Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas Eanáir 2020 > Feachtas Leabharlainne

Feachtas Fógraíochta do Leabharlanna

Library 1

Tá rogha de 12 mhilliún rud ag baill leabharlainne, agus iad ar fáil saor in aisce ar iasacht. Agus níl ansin ach na leabhair – tá go leor eile ar fáil ar líne.

 

Tá feachtas fógraíochta ar bun faoi láthair chun iarraidh ar dhaoine spléachadh eile  a thabhairt ar a bhfuil le fáil sa leabharlann áitiúil.

 

Tá Seirbhís Leabharlainne Chontae Dhún na nGall agus na leabharlanna poiblí ar fud na tíre ag glacadh páirte san fheachtas, a bheas ar siúl go ceann na ceithre seachtaine amach romhainn, ar raidió, i bpictiúrlanna, ar TV ar éileamh, agus ar ardáin dhigiteacha agus shóisialta. Is é aidhm an fheachtais daoine ó gach aoisghrúpa a spreagadh le bheith ina mball den leabharlann agus í a úsáid.

 

Agus í ag caint fá dtaobh den fheachtas, dúirt Eileen Burgess, Leabharlannaí Contae agus Bainisteoir Rannán Cultúir le Comhairle Contae Dhún na nGall: “Na daoine a úsáideann an leabharlann go rialta, tá a fhios acu cé chomh hiontach agus atá sé. Ach tá daoine ann nach raibh istigh linn le tamall, agus daoine nach dtugann cuairt ar an leabharlann go rómhinic.

 

 “Ba mhaith linn gach duine teacht agus súil mhaith a chaitheamh ar a bhfuil sa leabharlann, le hamharc ar na seirbhísí breise sin nach raibh a fhios acu a bhí ann, agus tuilleadh eolais a fháil faoi na seirbhísí sin atá á dtairiscint againn, go huile is go hiomlán saor in aisce.”

 

Tá na leabharlanna agus leabharlannaithe iad féin chun tosaigh agus lárnach san fheachtas; na leabharlanna sin atá sna fógraí, is fíorleabharlanna iad, agus na daoine atá sna fógraí, is fíorleabharlannaithe iad – tabhair spléachadh le feiceáil an aithníonn tú duine ar bith!

 

Library 2

Ón bhliain 2016 tá baill leabharlainne in ann leabharthaí a phiocadh suas agus a fhágáil ar ais ag aon leabharlann phoiblí in Éirinn, rud atá foirfe do dhaoine atá ar shiúl don deireadh seachtaine nó do mhic léinn atá ar shiúl ón bhaile.

 

Is é Aonad Forbartha na Leabharlann in Áisíneacht Bainistíochta an Rialtais Áitiúil a chuir an feachtas fógraíochta i gceann a chéile, le tacaíocht ón Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail. Tá sé mar chuid de straitéis náisiúnta níos leithne chun úsáid na leabharlann in Éirinn a mhéadú. Faoi láthair, is baill leabharlainne iad thart fá 16% de dhaonra na hÉireann. Tá an straitéis “Ár Leabharlanna Poiblí” ag iarraidh sin a mhéadú go dtí 30% faoin bhliain 2022. 

Feachtas fógraíochta anseo

 

Fá choinne tuilleadh eolais ar a bhfuil ar fáil ó Sheirbhís Leabharlainne Chontae Dhún na nGall tabhair cuairt ar www.donegallibrary.ie , ar Twitter @Donegallibrary  agus ar Facebook @DonegalCountyLibrary

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO