Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas Eanáir 2020 > Gradaim Laochra Spóirt á bPleanáil do 2020

03/07/20 Tús le Pleanáil le haghaidh Ghradaim Laochra Spóirt Dhún na nGall 2020

DL Sports Star overall winner

Sa ghrianghraf i mí Eanáir 2019 tá aoi speisialta Rob Heffernan ag bronnadh an Phríomhghradaim Laochra Spóirt do 2019 ar Brendan Boyce, i gcomhar le Grace Boyle, Cathaoirleach ar Ghradaim Laochra Spóirt Dhún na nGall, Cathaoirleach an Clr. Nicholas Crossan, agus Séamus Mac Conghaola, Príomh-Fheidhmeannach le Comhairle Contae Dhún na nGall.

 

Tá tús curtha leis an phleanáil do Ghradaim 2020 ag Coiste Ghradaim Laochra Spóirt Dhún na nGall.  Clochmhíle eile é seo i stair na heagraíochta mar gurb é seo an 45ú bliain den searmanas bronnta gradam.  Beidh an coiste ag déanamh monatóireacht leanúnach ar chúrsaí Covid-19 agus ar theoracha an Rialtais/Seirbhísí Sláinte sna míonna amach romhainn. Beidh an Cruinniú Ginearálta Bliantúil ar siúl acu Dé Luain 20 Iúil ar 6pm in Óstán an Mt Errigal.   

 

Dúirt Cathaoirleach Ghradaim Laochra Spóirt Dhún na nGall Grace Boyle, i gcomhthéacs ina bhfuil roinnt comórtas spóirt beartaithe le toiseacht i mí Iúil, go bhfuiltear ag súil go beidh líon suntasach foirne agus daoine aonaracha a bheas in ann buanna agus éachtaí a bhaint amach sa chuid eile den bhliain.  

 

“Tá sé mhí fágtha againn go fóill in 2020 agus tá spóirt ar nós an tsacair agus CLG i ndiaidh dátaí a shocrú le comórtais a thoiseacht arís agus mar sin de beidh lúcháir orainn sin uilig a fheiceáil ar dtús.  Is é an rud is tábhachtaí ar fad sláinte agus folláine ár gcuid imreoirí spóirt agus an phobail i gcoitinne, agus tá súil againn go gcloífidh gach duine le treoracha an Rialtais agus na Seirbhíse Sláinte.  Má théann sin uilig mar ba chóir, ba chóir ansin go mbeadh go leor catagóirí le do dtig le Gradaim Laochra Spóirt Dhún na nGall leanúint ar aghaidh.  Ach, beidh muid ag glacadh leis an treoir sláinte agus beidh an coiste ag déanamh monatóireacht air sin sna míonna amach romhainn.  D’fhéadfadh sé go mbeidh athruithe ar leagan amach na ngradam agus is cinneadh é sin a dhéanfar níos moille sa bhliain más gá.  Dúirt an Bn Uas. Boyle:

 

 “Chomh maith leis na comórtais spóirt atá le atoiseacht beidh na buaiteoirí ó mhí Eanáir, Feabhra agus cuid de Mhárta cheana féin san áireamh fosta.  Cheana féin i mí Mheithimh, bhí roinnt buanna sa mharcaíocht chapaill ag cúpla marcach as Dún na nGall.  Reáchtáladh na chéad Ghradaim Laochra Spóirt Dhún na nGall i mí na Samhna 1976.  Is é an Rás-Siúlóir Oilimpeach Brendan Boyce atá ina Phríomhbhuaiteoir faoi láthair.

 

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO