Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas Eanáir 2020 > deontais feirme

Deontais chun foirgnimh thraidisiúnta feirme a chaomhnú

Trad Farm Houses

Foirgnimh feirme i gceantar Bhaile Suingean a bhain tairbhe as Scéim Deontais na bhFoirgneamh Traidisiúnta Feirme

 

Tá an Chomhairle Oidhreachta i gcomhar leis an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara ag cur maoiniú ar fáil chun foirgneamh traidisiúnta feirme agus struchtúir eile a chaomhnú faoiScéim Deontais na bhFoirgneamh Traidisiúnta Feirme. Tá an maoiniú ar fáil ar fud fad na tíre faoi Scéim Ghlas ar Bheagán Carbóin do Chomhshaol na Talmhaíochta (GLAS). Tá iarrachtaí ar bun acu chun cinntiú go gcaomhnófar foirgnimh thraidisiúnta feirme agus struchtúir eilie a chuireann go mór leis an tírdhreach agus a bhfuil tábhacht oidhreachta ag baint leo. Is féidir úsáid thalmhaíochta a bhaint astu ansin. Caithfidh na hiarratais don scéim a bheith istigh roimh an Mháirt Feabhra 18, 2020.

 

 

Tá Scéim Deontais na bhFoirgneamh Traidisiúnta i ndiaidh cuidiú le feirmeoirí foirgnimh thalmhaíochta faoin tuath a chaomhnú, a deir Joseph Gallagher, Oifigeach Oidhreachta Chonate Dhún na nGall. “Cé go mbíonn iomaíocht ghéar i gceist don scéim, tá roinnt foirgnimh feirme sa chontae i ndiaidh tairbhe a bhaint aisti le blianta beaga anuas. Cuireann an scéim ról na bhfeirmeoirí mar chaomhnóirí  tuaithe ina luí orainn. Chomh maith le haidhmeanna an scéim GLAS a chomhlíonadh, tugann Scéim Deontais na bhFoirgneamh Traidisiúnta an deis úsáid thalmhaíochta a bhaint as na foirgnimh, cuidíonn le gnéithe dár n-oidhreacht tuaithe a chaomhnú, gnéithe a chuireann go mór leis an tírdhreach réigiúnach agus a chuireann cuaiteoirí agus an pobal ar an eolas faoi na sean traidisiúin agus an stair áitiúil. Spreagann agus tacaíonn an scéim go mór le feirmeoirí tuaithe le cuid den obair dheisiúcháin a dhéanamh iad féin. Is foinse fostaíochta i gceantracha tuaithe í, go háirithe do chonraitheoirí áitiúla agus spreagann sé ceardaithe áitiúla leis an chleachtas caomhnaithe is fearr a fhoghlaim agus a chur i bhfeidhm.”

 

 

Is í aidhm na scéime ná cinntiú go gcuirfidh foirgnimh thraidisiúnta feirme leis an tírdhreach agus an oidhreacht agus go gcaomhnófar iad chun go mbeifear ábalta thalmhaíochta a bhaint astu. Tá an deontas ar fáil chun foirgnimh thraidisiúnta feirme a chaomhnú, díonta, ballaí, deisiúcháin struchtúrach, fuinneoga agus doirse ina measc. Beidh deontais ar fáil do struchtúir eile fosta ar nós dromchlaí clóis stairiúla agus gnéithe eile ar nós ballaí, piléir geataí agus geataí a chuireann leis an tírdhreach fosta. Le bheith incháilithe don scéim, caithfidh gné oidhreachta ailtireachta nó dúchasach a bheith ag na foirgnimh/struchtúir eile agus go bhfuil siad ag cuir go mór leis an áit ina bhfuil siad lonnaithe. 

 

 

Tá foirgnimh feirme éagsúla le fáil ar fheirmeacha na contae seo agus tá an chuid is mó acu incháilithe faoi Scéim Deontais na bhFoirgneamh Traidisiúnta Feirme. Thiocfadh le sciobóil a bheith curtha le tithe feirme ar fheirmeacha beaga in Iarthar na contae agus chuirfeadh seo le méid na bhfeirmeacha nó thiocfadh na sciobóil a thógáil thart ar an teach feirme. In Oirthear na contae, thiocfadh le réimse foirgnimh feirme a shocrú thart ar chlós.

 

Tá Scéim Deontais na bhFoirgneamh Traidisiúnta Feirme ar fáil d’fheirmeoirí a bhfuil (i) conradh GLAS acu leis an Roinn Talmhaíochta agus a fuair cead le bheith páirteach sa scéim GLAS agus (ii) gur leo féin nó go bhfuil siad ag gníomhú thar ceann úinéir an  fhoirgnimh/struchtúir eile ina bhfuiltear ag iarraidh maoiniú dó. Clúdóidh an deontas suas le 75% de chostas iomlán na n-oibreacha. Is féidir deontas de €4,000 suas go €25,000 a fháil. Tá an Chomhairle Oidhreachta ag súil go dtacóidh an scéim le 50-70 togra ar fud na tíre i 2020.

 

 

Caithfear na hiarratais do Scéim Deontais na bhFoirgneamh Traidisiúnta Feirme

a líonadh agus a sheoladh díreach sa phost chuig an Chomhairle Oidhreachta i gCill Channaigh chun go mbeidh siad ann roimh an Mháirt 18ú Feabhra 2020.

 

Tá tuilleadh eolais agus foirmeacha iarratais le fáil ón Chomhairle Oidhreachta i gCill Chainnigh trí scairt a chur ar (056) 777 0777. 

 

Is féidir foirmeacha iarratais a íoslódáil ó shúomh na Comhairle Oidhreachta ag www.heritagecouncil.ie 

 

Cuirfidh Oifig Oidhreachta Chontae Dhún na nGall, Comhairle Contae Dhún na nGall comhairle ar fáil d’iarrthóirí, níl agat ach teagmháil a dhéanamh leo ag (074) 917 2576.

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO