Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas Eanáir 2020 > Gradam Pleanála do Leitir Ceanainn

03/03/20 Gradam de chuid Institiúid Pleanála na hÉireann do Thogra Bailte Stairiúla Lána na hEaglaise

Presidents award

Ag glacadh le Gradam Ardmholta an Uachtaráin ag Gradaim Institiúid Pleanála na hÉireann in Óstán an Westin, Baile Átha Cliath, Déardaoin, 27 Feabhra (ó chlé go deas): Lee Gooch (Cumann Cónaitheoirí Lána na hEaglaise Íochtarach), Joseph Gallagher (Oifigeach Oidhreachta, Comhairle Contae Dhún na nGall), Duncan McLaren (Ailtire Caomhantais, Ailtireacht Dedalus), Jo McMenamin (Oifigeach Riaracháin, Comhairle Contae Dhún na nGall), Joe Corr (Uachtarán, Institiúid Pleanála na hÉireann), Collette Beattie (Oifigeach Caomhantais, Comhairle Contae Dhún na nGall) agus Donnan Harvey (Rúnaí, Coiste Cheathrú Ard-Eaglaise Leitir Ceanainn).

 

Bhuaigh Togra Bailte Stairiúla Lána na hEaglaise i Leitir Ceanainn Togra Ardmholta an Uachtaráin ag Gradaim Institiúid Pleanála na hÉireann in Óstán an Westin, Baile Átha Cliath, Déardaoin seo caite, 27 Feabhra.  Tugadh aitheantas do Chomhairle Contae Dhún na nGall agus a páirtnéirí Coiste Cheathrú Ard-Eaglaise Leitir Ceanainn, Ailtireacht Dedalus, Cumann Cónaitheoirí Lána na hEaglaise Íochtarach agus An Chomhairle Oidhreachta as an togra athnuachana oidhreachta seo, togra a chonaic caomhnú déanta ar sheacht gcinn d’fhoirgnimh stairiúla ar Lána na hEaglaise i gCeathrú Ardeaglaise Leitir Ceanainn.   Ba é Eoghan Murphy T.D., Aire Gníomhach le haghaidh Tithíochta, Pleanála agus Rialtas Áitiúil, a bhronn an gradam, chomh maith le hUachtarán Institiúid Pleanála na hÉireann.

 

“Léiríonn an gradam speisialta seo ón Institiúid Pleanála na hÉireann an tábhacht agus an acmhainneacht a bhaineann le hobair athnuachana a bhfuil an oidhreacht chun tosaigh ann” a dúirt Joseph Gallagher, Oifigeach Oidhreachta le Comhairle Contae Dhún na nGall.   “San am dúshlánach seo a bhfuil muid ann do na lárbhailte agus do na sráidbhailte anseo, tá tionscnaimh ar nós Thionscnamh Bailte Stairiúla na Comhairle Oidhreachta ag cur ardán ar fáil le gur féidir linn a thaispeáint cad é an difear a dhéanann caomhnú agus athúsáid ár seanfhoirgnimh stairiúla dár sráid-dreacha stairiúla, agus léiríonn sé fosta an dóigh gur féidir leis an chaomhnú stairiúil áiteanna níos tarraingtí a chruthú le cónaí ann agus le hobair ann.  Tógann Tionscnamh na mBailte Stairiúla ar an obair rathúil atá déanta ag Coiste Cheathrú Ard-Eaglaise Leitir Ceanainn le sé bliana anuas agus iad tiomanta le croílár stairiúil Cheathrú na hArd-Eaglaise thart ar Lána na hEaglaise a athnuachan.”  Tháinig urraíocht do Thionscnamh na mBailte Stairiúla ón Chomhairle Oidhreachta, ón Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta agus ó Chomhairle Contae Dhún na nGall, chomh maith le hinfheistíocht phríobháideach ó chónaitheoirí ar Lána na hEaglaise Íochtarach.

 

“Féachann Gradaim Institiúid Pleanála na hÉireann le haird a tharraingt ar an chruthaitheacht agus ar an bharr feabhais i gcúrsaí pleanála in Éirinn” arsa Collette Beattie, Oifigeach Caomhantais, Comhairle Contae Dhún na nGall.   “Faoi Thionscnamh na mBailte Stairiúla, á chomhbhainistiú ag an Oifig Caomhantais agus an Oifig Oidhreachta i gComhairle Contae Dhún na nGall, rinneadh oibreacha caomhnaithe ar sheacht gcinn de shealúchais stairiúla, ina measc deisiúcháin ar dhíonta agus ar shimléir, earraí uisce fearthainne déanta as iarann teilgthe a chur isteach, saisfhuinneoga adhmaid agus doirse a athnuachan, rindreáil aoil nó pointeáil aoil a dhéanamh, agus tosach stairiúil siopa a athchóiriú le hábhair thraidisiúnta de réir na gcleachtas is fearr caomhantas.    Chomh maith le hoibreacha caomhantais a dhéanamh, lig Tionscnamh na mBailte Stairiúla dúinn dóigh oibre iontach rathúil a bhunú i gcomhpháirt leis an phobal áitiúil, ag éascú na hathnuachana oidhreacht-bhunaithe seo le gur féidir an rud céanna a dhéanamh i mbailte agus sráidbhailte eile i gContae Dhún na nGall.”

 

“Is séala formheasa uachtaránúil é Gradam Institiúid Pleanála na hÉireann” a dúirt Laurie McGee, Cathaoirleach ar Cheathrú Ard-Eaglaise Leitir Ceanainn.   “Bogann an t-aitheantas seo an togra ar aghaidh go dtí leibhéal eile.   Is bua é seo a dtig leis an chontae ar fad a bheith bródúil as.   Is sampla é seo den mhéid a thig le grúpa tiomanta d’oibrithe deonacha a bhaint amach agus iad ag comhoibriú go dlúth leis an Chomhairle Contae, chun fís a chur i bhfeidhm, fís atá ag fás ina sprioc chomhroinnte.   Creidimid gur féidir an t-am atá thart a úsáid chun todhchaí níos fearr a chruthú.   Tríd an oidhreacht thógtha i gCeathrú na hArd-Eaglaise a athnuachan tá muid ag cruthú áite a mheallfaidh cuairteoirí go Leitir Ceanainn.   Tá muid ag iarraidh fosta bród na ndaoine a athmhúscailt i dtaca leis an láthair is stairiúla sa bhaile.   Cuideoidh an gradam mór le rá seo chun an tacaíocht leanúnach luachmhar a fhaigheann muid ó ghnólachtaí áitiúla agus ón phobal áitiúil a neartú, agus meallfaidh sé tuilleadh infheistíochta san am atá romhainn.   Chonaic Institiúid Pleanála na hÉireann an mhaitheas a bhí san obair a rinne muid.   Tá súil againn go gcuideoidh sé seo le heagrais eile an rud céanna a fheiceail fosta.”

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO