfeicfidh siad gur dóigh iontach gasta, nua-aimseartha agus áisiúil é seo le híoc as páirceáil, agus go mbeidh sé iontach furasta a úsáid.   

 

Beidh an Aip úr ar fáil le híoslódáil saor in aisce trí APPLE STORE agus GOOGLE PLAY.

Beidh tuilleadh sonraí ar fáil ar www.donegalparking.ie nuair a bheas sin beo sna laethanta amach romhainn.

 

Ón 22 Meitheamh rachaidh na Maoir Thráchta i mbun a gcuid gnáthdhualgas, ina measc Cionta Íoc agus Taispeáin agus Cionta Trácht Bóthair a chur i bhfeidhm.

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO