Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas Eanáir 2020 > Deireadh le Bearradh Fálta

26/02/20 Deireadh tagtha le séasúr bearradh fáil

Hedge cutting season

Fál sceach cois bóthair i mBaile Shuingean. Faoi Achtanna Fiadhúlra, cuirfear cosc ar bhearradh fáil ó dheireadh mhí Feabhra go deireadh mhí Lúnasa ach amháin ar chúiseanna a bhaineann le sláinte agus sábháilteachta an phobail.

 

Mar gheall gur bliain bhisigh í 2020, tá lá sa bhreis ag úinéirí lena bhfáil sceach a bhearradh sula dtagann deireadh le séasúr bhearradh fáil ar an 29ú Feabhra. Déanann suas le dhá thriain d’éanacha na hÉireann a gcuid neadacha sna fáil agus tugann na fáil sceach seo deis nádúrtha d’fhiadhúlra bogadh idir gnáthóga. Beidh cosc ar bhearradh fáil i bhfeidhm ó dheireadh mhí Feabhra go deireadh mhí Lúnasa. Tagann an méid seo faoi na hAchtanna Fiadhúlra, a n-aithníonn an tábhacht atá le fáil sceach agus fásra eile a chaomhnú chun go dtig le héanacha goir, ainmhithe eile agus plandaí úsáid a bhaint astu. Ní féidir oibreacha poiblí a chuirfeadh isteach ar na fáil sceach seo a dhéanamh le linn na tréimhse seo ach amháin ar chúiseanna a bhaineann le sláinte agus sábháilteachta an phobail.

 

“Tá ról lárnach ag fáil sceach i dtaca le cúrsaí fiadhúlra de agus cuireann siad go mór le tírdhreach an chontae,” a mhínigh Joseph Gallagher, Oifigeach Oidhreachta Chontae Dhún na nGall. “Cuireann fáil sceach agus fásra eile bia agus foscadh ar fáil d’fheithidí, éanacha agus ainmhithe eile. Aithníonn Comhairle Contae Dhún na nGall go gcaithfear na fáil sceach seo a choinneáil agus cur le caomhnú ár n-oidhreacht nádúrtha, dea-chleachtais feirmeoireachta agus cosaint a thabhairt d’áilleacht nádúrtha Chontae Dhún na nGall. Tá a fhios agam gur am dúshlánach é seo dár mbithéagsúlacht agus oidhreacht nádúrtha agus mar choiméadaithe tírdhreacha, tá sé ríthábhachtach go ndéanfar breathnóireacht ghéar sna míonna amach romhainn agus cosc á chur ar bhearradh fáil.”

 

Clúdaíonn fáil sceach timpeall 1.5% de thalamh na hÉireann agus de réir suirbhé a rinneadh faoi phlean Oidreachta an Chonate, tá 10,408 cilimáadar d’fháil sceach sa chontae. Is iad na speiceas fáil sceach is mó a fhaightear sa chontae seo ná fuinseog, sceach gheal, draighnean donn, feá, crann sníofa, saileach liath, aiteann, cainchín, fiúise agus pribhéad. Fuarthas amach ón suirbhé go bhfuil 7% d’fháil sceach ina iarsmaí nó dearóil agus go bhfuil a struchtúr caillte ag 40% d’fháil sceach, rud a chiallaíonn nach bhfuil siad oiriúnach dá ról, sé sin ag cur gnáthóga nádúrtha agus bacainní stocdhíonacha ar fáil d’éanacha, feithidí, ainmhithe agus plandaí.

 

Más mian leat tuilleadh eolais a fháil maidir le bainistíocht chuí na bhfál, caith súil ar leabhrán atá curtha le chéile ag an Chomhairle Oidhreachta ina bhfuil comhairle maidir le dea-chleachtais chaomhnaithe agus an dóigh le speiceas dúchasacha a chur. Tá cóipeanna den leabhrán darbh teideal Caomhnú Fálta le fáil saor in aisce ó Oifig OidhreachtaChontae Dhún na nGall ar (074) 917 2576 nó trí ríomhphost a sheoladh chuig [email protected]. Is féidir Suirbhé na bhFál Chontae Dhún na nGall a íoslódáil ó shuíomh idirlín Oifig Oidhreachta Chontae Dhún na nGall ag: www.donegalcoco.ie/heritage

 

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO