Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas Eanáir 2020 > Gradaim Óige na nGardaí

17/02/20 Tugtar aitheantas do dhaoine óga iontacha ag ócáid bhronnta Ghradaim an Gharda Síochána d’Éachtaí Óige Dhún na nGall

Garda awards all

An Clr. Gerry McMonagle, Cathaoirleach Chomhchoiste Póilíneachta Dhún na nGall, An Breitheamh Paul Kelly, An Clr. Barry Sweeny agus baill den Chomhchoiste Póilíneachta chomh maith leis na buaiteoirí ag an ócáid bhronnta oíche Aoine (14ú Feabhra)

 

Reáchtáil Comhchoiste Póilíneachta Dhún na nGall Gradaim an Gharda Síochána d’Éachtaí Óige Dhún na nGall oíche Aoine seo a chuaigh thart (14ú Feabhra 2020) i dTeach an Chontae, Leifear.

 

Tugann na gradaim aitheantas don obair mhór mhaith a bhíonn ar siúl ag daoine óga idir 13 agus 21 i ngach pobal sa chontae. Bhí próiseas an iarratais ar oscailt ó bhí mí na Samhna ann, áit a raibh ainmniúcháin á lorg faoi cheithre rannóg éagsúla.

 

Dúirt an tArd-cheannfort  Terry Mc Ginn ‘Tá áthas ar an Gharda Síochana go bhfuil siad ábalta Gradaim an Gharda Síochána d’Éachtaí Óige 2019 a reáchtáil i gcomhar le Comhchoiste Póilíneachta Dhún na nGall. Bhí caighdeán na n-ainmniúchán iontach ard arís i mbliana. Tá mé buíoch dóibh siúd a ghlac am agus a chuir ainmneacha chun tosaigh. Tréaslaím le hachan duine a ainmníodh. Tá siad ag cur go mór lena bpobail féin agus níl dabht ach go n-éireoidh go geal leo amach anseo. Déanaim comhghairdeas ó chroí leis na buaiteoirí ar fad agus guím achan rath agus ádh orthu sa todhchaí.’

 

Seo a leanas na daoine a ainmníodh – 

 

Paul Barron

Alida Byrne

Emma Carr & Caolán Boyle

Orla Corry

Comhairle na nÓg Dhún na nGall

Katie Mellet

Annie Mc Laughlin

Jodie Mc Fadden

Kate Rogers

Keeva Thompson

Scoláirí Idirbhliaina na Meán (Grúpa A) Coláiste Magh Ene, Bun Dobhráin

Nadine Toye

 

Fógraíodh na buaiteoirí agus rinne an Breitheamh Paul Kelly, Cathaoirleach Choiste Breithnithe Ghradaim an Gharda Síochána d’Éachtaí Óige Dhún na nGall na duaiseanna a bhronnadh orthu ag an ócáid bhronnta oíche Aoine.

 

Thréaslaigh an Clr. Gerry McMonagle, Cathaoirleach Chomhchoiste Póilíneachta Dhún na nGall leo siúd uilig a fuair ainmniúchán ‘Tá lúcháir mhór ar Chomhchoiste Póilíneachta Dhún na nGall go bhfuil siad mar chuid den Scéim Dhámhactainí seo do 2019. Léiríonn na daoine óga seo an díograis agus feasacht shóisialta a ardaíonn an chuid is mó den aos óg sa tír seo agus tá todhchaí gheal romhainn mar gheall air. Tá tionchar ollmhór acu agus tá siad ag cur go mór leis na pobail a bhfuil siad ina gcónaí iontu agus tá sé tábhachtach go dtugtar aitheanas ní hamháin do na buaiteoirí ach dóibh siúd uilig a fuair ainmniúchán fosta’.

 

Buaiteoirí na nGradam:

 

Gradam Aonair

Nadine Toye

 

Gradam Gaisce

Paul Barron

 

Gradam na nGrúpaí

Scoláirí Idirbhliaina na Meán (Grúpa A) Coláiste Magh Ene, Bun Dobhráin

 

Gradam Sábháilteachta Pobail

Comhairle na nÓg Dhún na nGall

 

Déanfaidh na buaiteoirí ionadaíocht do Dhún na nGall ag Gradaim Náisiúnta na nÓg a bheas ar siúl i mí Aibreán 2020.

 

CRÍOCH         

 

 

 Garda Awards Youth Council

Baill ó Chomhairle na nÓg, Dhún na nGall, buaiteoirí an rannóg ‘Sábháilteacht Phobail’ ag glacadh lena nduais ón Bhreitheamh Paul Kelly ag an ócáid bhronnta oíche Aoine. Sa phictiúr fosta, tá an Clr. Gerry McMonagle, Cathaoirleach Chomhchoiste Póilíneachta Dhún na nGall, An Clr. Barry Sweeney agus an Cigire Shaun Grant ón Gharda Síochána.  

 

Garda Awards Magh Ene 

Gradam na nGrúpaí – Scoláirí Idirbhliaina na Meán (Grúpa A) agus a múinteoir an tUasal Garvin ó Choláiste Magh Ene, Bun Dobhráin, buaiteoirí rannóg na ngrúpaí. Seo iad ag glacadh lena ngradam ón Bhreitheamh Paul Kelly ag an ócáid bhronnta oíche Aoine. Sa phictiúr fosta, tá an Clr. Gerry McMonagle, Cathaoirleach Chomhchoiste Póilíneachta Dhún na nGall, An Clr. Barry Sweeney agus an Cigire Shaun Grant ón Gharda Síochána.  

 

Garda Awards Nadine

Gradam Aonair– Nadine Toye, buaiteoir an Ghradaim Aonair ag Gradaim an Gharda Síochána d’Éachtaí Óige Dhún na nGall. Seo í ag glacadh lena gradam ón Bhreitheamh Paul Kelly ag an ócáid bhronnta oíche Aoine. Sa phictiúr fosta, tá an Clr. Gerry McMonagle, Cathaoirleach Chomhchoiste Póilíneachta Dhún na nGall, An Clr. Barry Sweeney agus an Cigire Shaun Grant ón Gharda Síochána.  

 

 

Garda awards Paul Barron

Gradam Gaisce - Paul Barron, buaiteoir an Ghradaim Gaisce ag Gradaim an Gharda Síochána d’Éachtaí Óige Dhún na nGall. Seo é ag glacadh lena ghradam ón Bhreitheamh Paul Kelly ag an ócáid bhronnta oíche Aoine. Sa phictiúr fosta, tá an Clr. Gerry McMonagle, Cathaoirleach Chomhchoiste Póilíneachta Dhún na nGall, An Clr. Barry Sweeney agus an Cigire Shaun Grant ón Gharda Síochána.  

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO