Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas Eanáir 2020 > Glantachán mór ag Christy Murray i Ráth Bhoth

04/09/20 Glantachán mór déanta i Ráth Bhoth ag an oibrí deonach Christy Murray

Christy Murray wood

Christy Murray (ar chlé) a rinne glantachán mór ar cheantar coillteach díreach lasmuigh de Ráth Bhoth.

 

Ba mhaith le Comhairle Contae Dhún na nGall aitheantas a thabhairt don obair iontach dheonach a rinne Christy Murray, fear áitiúil i Ráth Bhoth, a bhfuil glantachán mór ar siúl aige ó mhí Mhárta i mbliana.  Ghabh Christy Murray chuige féin obair mhór a dhéanamh le taobh an bhealaigh mhóir a ghlanadh ó bhruscar ar na bealtaí isteach go Ráth Bhoth.

 

Togra beag amháin ar leith a ghabh sé chuige ná an ceantar beag coillteach díreach taobh amuigh de Ráth Bhoth a ghlanadh.  Cuid den bhruscar agus den dramhaíl a baineadh ar shiúl ón áit seo, bhí sé ann ar feadh suas le 70 bliain.  An tseachtain seo, chinntigh Maor Bruscair, Aonad Taistil Bruscair agus Rannóg Bóithre na Comhairle gur baineadh ar shiúl ón suíomh an bruscar ar fad a bhailigh Christy le roinnt míonna anuas.  Bhí méid iomlán de 4 thonna de dhramhaíl, 347 mála bruscair, bailithe ag Christy le linn na tréimhse sin.

 

Christy Murray road

Christy Murray, a rinne a ghlantachán ollmhór féin go deonach ar thaobh an bhealaigh mhóir isteach go Ráth Bhoth.

 

Is dea-shampla de mheon flaithiúil na n-oibrithe deonacha ar rud an chontae gach lá é an meon pobail atá léirithe ag Christy agus é ag cur feabhais ar a cheantar féin don phobal i gcoitinne.   Ag an am seo, ba mhaith le Comhairle Contae Dhún na nGall buíochas a ghabháil leis an 5,500 oibrí deonach i gcoistí pobail agus i gCoistí Bailte Slachtmhara i nDún na nGall, a oibríonn gan stad i gcomhpháirt leis an Chomhairle agus muid ag iarraidh a chinntiú go bhfuil Dún na nGall ar an chontae is glaine agus is glaise in Éirinn.

 

Ba mhaith le Comhairle Contae Dhún na nGall iarraidh ar aon bhall den phobal a bhfuil eolas acu maidir le caitheamh bruscair nó gníomhartha mídhleathacha i dtaca le dramhaíl, scairt a chur ar 074 9153900 ó 9am go dtí 5pm Luan go Déardaoin agus 9am go dtí 4.30pm ar an Aoine.   Lena chois sin, taobh amuigh d’uaireanta oifige na Comhairle nó más mian le ball den phobal cás a chur in iúl díreach don Ghníomhaireacht um Chaomhantas Comhshaoil is féidir leo tuairisc a dhéanamh tríd an Líne Náisiúnta le haghaidh Gearáin Timpeallachta ar 1850 365121 nó tríd an aip ghutháin “See it? Say it?” de chuid an GCC.  Bíonn na seirbhísí seo ar fáil 24 uair sa lá.   Tá Comhairle Contae Dhún na nGall tiomanta chun gach tuairisc a fhaightear a fhiosrú.

 

Clean Roadside

Taobh an bhealaigh mhóir i ndiaidh an Ghlantacháin.

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO