Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas Eanáir 2020 > Foláireamh Stádas Oráiste

09/02/2020 Stoirm Chiara – Foláireamh Gaoithe Stádas Oráiste i bhfeidhm do Dhún na nGall amárach 10ú Feabhra

Tá an foláireamh gaoithe a d’eisigh Met Éireann do Chontae Dhún na nGall agus ceantracha cósta an Iarthair athruithe ó stádas buí go oráiste don tréimhse 6.r.n. go 8.i.n. Dé Luain 10ú Feabhra. Tá an foláireamh gaoithe stádas buí go fóill i bhfeidhm ón mheánlae Dé Domhnaigh 9ú Feabhra go dtí’n Meánlae Dé Luain 10ú Feabhra ach go bhfuil an stádas gaoithe athruithe ón 6 r.n. go 8 i.n. Dé Luain 10ú Feabhra. Níl athrú ar bith tagtha ar an fholáireamh sneachta agus seaca stádas buí atá le bheith i bhfeidhm ón mheánoíche Dé Domhnaigh 9ú Feabhra go meánoíche Dé Máirt 11ú Feabhra.

 

Tá Foireann Measúnachta Drochaimsire Chomhairle Contae Dhún na nGall i ndiaidh teacht i bhfeidhm ar Stoirm Chiara agus tá siad ag déanamh monatóireacht ghéar ar staid na haimsire sa chontae.

 

Iarrtar ar an phobal a bheith airdeallach mar go dtiocfadh le crainn a bheith tite agus smionagar a bheith caite. Tá seans ann go mbeidh dromchlaí faoi uisce mar gheall ar an bháisteach throm atá geallta agus mar sin, iarrtar ar úinéirí tí agus áititheoirí cinntiú nach bhfuil silteáin nó draenacha blocáilte.

 

Tá borrtha farraige suas le 1.0m agus rabhartaí geallta do Chósta an Iarthair go dtí’n Chéadaoin 12ú Feabhra. Iarrtar ar an phobal a bheith airdeallach má tá siad in aice an chósta. Tá Garda Cósta na hÉireann ag impí orthu siúd atá fá cheantracha cósta  ‘Fanacht siar, fanacht ar thalamh ard agus fanacht tirim’ .

 

 

Tá an Chomhairle ag iarraidh go mbeadh úinéirí tí agus áititheoirí a bhfuil cónaí orthu i gceantracha a bhfuil baol tuilte ann a bheith ar a n-aire i rith an ama.

 

Iarrtar ar thiománaithe a bheith cúramach agus iad ag taisteal le linn na drochaimsire agus a bheith airdeallach faoi rothaithe, coisithe, crainn tite nó smionagar. Iarrtar ar thiománaithe a bheith iontach faichilleach agus iad ag tiomáint sa tseachta agus sioc agus a bheith airdeallach faoi sioc dubh.

 

 

Tá baol ann go mbeidh áiteanna fágtha gan cumhacht aibhléise agus mar sin, iarrtar ar an phobal a bheith ullmhaithe dá leithéid agus súil a choinneáil ar aon duine aosta, ball teaghlaigh nó comharsa chun cinntiú go bhfuil siad té agus sabháilte. Ní chóir go rachadh an pobal gar do cháblaí leictreachais atá tite. Ba cheart go gcuirfeadh siad scairt ar an BSL.

 

 

Coinneoidh Foireann Measúnachta Drochaimsire Chomhairle Contae Dhún na nGall orthu leis an mhonatóireacht agus tá achan acmhainn dena cuid ullmhaithe agus réidh don stoirm atá le teacht.

 

 

Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an Chomhairle le linn gnáthuaireanta oibre ar 074 91 53900 agus taobh amuigh de ghnáthuaireanta oibre nó i gcás éigeandála, is féidir teagmháil a dhéanamh le Seirbhís Bóithre na Comhairle ar 074 91 72288. I gcás éigeandála agus briogáid dóiteáin de dhíth, cuir scairt ar 999 nó 112.

 

Is féidir an t-eolas is deireanaí maidir le staid na haimsire a fháil trí chlárú ar líne ag www.mapalerter.com/donegal. Seolfar meabhrúchán chugat más rud é go dtagann athrú ar bith ar chúrsaí aimsire. Beidh an t-eolas is deireanaí le fáil ar leathanach Facebook Chomhairle Contae Dhún na nGall agus ar Twitter @DonegalCouncil chomh maith.

 

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO