Scéimeanna Deontais Atosaithe
Go dtí seo tá beagnach €15m de mhaoiniú íoctha le breis agus 2,300 gnólacht i nDún na nGall faoi na Scéimeanna Deontais Atosaithe. Próiseáladh breis agus 3,000 íocaíocht aonarach deontais ó tugadh isteach an tionscnamh i mí na Bealtaine 2020.
Cuirtear na deontais ar fáil chun cuidiú leis an chostas a bhaineann le gnólacht a athoscailt nó a choinneáil ag oibriú, agus le hiad a athcheangal le fostaithe agus le custaiméirí. Oibrítear amach na deontais ar bhonn dhliteanas Rátaí Tráchtála an ghnólachta don bhliain 2019. Mar sin féin, tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara go bhfuil gnólachtaí atá sna catagóirí seo a leanas, faoi réir ag critéir incháilithe eile, i dteideal cur isteach ar dheontas:
Tá an Scéim Breise um Atosú Gnólachtaí ar oscailt le haghaidh iarratas faoi láthair. Is é an 31 Deireadh Fómhair 2020 an dáta deiridh le hiarratais a fháil. Is é €25,000 an íocaíocht is mó is féidir a fháil agus is é €4,000 an íocaíocht is lú, bunaithe ar bhille Rátaí Tráchtála an ghnólachta in 2019. Na custaiméirí sin a fuair an chéad Deontas Atosaithe, tá siad i dteideal cur isteach ar an dara deontas, suas go dtí uasmhéid de luach iomlán na leibhéal deontais leasaithe is airde agus is ísle, curtha le chéile.
Is féidir le haon chomhlacht trádála tráchtála, atá ag feidhmiú ó ghnólacht inrátaithe tráchtála, iarratas a dhéanamh, faoi réir ag na coinníollacha seo a leanas:
Tá roinnt feachtais feasachta poiblí déanta ag Comhairle Contae Dhún na nGall le gnólachtaí a spreagadh chun cur isteach ar Dheontas Atosaithe. Ina measc seo, cuireadh fógraí seirbhís phoiblí ar an raidió agus ar na meáin shóisialta. Lena chois sin, eisíodh comhfhreagras scríofa chuig gach custaiméir Rátaí Tráchtála i mí Mheán Fómhair ag tabhairt eolais dóibh faoin scéim. Tá sé ríthábhachtach do na gnólachtaí sin nár chuir isteach ar an ‘Scéim Breise Deontais’ go fóill, sin a dhéanamh roimh an spriocdháta den 31 Deireadh Fómhair.
Deontais Bhreise
De bharr gur tugadh isteach srianta Leibhéal 3 (An Creat Náisiúnta chun Maireachtáil le Covid 19), tá tacaíochtaí breise deontais (Deontais Bhreise) tugtha isteach do ghnólachtaí i nDún na nGall. Tá na Deontais Bhreise bunaithe ar mhéid an deontais a íocadh le gnólacht faoin Scéim Breise um Atosú Gnólachtaí. Oibreofar amach na deontais agus íocfar iad go huathoibríoch; níl aon ghá le hiarratas a dhéanamh.
Tá Deontas Breise eile de 40% iníoctha le gnólachtaí i nDún na nGall a chuireann isteach ar an Scéim Bhreise um Atosú Gnólachtaí agus atá incháilithe di.
Tá 40% eile (80% san iomlán) iníoctha le ‘pubanna fliucha’ i nDún na nGall a chuireann isteach ar an Scéim Bhreise um Atosú Gnólachtaí agus atá incháilithe di.
Tá cuid de na deontais seo íoctha le gnólachtaí cheana féin. Tá a lán eile á bpróiseáil againn. Tá cuid mhór oibre bainte leis an tionscnamh seo agus tá an Chomhairle buíoch as foighid ár gcuid custaiméirí go dtí seo. Tá gach iarracht á dhéanamh an maoiniú seo a dháileadh chomh luath agus is féidir.
Scéim Tarscaoilte Rátaí 2020
Tá sé fógartha ag an rialtas go bhfuil síneadh curtha leis an Tarscaoileadh Rátaí Tráchtála do 2020 leis an tréimhse naoi mí suas go dtí mí na Nollag 2020 a chlúdach.
Beidh an chuid is mó de na gnólachtaí i nDún na nGall incháilithe don tarscaoileadh seo, a chuirfear i bhfeidhm go huathoibríoch ar a gcuid cuntas roimh dheireadh na bliana. Tosófar ar chomhfhreagras a eisiúint maidir leis seo le linn mhí Dheireadh Fómhair agus mhí na Samhna 2020.
Beidh gnólachtaí i dteideal aisíocaíochta (nó creidmheas chun tosaigh) má chruthaítear creidmheas ar a gcuntas Rátaí Tráchtála de bharr an tarscaoilte.
Dheimhnigh an rialtas pacáiste ar fiú €900m é leis na húdaráis áitiúla a chúiteamh le haghaidh teacht isteach Rátaí Tráchtála a cailleadh nuair a tugadh isteach an tarscaoileadh in 2020.
Lacáiste do Ghnólachtaí Beaga
Trí Scéim Lacáiste do Ghnólachtaí Beaga de chuid Chomhairle Contae Dhún na nGall tá gnólachtaí in ann lacáiste 7.5% a fháil (suas go dtí uasmhéid de €375) má íocann siad an dliteanas Rátaí Tráchtála san iomlán le linn na bliana. Tugtar an lacáiste i bhfoirm creidmheasa ar a gcuntas Rátaí Tráchtála an bhliain dar gcionn.
In 2019, fuair 2,273 custaiméir san iomlán an Lacáiste do Ghnólachtaí Beaga, ar chostas iomlán €443,654 do Chomhairle Contae Dhún na nGall.
Don bhliain 2020, tá síneadh ama, ón 31 Deireadh Fómhair go dtí an 30 Samhain, curtha leis an spriocdháta incháilithe faoin Scéim Lacáiste do Ghnólachtaí Beaga de chuid Chomhairle Contae Dhún na nGall. Ba chóir, dá bharr seo, go mbeadh méadú ar an líon gnólachtaí a bheas i dteideal an Lacáiste do Ghnólachtaí Beaga a fháil in 2020.
Gheobhaidh gach ceann de chustaiméirí na Comhairle litir sna seachtainí amach romhainn ina ndeimhneofar an méid atá le híoc má/agus nuair atá an Lacáiste Rátaí curtha i bhfeidhm. Má íocann tú an méid atá luaite roimh 30 Samhain beidh tú i dteideal an lacáiste 7.5% seo (suas go dtí uasmhéid de €375).
Tuilleadh Eolais
Tá tuilleadh eolais ar fáil anseo. Comhairlítear do ghnólachtaí dul i dteagmháil lena nOifigeach Bailithe Rátaí fá choinne tuilleadh eolais. Is féidir sonraí breise a fháil fosta trí dhul i dteagmháil le hIonad Teagmhála na Comhairle ar 074/9153900 nó ar [email protected].